Ióga le Jenny Ní Ruiséil beo ar Instagram NÓS Dé hAoine

Beidh Jenny Ní Ruiséil, múinteoir ióga as Baile Átha Cliath, ag tabhairt rang ióga beo ar chuntas Instagram NÓS maidin Dé hAoine ag 9.30. 

“Tá sé nádúrtha a bheith beagáinín imníoch i láthair na huaire — níl mórán cinnteachta ná suaimhnis le brath taobh amuigh ná ar na meáin. Agus an chuid is mó againn greamaithe taobh istigh, bíonn sé deacair do chuid sláinte, fisiciúil agus intinne, a choinneáil socair. 

“Mar sin, tá mé ag súil le rang íoga agus midheamhna  a chur ar fáil daoibh ar Instagram NÓS an Aoine beag seo — uilig trí mheán na Gaeilge. Múinteoirí, scoláirí, oibrithe oifige nó éinne atá ag mothú níos imníche ná mar is gnáth, beidh fáilte romhaibh uilig,” a dúirt Jenny. 

Is san ióga traidisiúnta Haṭha Tantrach agus san ióga Yin atá saineolas Jenny, atá tar éis roinnt ama a chaitheamh san Indinéis ag staidéar agus ag cleachtadh an traidisiúin ársa seo. Tá sí an-phaiseanta faoin ióga agus faoin midheamhain agus creideann sí go láidir iontu mar uirlis chun na sláinte intinne agus na sláinte fisiciúla a bhainistiú “le go dtuigfidh daoine a gcumhacht agus a luach féin, chomh maith lena a gcumas cruthaitheachta a chothú”. 

Tá an t-ádh ar léitheoirí NÓS múinteoir chomh cumasach le Jenny a bheith linn agus tá muid ag súil go mór leis an rang Dé hAoine! 

SCÉALTA EILE