In ómós don Mooncup
Soitheach beag socair chun tú a shlánú

Bhí tonn mhíosta uafásach agam an tseachtain seo.

An cineál sin toinne a leagfadh de mo chosa mé fad an deireadh seachtaine.

Bhí sé beartaithe agam dul agus beagán badmantain a imirt, agus ansin dul le haghaidh deoch nó trí.

Ach ní raibh mé ábalta aon rud a dhéanamh ach suí nó codladh ar an tolg le buidéal te agus seaclaid the.

Ní droch-Bridget Jones atá anseo le Chaka Khan ag seinnt sa chúlra dála an scéil, ach saol míosúil na mban.

Bhuel, cuid againn ar aon nós.

Mar is gnách, ní bhíonn aon rogha agam ach coinneáil orm leis an ghnáthshaol oibre go dtí scíste an deireadh seachtaine.

Ach faoin am sin, ní bhíonn maitheas ar bith liom.

Seachas barra seacláide agus maratón ‘chick-flick’ cad is féidir le bean nua-aimseartha a dhéanamh le beagán smachta a fháil ar ais ar a corp?

Bhuel a chairde, i measc bhándeirge Always agus Tampax, d’aimsigh mé rud éigin iontach – an Mooncup.

Faoi dheireadh tá smacht áirithe agam ar an rud dosmachtaithe seo.

Bhí rud beag ar eolas agam faoin Mooncup sula bhfaca mé í an lá úd i mBoots an Òbain.

Ach, níor chreid mé go mbeadh sí compordach, éasca le cur isteach nó, an rud is tábhachtaí, glan.

B’fhéidir nach gcreidfeadh sibh seo ach is féidir leis an Mooncup rud ar bith a dhéanamh.

Tá sí diabhalta compordach, níl ort í a athrú ach uair sa lá agus beidh an nóinín agat chomh húr is a bhí sí riamh.

Ní hamháin seo, ach más bean chruthaitheach atá ionat thig leat do chuid fola a bhailiú agus pictiúr deas a phéinteáil!

Ní mór a rá, a chailíní, go mbeidh oraibh aithne mhaith a chur ar bhur bpuisíní.

Tapaígí an deis!

Le cois na mbuanna seo tá an Mooncup i bhfad níos fearr don timpeallacht.

An raibh sé ar eolas agaibh go n-úsáideann an gnáthbhean níos mó ná 11,000 táirge sláintíochta ina saol?

Chomh maith leis sin, cuirtear 45 billiún acu sa bhruscar gach bliain.

Ní duine iontach ‘glas’ mé ach caithfidh mé a admháil gur maith liom na cearta maímh ar aon nós.

Tá an Mooncup ag athrú an tsaoil againn.

I measc scéalta faoin ‘Tampon Tax’ agus an ‘Homeless Period’, tá an Mooncup ag tabhairt dóchais don deargmhíostrú.

Tá deis againn stop a chur le cumhacht na n-ollchomhlachtaí móra atá ag saothrú airgead mór as ár gcruatan.

Níl ort ach Mooncup amháin a fháil agus beidh tú réidh don chéad 10 mbliana eile.

Uaireanta bím ag mothú caillte i measc na dtonnta a bhíonn ag teacht agus ag imeacht go míosúil.

Ach, tá soitheach beag socair faighte agam anois.

Faighigí soitheach beag daoibh féin agus glacaigí smacht ar bhur dtonn mhíosta.


Foilsíodh leagan den alt seo san iris iontach Albanach Dàna cheana.