Tá drocham faighte ag an fhéasóg bhocht le fada an lá ach is cosúil nach í is measa!
Tháinig fianaise chun cinn ar na mallaibh a léiríonn nach bhfuil an aghaidh ghlanbhearrtha ar an rogha is glaine.
Tuigtear ón taighde, a bhí bunaithe ar iniúchadh a reáchtáil an BBC, go bhfuil bunús antaibheathaigh ag na miocróib a fhásann ar fhéasóga, a bhfuil de chumas acu baictéir a mharú agus galair a sheachaint.
Bhí go leor cur agus cúiteamh faoi cé acu is sláintiúla thar na blianta agus caitheamh a lán amhrais ar dhaidithe, ar uncailí agus ar chomharsana na bhféasóg.
Cuimhníonn gach duine a léigh The Twits ar an íomhá scanrúil a cothaíodh den fhear gruagach Mr Twit.
“Greamaíonn rudaí d’fhéasóga”, a dúradh linn sa leabhar, “go háirithe bia, le go mbeadh fáil i gcónaí ag Mr Twit ar bhlúirín beag blasta nuair a théadh a theanga á lorg san fhásach ghruagach mórthimpeall ar a bhéal.”
Ba dheacair dearmad a dhéanamh air.
In 2005, tharraing taighde eolaíoch tuilleadh míchlú ar an fhéasóg bhocht nuair a rinneadh maipíneacht ar roinnt féasóg agus a chonacthas go raibh baictéir ann ar an chineál chéanna a fhaightear i samplaí d’fhaecas.
Le gach taighde, a scéal féin is cosúil, ach faoi láthair is féidir a rá gur fearr fear na féasóige!