‘HIIT’ – maith nó olc?

Cloisim glór Meiriceánach ag scairteadh ón ríomhaire “dig deeper!”

Agus mé i mo luí ar urlár an tseomra suí, tá deoraí allais ag sileadh ó m’eadán, tá mo chroí ag preabadh ar ard-luas.

Mothaím lag agus tinn.

Éirím agus tosaím in athuair ar bhabhta ‘léim ghróigthe’, ‘brú aníos’ agus ‘suí aniar’.

Do dhuine ar bith ag féachaint isteach bheifeá den bharúil go bhfuil mé ar mire glan.

Ní bheadh siad i bhfad ón fhírinne.

Insanity Max 30’ atá ann, ceann de na cláir aclaíochta is rathúla le bliain anuas.

Más clár traenála baile atá uait a chothaíonn corp aclaí agus ‘torthaí nach bhfuil feicthe agat riamh taobh istigh de thréimhse ghairid’, seans maith go mbeifeá meallta aige.

Bhí mise.

Ní rud nua é go mbeadh nósanna úra aclaíochta ag teacht chun cinn.

Gach bliain bíonn rath ar chineál aclaíochta ar leith agus is í an Traenáil Eatramhach Ard-Déine, nó ‘HIIT (High Intensity Interval Training) mar is fearr aithne air, an faisean is déanaí i saol na haclaíochta.

Is éard atá i gceist le HIIT ná babhtaí traenála de dhian-aclaíocht a mhaireann tréimhsí ama ar leith (suas go ceithre nóiméad de ghnáth) fite fuaite le tréimhsí géarra d’íseal-déine.

Sin díreach atá i gceist le Insanity.

Go traidisiúnta, mná is mó a thug faoi chláir traenála baile den sórt seo.

Ach lena macasamhla Taylor Lautner (Twillight) agus Usher ag glacadh páirte i gclár Insanity, tá ag éirí le Shaun T idir mhná agus fhir a mhealladh i dtreo an mhodh an-dian aclaíochta seo.

Tá rí Insanity, Shaun T, ar fiú $10 milliún é, ar chlúdach tosaigh Men’s Health an mhí seo, comhartha eile go bhfuil fir ag cur spéise ann.

Ar chuid de na buntáistí a luaitear le HIIT tá ‘torthaí maithe’, ‘achar gairid ama’, ‘solúbthacht’, ‘clár simplí’ agus ‘costas íseal’.

Tá sin ar fad fíor, cé nach bhfuil a fhios agam fós faoi cad é atá i gceist leis na ‘torthaí maithe’.

60 lá, 30 nóiméad cúig lá den tseachtain ar feadh dhá mhí.

Níl le déanamh ach an pacáiste a cheannach ar líne agus an clár a leanúint go laethúil.

Tá plean bia déanta amach duit chomh maith, gné chomónta in aon chlár aclaíochta ach tá an clár seo éagsúil.

Tá pobal ar líne cothaithe ag Shaun T ar Facebook do lucht Insanity ina roinneann daoine eolas faoi cad é mar atá siad ag fáil ar aghaidh.

Gach lá, cuirtear físeáin le Shaun T in airde a mbíonn spreagadh saoil iontu, chomh maith le spreagadh aclaíochta.

Cé gur cosúil nach bhfuil aon stop le Insanity agus cláir eile den chineál seo, tá go leor cainte sa chúlra faoi na míbhuntáistí agus an chontúirt a bhaineann leo.

Go háirithe le dhá bhliain anuas, ónár bhuail stróc craoltóir an BBC, Andrew Marr, i ndiaidh dó seisiúin HIIT a dhéanamh sa ghiom agus a d’fhág faoi mhí-chumas é.

Aontaím le cuid mhaith den méid atá ráite. Tá ‘HIIT’ dian ar an chorp, ar na cnámha agus ar an croí. Is mó seans a bhfaighfeá gortú le HIIT i gcomparáid le cineálacha aclaíochta eile.

Ní dóigh liom go gcothaíonn sé dearcadh sláintiúil i leith na haclaíochta san fhadtréimhse ach oiread.

Sin ráite, le coicís bainte amach agam den dúshlán 60 lá, tá mé chun leanúint leis.

Tá rud éigin sasúil faoi chlár a leanúint, sprioc a bhaint amach agus caithfidh mé fáil amach an bhfuil aon bhunús leis na ‘torthaí maithe’ seo.

SCÉALTA EILE