Ó bhí scaitheamh maith gréine againn i lár mhí na Bealtaine, tá bláthú tagtha ar a bhfuil ag fás go fiáin flúirseach mórthimpeall orainn.
Tá buntáistí go leor ag baint le bia fiáin, é séasúrach, áitiúil, sláintiúil, cothaitheach, saor agus thar a bheith blasta.
Ach caithfear a bheith in ann na blúiríní blasta i measc an duilliúir a aithint agus gan iad a loscadh mar a dhéanfadh aineolaí!
Chuige sin, d’iarr muid cúnamh ar bhanríon na cistine fiáine, Oonagh Ní Dhuibhir as an Leacht, Co. an Chláir, ar duine de na ceannródaithe í i ngluaiseacht an bhia fhiáin in Éirinn.
Idir bláth troim, síolta neantóige agus duilleoga drise, seo agaibh 5 chineál bia ar féidir linn iad a thóraíocht an samhradh seo.
1) Bláth troim (elderflower)
Tá bláthanna troim le feiceáil ar fud na háite faoi láthair sna sceacha, nó áit ar bith a bhfuil duilliúr ag fás go fiáin.
Is furasta na bláthanna cothroma buí a aithint, agus tá na duilleoga an-chosúil le duilleoga crann fuiseoige.
Samhlaíonn Oonagh an cumhrán milis a thagann ón bhláth troim le lá brothallach samhraidh in Éirinn.
Agus séasúr na ronnach linn, is maith léi bláthanna troim agus feamainn a úsáid chun ronnach leasaithe a dhéanamh.
Fág an ronnach suas le 48 uair an chloig clúdaithe le bláthanna troim agus feamainn; cuir greim siúcra, salainn agus piobair air fosta. Ní bheidh gá ar bith le cócaráil.
Is é an rud is simplí le hullmhú as bláthanna troim ná tae álainn. Níl le déanamh ach na bláthanna a fhágáil in uisce te.
Agus é lán maitheasa, moltar go mór an bláth céanna má tá slaghdán nó fliú ort.
2) Seamair (Clover)
Faightear seamair bhán agus chorcra i ngairdíní mórthimpeall na tíre.
Déanann seamair chorcra fínéagar fíorbhlasta. Níl le déanamh ach dornán nó dhó di a chur i bpróca glan folamh agus fínéagar geal a chaitheamh isteach ann.
Tá blas álainn bláthanna ón tae a dhéanann seamair bhán agus d’fhéadfá coirdial a ullmhú gan stró.
Cuireann Oonagh meascán de bhláthanna troim, seamair bhán agus airgead luachra isteach i gcrúiscín leis an mhéid céanna siúcra, agus líonann sí le huisce é.
Tar éis 24 uair an chloig, cuir an t-uisce ina raibh na bláthanna isteach i bpota leis féin agus é ar suanbhruith ar feadh 10 nóiméad.
Agus an coirdial fuar, beidh sé réidh le cur le huisce beo agus oighear. Blas an tsamhraidh!
3) Duilleoga Drise (blackberry leaves)
Bíonn an-tóir ar sméara dubha ach ní bhacann daoine leis na duilleoga de ghnáth. Más duine mór tae glas thú, cuirfidh tú an-dúil i dtae duilleoga drise.
Molann Oonagh lear mór acu a bhailiú agus iad a thromú ionas nach mbeidh ort pingin a chaitheamh ar thae luibhe i gcaitheamh na bliana.
Tá an tae céanna á dhíol i siopaí sláinte na tíre agus é ag teacht ó thíortha i gcéin.
Cén fáth nach ndéanaimis ár gcuid tae féin óna bhfuil sa ghairdín?
4) Síolta Neantóige (nettle seeds)
Níl aon mhaitheas sna duilleoga an t-am seo bliana ach tá na síolta a fhásann ar an phlanda aitheanta mar shárbhia.
Agus miotóga gairdín ort agus siosúr maith agat, beidh tú in ann an méid a líonfadh cúpla próca a bhailiú taobh istigh de chúpla nóiméad.
Déanann Oonagh na síolta neantóige a róstadh ar fhriochtán tirim agus cuireann sí iad i mbrachán/leite na maidine, in anraith nó i sailéid, nó d’fhéadfá iad a thógáil mar a bheadh piollaí ilvitimíní iontu!
5) Airgead luachra (meadowsweet)
Ní fada go mbeidh airgead luachra ag fás ar fud na háite. Foinse nádúrtha aspairín atá san airgead luachra, a théann i ngleic le slaghdán nó fliú.
Is breá le hOonagh an fíon a dhéantar as airgead luachra chomh maith.
Tá daoine ag déanamh a gcuid fíona féin leis na cianta agus tá cuid mhór físeán agus blaganna le fáil ar líne le treoir a thabhairt duit.
Is é an sprioc, a deir Oonagh, fíon de chineál éigin a bheith sa stór agat i gcaitheamh na bliana ionas nach mbíonn tú riamh gann.
Is maith an chomhairle í, cinnte!
Sínigh suas le haghaidh na nuachtlitreach Wild Kitchen agus faigh treoracha agus noda a chuideoidh leat tuilleadh bia fhiáin a tharraingt isteach i do chuid cócaireachta.