Ag Cothú na hÓige

Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine in Éirinn agus sa chuid iathair den domhan a chleachtaíonn ióga ar bhonn rialta le fiche bliain anuas.

Braithnítear ar an ióga mar mhodh chun do scíth a ligint, ach ag an am céanna chun cur le do chumas fisiciúlachta.

Ach mar sin féin tá íomhá de mhná meánaosta ag caitheamh spandex fós coitianta i measc an phobail in ainneoin gur fir iad na hiógaithe mór le rá ar fad san Ind, an áit as ar eascair an disciplín. Le blianta beag anuas, áfach, tá íomhá nua ag teacht chun tosaigh.

Is é sin íomhá fhearúil do lúthchleasaithe clúiteacha ar fud na cruinne a mhaíonn go gcuireann ióga lena gcumas aclaíochta agus lena saol ré mar lúthchleasaithe proifisiúnta.

Ach níos tábhachtaí fós do chúrsaí meabhair sláinte na tíre seo, tá ióga ag éirí níos coitianta i measc an aosa óig.

Tá níos mó scoileanna na riamh ag cur ióga ar fáil dá gcuid scoláirí i ngeall ar na buntáistí intinne agus fiseolaíocha a bhaineann le cleachtadh rialta.

É sin ráite is cúrsaí gearrthéarmacha den chuid is mó a bhíonn i gceist le lucht na hidirbhliana agus ní mar chuid de churaclam nó éiteas na scoile.

Go hidirnáisiúnta, tá ardú nach beag tágtha ar líon na scoileanna sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip atá tar éis ióga a shní isteach i saol laethúil na scoile.

Tuairiscítear arís is arís eile dul chun cinn cognaíoch agus aigneolaíoch na scoláirí agus an leibhéal sásachta i measc fhoireann na scoile féin.

Trí chúis gur cheart do dhaoine óga ióga a dhéanamh ar bhonn rialta: Tá poitéinseal mór ag an ióga chun dul i bhfeidhm ar iompar agus nósanna gnáthscoláirí agus scoláirí le riachtanais spéisialta araon.

1. Bata agus bóthar don bhuairt agus imní

Tá neart teicnící análaithe ann sa ióga a chabhraíonn le scoláirí fócas a choinneáil sa seomra ranga agus agus iad ag foghlaim, agus sa bhaile agus iad ag staidéar.

Nuair a bhíonn scoláirí ag tabhairt faoi scrúduithe agus measúnuithe rialta is féidir le fuinneamh neirbhíseach cur isteach ar a gcumas chun ullmhú go héifeachtach.

Cabhraíonn ióga go mór chun smacht agus cothromaíocht a choinneáil ar chóras na néaróg agus tugtar an bata agus an bóthar don bhuairt agus don imní dá bharr.

2. Strus a aithint agus a laghdú

Cruthaítear cortisol sa chorp nuair a bhíonn an corp an-ghníomhach nó faoi strus. Ní amháin go mbíonn daoine óga faoi bhrú acadúil ach tagann siad faoi bhrú mór ó chairde, ó chlann agus ón tsochaí go ginéarlta chun a saoil a chaitheamh ar bhealach nach luíonn lena bpearsantachtaí go minic.

Is féidir le strus praiseach cheart a dhéanamh den chorp agus den mheabhairshláinte. Cabhraíonn ióga chun an leibhéal cortisol sa chorp a rialú chun tú féin a shuaimhniú. Is iomaí galar gur féidir cur ó dhoras trí smacht a choinneáil ar an strus.

3. Forbairt fhisiciúil

Is féidir le daoine óga nach bhfuil spéis acu san iomaíocht ghéar a bhaineann le spóirt cuid mhór de na buntáistí céanna agus níos mó a fháil ón ióga. Aithnítear feasacht coirp agus cothromaíocht ar na buntáistí is mó.

Dar ndóigh is féidir le cleachtadh rialta ióga a bheith mar bhuntáiste do dhaoine óga a imríonn spóirt freisin. Aithnítear solúbthacht agus smacht intinne ar na buntáistí is mó.

Tagann laghdú ar an mbaol gortuithe atá ann le corp atá níos solúbtha agus níos cothromaí agus bíonn dlús níos mó lena gcuid imeartha dá bharr.

Cuireann Óga Yoga cúrsaí ióga as gaeilge ar fáil d’institiúidí oideachais, foirne spóirt agus eagraíochta pobail. Tá sonraí breise ar www.oga-yoga.ie agus ar Facebook, Óga Yóga.

SCÉALTA EILE