Cé go bhfuil cannabas á úsáid i gcúrsaí cúram sláinte i gcultúir éagsúla leis na mílte bliain, d’fhéadfá a rá gur fadálach atá muidne in iarthar an domhain luach an phlanda bhig ghlais a thuiscint.
Agus é dleathach anois raithneach a úsáid i roinnt tíortha i gcúrsaí leighis, tá an druga á fhorbairt le dul i ngleic le tinnis agus le siomptóim éagsúla.
Den chéad uair, tá táirge ar an mhargadh atá dírithe ar mhná atá ar a gcúrsaí.
Díríonn na súitíní (tampons) speisialta raithní ar phian agus ar chrampaí míosta (menstrual) a laghdú.
Is é an comhlacht nuálach Foria Relief in California atá taobh thiar den táirge.
Seo an comhlacht céanna a d’fhorbair bealadh raithní dírithe ar mhná.
Maíonn Foria Relief go dtugann capsúl, a chuirtear díreach isteach san fhaighin mar a bheadh súitín ann, faoiseamh ó phian agus ó chrampaí míosta.
Tá trí chomhábhar i ngach capsúl: im cócó orgánach, ola THC agus aonráit (isolate) CBD.
Deir siad go dtéann an meascán de THC (teitrihidreacannaibionól) agus CBD (cannaibi-dé-ól), an dá phríomhábhar a fhaightear i raithneach, i bhfeidhm ar ghabhadóirí thart ar an pheilbheas chun an phian a laghdú.
Leigheas nádúrtha is ea é, dar le Foria, atá in úsáid le fada an lá ag cultúir éagsúla le dul i ngleic leis na siomptóim a shamhlaítear leis an mhíostrú.
Tá sé de rún acu airíonna cumhachta leighis na luibhe a cheapadh agus a chur ar fáil, agus “teicnící nua-aimseartha a úsáid le táirge glan, neartmhar a dhéanamh atá sábháilte do gach bean”.