Tá ár nósanna codlata againn ar fad ach tá fianaise eolaíoch ann go bhfuil roinnt nósanna níos fearr ná a chéile.
Deirtear mar shampla nár cheart aon ghléas ar nós glicghutháin ná táibléid a choinneáil in aice do leapa agus tú i do luí, agus gur chóir codladh i seomra atá iomlán dorcha chomh maith.
I ngan fhios do go leor, tá codladh gan éadaí i measc na gcleachtas is fearr agus tú ag iarraidh néal suaimhneach a fháil ag deireadh an lae.
Mar sin seo 4 chúis ar cheart duit dul a luí lom nocht anocht.
1. Beidh codladh níos fearr agat
Is minic sa saol gan stad, síor-cheangailte seo a bhíonn fadhbanna ag daoine codladh sámh a dhéanamh le linn na hoíche ar fad.
Ceann de na cúiseanna is mó le heasuan (insomnia) ná go mbíonn daoine ró-the sa leaba agus ní ligtear don cholainn a córas féinrialacháin teasa a chur ar obair.
Nuair a chodlaíonn tú nocht áfach rialaíonn do chorp a theocht féin agus is mó seans go bhfaighidh tú do sháith codlata ar feadh na hoíche.
Tá a fhios ag an saol mór a thábhachtaí is atá sé codladh ceart a dhéanamh agus tá a fhios agat anois cén áit ar chóir duit tosú: coinnigh na pitseámaí sin sa tarraiceán!
2. Coinneoidh tú bláth na hóige
Ní amháin go gcabhraíonn an teas ceart le caighdeán do chuid codlata ach cuidíonn sé le do chorp hormóin ar leith atá riachtanach don tsláinte a scaoileadh.
Spreagann meileatoinin, a scaoiltear sa dorchadas agus a íslíonn teocht do choirp, an hormón fáis leathnú amach agus do chuid cillíní a athghiniúint, rud a fhágann go mbeidh craiceann agus gruaig níos folláine agat.
Má chodlaíonn tú gan éadaí beidh do chorp in ann an próiseas seo a rialú mar is ceart agus mothóidh tú féin loinnir na hóige ar an taobh amuigh agus ar an taobh istigh.
3. Beidh tú níos sláintiúla
Is hormón é cortasól a mhéadaíonn strus agus leibhéal an cholaistéaróil i do chóras.
Nuair a chodlaíonn tú go maith laghdaítear an cortasól ach má tá tú ró-the nó má mhúsclaíonn tú an iomarca i rith na hoíche, fanann an cortasól ag leibhéal ard.
Codail nocht áfach agus beidh do chorp in ann an cortasól a choinneáil íseal agus cuideoidh sé leat galair a bhaineann le strus agus murtall (obesity) a sheachaint.
4. Bí réidh le haghaidh i bhfad níos mó leathair
Tá cuid mhór taighde déanta ar fud an domhain a léiríonn go mbíonn daoine a chodlaíonn nocht níos sásta lena saol grá.
Luíonn sé le ciall go spreagfadh sé tuilleadh collaíochta idir lánúnacha agus dá ghnéasúla an caidreamh is amhlaidh is áthasaí na leannáin.
Agus, mar is eol dúinn, de ghnáth bíonn tú píosa beag níos túirsí tar éis spraoi leapa, fíric eile a bheas ina cabhair agus tú ag iarraidh dul a chodladh!
Ar a bharr sin uilig nuair a mhothaíonn muid craiceann ár gcéile ar ár gcraiceann féin, ardaítear leibhéal na hocsatóicine sa chorp, hormón a laghdaíonn strus agus brú fola, a chothaíonn meon níos dearfaí, a spreagann trust idir daoine agus a dhéanann níos sásta muid.
Anois, an bhfuil fáth ar bith eile de dhíth ort chun na héadaí sin a bhaint díot anocht?