Fírinne na Sláinte

Is Saineolaí Sláinte agus Aclaíochta é Ainle Ó Cairealláin. Anseo roinneann sé cúig fhíric faoi chailliúint meáchan nár mhaith leat a chloisteáil.


Níl sé i gceist agam a bheith ar dhóigh ar bith maslach san alt seo, ach má tá am caite agat ag iarraidh meáchan a chailleadh gan toradh, seans go mbeidh sé deacair agat roinnt de na pointí a leanas a léamh.

1. An plean sé seachtaine sin? Cur. Amú. Ama.

Má tá tú ag iarraidh meáchan a chailleadh, tá gach seans ann gur ghlac sé tamall ort an meáchan sin a chur ort. Bliain, nó cúpla bliain b’fhéidir.

Tá sé mí-réadúil a bheith ag siúl le hathruithe móra ar do chorp. Bíodh sprioc agat 0.5-0.75 cileagram a chailleadh gach seachtain ar an mheán.

Beidh tú ábalta na spriocanna seo a chomhlíonadh go dtí go mbaineann tú amach an meáchan ceart, agus seachnóidh tú drochthionchar na n-aistí bia foircneacha ‘thuas seal thíos seal’ a thagann le socruithe gearrthréimhseacha.

2. An cúrsa aclaíochta sin atá agat ar fhístéip? Le do THOILL!

Ní leor damhsa beag 10 nóiméad uair nó dhó sa tseachtain fán seomra suí chun d’fhadhbanna meáchan a réiteach.

Don fhormhór, drochnósanna beatha is cúis leis an iomarca meáchan a iompar a bhaineann le caidreamh bia diúltach de ghnáth.

Thig leis na focail sin a bheith deacair le chloisteáil, ach 99% den am, tá siad fíor.

Tá cur chuige iomlán éagsúil ag teastáil chun do shláinte a chur ar bhealach a leasa.

Dófar roinnt calraí agus tú ag preabadh suas agus anuas ós comhair an bhosca teilifíse, ach níl ansin ach gné amháin den chlár cuimsitheach atá ag teastáil uait i bhfírinne.

3. Ní bheith tú ollmhór as bheith ag tógáil meáchan… beidh tú caol tanaí.

Nuair a thógann tú meáchain, fásann meatáin, agus dófar geir. Ní féidir le geir a iompú ina meatán. Tá sé do-dhéanta.

Is ionann é sin agus úll a iompú ina pheann, rud nach dtarlóidh a riamh go brách.

Más mian leat a bheith leat a bheith caol tanaí, caithfidh tú traenáil nirt a dhéanamh. Oh, agus má tá ailt sláintiúla, cnámha láidre, cothromaíocht, agus droim láidir uait, déanfaidh traenáil nirt é sin chomh maith.

4. Ní hea, níor bhain tú ‘triall as gach rud’ chun meáchan a chailleadh.

Tuigim cén fáth a gceapann daoine seo in amanna, ach glac comhairle uaim, níor thriail tú ‘gach rud’.

Bímse ag traenáil le daoine gach lá, agus bíonn dea-thoradh ar an traenáil sin gach uair, 100% den am.

Má fhanann tú le clár bia (atá simplí), agus an clár traenála (atá éifeachtach), agus má chloínn tú leis feicfidh tú féin na torthaí.

5. Na piollairí, na forlíonta cothaithe, na barraí a cheannaíonn tú… cur amú airgid.

Léigh Pointe #1 arís. Tá athrú iomlán de dhíth. Caithfidh tú do dhearcadh a athrú, dea-nósanna cothúcháin a fhoghlaim agus a chur i gcrích gach lá.

Cothaigh nósanna anois ar féidir leat cloí leo agus a leanúint fad do shaoil.

Is fearr i bhfad an oiread maitheasa a tharraingt ó ghnáth, fíor-bhia in áit bacadh le forlíonta cothaithe nach mbíonn gá againn leo.


Sea, tá sé chomh simplí sin, níl ann ach nach bhfuil sé déanta agat fós!
Faigh stampa poist, agus scríobh seo síos. Tá mé ag dul an rún a thabhairt duit a ligeann duit meáchan a chailleadh. Seo chugaibh ‘Fírinne na Sláinte’:

1. Ith fíor-bhia (glasraí agus feoil den chuid is mó)
2. Bí gníomhach ar bhealach amháin nó bealach eile ar feadh ar a laghad 45 nóiméad gach lá.
3. Déan traenáil nirt trí uair sa tseachtain.
4. Cibé rud a dhéanann tú, coinnigh leis ar feadh 16 seachtain.

Tá an t-am agat ithe go sláintiúil agus aclaíocht a dhéanamh.

Lig dom an ceann seo a chur ar bhealach eile duit. An bhfuil am agat a bheith ag fulaingt le diaibéiteas, nó obráid chroí a fháil, nó a bheith as anall gach uair a mbíonn ort dul suas roinnt céimeanna? Níl?! Níor shíl mé go mbeadh.

Bí gníomhach anois, díreach anois, agus aithneoidh tú féin na hathraithe láithreach. Beidh breis fuinnimh agat, beidh tú in ann smaoineamh níos soiléire, beidh fad saoil agat, agus bainfidh tú níos mó suilt as an saol atá agat.

Bíodh an t-alt beag seo ina ‘spreagadh chun gnímh’ duit. An nóiméad gur shocraigh tú seilbh a ghlacadh ar do shaol arís.

Gabh amach an doras agus cur tús láithreach leis, déan plean agus coinnigh leis.

Má tá tuilleadh leideanna sláinte agus aclaíochta uait, nó má tá tú ag iarraidh comhairle bhreise ó Ainle, tabhair cuairt ar www.aclai.ie

SCÉALTA EILE