Litir ó thír atá ag súil le bheith ‘saor ó thobac’ faoi 2025

Dá dtabharfá le fios dom bliain ó shin go mbeinn ag scríobh an dara halt as Gaeilge faoin gcaitheamh drugaí in Aotearoa (an Nua-Shéalainn), déarfainn go mbeifeá as do mheabhair. Ach sin é mar atá sé, agus b’fhéidir gur léigh tú an t-alt faoin reifreann a bhí againn tamaillín ó shin maidir le cannabas dleathach (theip ar an rún sin faraor, agus beimid ag fanacht go ceann bliana ar a laghad go dtí go bhfeicfimid cad a dhéanfaidh an rialtas anois). 

Agus táim ar ais libh arís, ach ag scríobh faoin tobac an uair seo. Bhí tuairisc i gcuid de na nuachtáin idirnáisiúnta an tseachtain seo caite inar tugadh le fios go mbeadh Aotearoa “saor ó thobac” roimh 2025, agus níos suntasaí fós, nach dtabharfaí cead do dhaoine a rugadh as 2004 ar aghaidh tobac a cheannach go deo. Tá níos mó sa scéal ná mar a bhí sna ceannlínte, go deimhin, ach is athrú meoin an-mhór é i dtír ina dtugtaí an teideal  “smoko” ar an sos beag maidine sna hoifigí (agus roinnt scoileanna!) go dtí le déanaí.

Is fiú súil a chaitheamh ar na figiúirí ar dtús. Tá laghdú maith tagtha ar an gcéatadán a bhíonn ag caitheamh tobac go laethúil le fiche bliain anuas, ó 19% de dhaoine fásta in 2005 go 12% i 2020. Ach is léir nach dtugtar an t-eolas go léir dúinn sa bunfhigiúr sin. 

Níl ach 3% de dhéagóirí idir cúig bliana déag agus seacht mbliana déag d’aois ina gcaiteoirí laethúla tobac. Is rud seanfhaiseanta anois é, a bhaineann le daoine meánaosta. Agus cosúil le beagnach gach aon ábhar sláinte sa tír, tá deighilt uafásach idir daoine saibhre agus daoine bochta, agus idir Pākeha agus Māori. Caitheann 29% den phobal fásta Māori tobac gach lá, figiúr atá laghdaithe chomh maith ach a chuir dualgas ar an rialtas a straitéis a athrú.

In 2010 chuir an rialtas plean ‘Shaor ó Thobac in 2025’ i bhfeidhm, chun sprioc uaillmhianach a chur os comhair an phobail. Go deimhin, cáineadh ag an am é (conas is féidir linn 0% a bhaint amach?!) ach nuair a fhéachtar go grinn ar an bplean, ní rabhthas ach ag rá go mbeadh líon na gcaiteoirí níos lú ná 5% i ngach grúpa sa tsochaí. Toisc go bhfuilimid gar go leor den sprioc sin anois, tá athbhreithniú á dhéanamh acu air ionas go mbeimid in ann an chuid dheireanach a chur i gcrích. Foilsíodh cáipéis chomhairliúcháin an tseachtain seo caite agus is sa cháipéis sin a bhí na moltaí a tharraing an aird sin ó na meáin idirnáisiúnta.

Níl i gcuid mhaith de na moltaí ach an méid a bhí á dhéanamh cheana féin a dhéanamh i slite níos déine — ceadúnas speisialta a bheith ag gach siopa ina dhíoltar tobac, ach iad a bheith i bhfad níos casta a fháil, agus tobac a bhaint amach as na ‘dairies‘ (na nuachtánaithe agus siopaí beaga áitiúla).

Faoi dheireadh ní bheidh tobac le fáil ach i gcorrshiopa speisialta. Cuirfear tús le heagraíocht nua Māori a bheidh lárnach sa straitéis amach anseo, rud ba cheart a bheith déanta blianta ó shin. Cuirfear deireadh le scagairí, rud a úsáideann na comhlachtaí lofa tobac chun cur i gcéill dúinn go bhfuil siad ag cosaint sláinte caiteoirí (níl aon fhianaise go dtugann scagairí cosaint ar bith), agus de bharr an truaillithe phlaistigh a bhfuil siad freagrach as. Moltaí stuama ar ndóigh, ach ba mholadh eile a bhí sna ceannlínte — nach mbeadh cead ag éinne a rugadh sa bhliain 2004 nó níos déanaí tobac a cheannach go deo. 

Is í an aidhm atá leis seo go mbeidh cohórt ann nach bhfaighidh blas an tobac in aon chor agus nach mbeidh orthu éirí as mar sin. Níl me cinnte an mbeadh sé dleathúil ó thaobh cothromaíochta de — bheadh cead ag duine a rugadh ceithre uair is fichid níos luaithe a rogha rud a dhéanamh agus ní bheadh agatsa? Ach tharraing an rún seo aird an phobail ar an bpróiseas comhairliúcháin agus chuir sé an scéal ar príomhleathanaigh na nuachtán agus is dóigh liom go raibh an rialtas ag súil leis sin.

Tá amhras orm go dtarlóidh sé agus is cuma ar aon nós — tá an méid caiteoirí sa ghrúpa sin chomh híseal cheana féin nach gcuirfidh sé isteach ná amach ar an bpríomhráta.

Caithfidh mé dhá rud a lua anseo chomh maith. De bharr iargúltacht na tíre anseo tá sé fíordheacair toitíní a iompórtáil, go dleathach no go mídhleathach agus is léir nach bhfuil an t-airgead ann chun coirpigh a mhealladh. 

Agus ní bheidh an nicitín díothaithe go huile is go hiomlán — tá fás mór tagtha ar úsáid na dtoitíní leictreonacha le tamall anois, agus bíonn daoine le feiscint ag vápáil níos minice ná mar a bhíonn sé ag tarraingt ar ghnáthtoitíní. Tá sé seo tugtha faoi dheara ag na comhlachtaí móra tobac a chruthaigh an t-éileamh air i measc daoine óga. Is léir go bhfuil an rialtas den tuairim nach ndéanfaidh sé an méid dochair agus a dhéanann toitíní, agus cé go bhfuil siad ag cur smachta anois ar na siopaí vápála, tá siad sásta daoine a chur sa treo sin in ionad tobac.

Agus mar fhocal scoir, ní raibh Aotearoa in ann an méid seo a bhaint amach agus a bheith in ann labhairt fiú faoi thír “shaor ó thobac” gan deireadh a chur leis an gcumhacht a bhí ag na comhlachtaí tobac agus a gcuid bréagadóireachta, caimiléireachta agus moilleadóireachata sa phróiseas chomhairliúchán. 

Tharla sé seo diaidh ar ndiaidh le scór blianta anuas agus níl sé críochnaithe go hiomlán fós (bhí an National Party, páirtí an fhreasúra faoi láthair, sásta suíochán sábháilte sa rialtas a thabhairt do bheirt a bhí ag obair i gcomhlacht tobac in 2014). Samhlaigh anois go ndéanfaimis an rud céanna le fadhbanna cosúil leis an athrú aeráide. An ceart go dtugtar cead do na daoine agus na heagraíochtaí atá freagrach as fadhb an réiteach ar an bhfadhb a lot?

SCÉALTA EILE