An rud ba mhó a chuir iontas orm le seachtain ná gur cuireadh iontas ar dhaoine faoin méid a bhí le rá ag Brian O’Driscoll faoi phianmhúcháin. Tá sé ag tarlú le fada an lá, agus ní sa rugbaí amháin.
Labhair O’Driscoll faoi caitheamh siar Difene agus Co-Codamol roimh cluichí, in iarracht fanacht ar an bpáirc imeartha in ainneoin pianta agus greamaithe.
Thóg sé chomh minic sin iad, go raibh sé beagnach ina nós aige cúpla ceann a shlogadh sular séideadh an fheadóg. Agus má bhí Brian O’Driscoll á dtógáil, bí cinnte go raibh go leor eile, agus bí cinnte freisin go bhfuil imreoirí amaitéarach ag déanamh an ruda chéanna.
Ach, is minic, go bhfuil gnáth-imreoirí á dhéanamh gan comhairle an dochtúra. Is dóigh nach bhfeiceann muid mórán contúirte i dtógáil na bpianmhúcháin mar gur ón dochtúir teaghlaigh a thagann siad, de ghnáth. Nó ó bhosca sa gcófra, a bhí curtha i dtaisce ag duine éigin ón uair a bhí corr ina ndroim.
I chuile choirnéal, i chuile theach sa tír tá boscaí, piollairí, Difene, Nurofen, Panadol, leigheas do chuile phian. Níl sé de nós againn ach an oiread an páipéirín beag a bhíonn sa mbosca a léamh, níl ann ach iad a slogadh.
Labhair O’Driscoll faoi imreoirí ag tógáil ábhar le codladh a chur orthu, in iarracht gníomhú in aghaidh caiféin a bhí ólta acu. Ansin lá arna mhárach, tuilleadh Difene síos sa mbolg atá á ídiú.
Ar a laghad bhí dochtúir acu a bhí in ann súil a choinneáil orthu. Ón laghad taithí leighis atá faighte agam go dtí seo, ó thosaigh mé ag staidéar, tá sé soiléir go bhfuil go leor, leor againn ag braith an iomarca ar phiollairí dleathacha, nó á dtógáil ar bhealach nach bhfuil go maith dúinn.
Tá an t-ábhar thuas luaite in ann fíor-dhrochbhail a chuir ar mbolg. Tá míonna caite ag léachtóirí agus dochtúirí ag iarraidh an méid seo a chuir ina luí orainn mar is gearr go dtiocfaidh an lá gur muidne a bheidh ag scríobh na n-oideas.
Ní diabhal suntais anois é fear óg dul ag an ospidéal go tobann ina imní, de bharr fuil dhearg a bheidh á cur amach aige. Go minic, bíonn sé ag imirt spóirt, gortaítear é agus tógann sé Difene. Déantar neamhaird ar chomhairle an dochtúra a deireann ceann nó péire a thógáil chuile lá, agus tógtar ceithre cinn, nó ní ó dhochtúir a tháinig siad ar chor ar bith ach ó chara a cheap go raibh siad iontach.
Tá líneáil an bhoilg an-ghoilliúnach, agus tá Difene in ann é a chniogadh go héasca, gan choinne. Tá gnáthdhaoine, atá an-chosúil liomsa agus leatsa, atá chomh tógtha ag cóidín go bhfuil bosca iobúpróifein cangailte acu chuile lá. Samhlaigh céard atá sé sin in ann a dhéanamh leis an mbolg agus leis an ae.
Tá na mílte ag fáil bháis i ndiaidh dóibh an iomarca drugaí, atá dleathach, a thógáil sna Stáit Aontaithe, agus tá dul amú orainn má tá muid ag ceapadh nach bhfuil an rud céanna ag tarlú anseo. Tá drugaí a thógtar ordú dochtúra ag cothú an méid céanna fadhbanna agus drugaí mídhleathacha. Smaoinigh ar sin an chéad uair eile atá tú chun piollaire a thógáil, ar fhaitíos, go mbeadh pian ort.