Machnamh ar 10 mBliana mar Fhear Bolg

‘Ar bhealach tá an t-ádh ort,’ a dúirt an dochtúir. Níor chreideas é.

Le blianta anuas d’fhulaingíos le drólainníteas othrasaithe (ulcerative colitis) – cath fuilteach idir mo phutóga agus mo chóras imdhíonachta – ach shíleas go raibh smacht agam air ansin, agus mé ar tí dul go California le staidéar ann ar feadh seimeastair. Ach bhí dul amú orm; bhíodar théis teacht ar dhiospláise ardchéime, nó carcinoma in situ, áit a mbíodh an t-athlasadh is measa ón drólainníteas. Bhíodar ag moladh mo dhrólann a bhaint díom ina hiomláine, agus le críoch nua a chur le mo chóras díleá chuirfeadh siad cuid de mo stéig bheag – an stóma – ag gobadh amach in aice m’imleacáin. Ghreamófaí mála thart ar an stóma ansin, a bheadh orm a fholmhú agus a mhalartú go rialta. Chuimhníos ar Fhir Bholg na bhfinscéalta, a bhíodh málaí á n-iompar acu i gcónaí.

‘Tá an t-ádh ort gur thángamar air chomh luath seo,’ a dúradh liom. Bhí ciall leis seo; dár ndóigh níor theastaigh uaim go bhforbródh ailse ionam. Ach le haisling California ag éalú uaim go gasta, ba dheacair dom é sin a chreidiúint.

Ba dheacra fós é sna seachtainí agus míonna a lean. Bhí an-chuid le dul i dtaithí air chun déileáil le stóma: bealach nua le dul chuig an leithreas, trealamh agus teicnící leis an mála a mhalartú mar is ceart ionas nach sceithfí uaidh, aiste nua bia agus dí le cinntiú nár éiríos díhiodráitithe (is é ionsú uisce príomhról na drólainne). Tháinig fadhbanna eile chun cinn thar na blianta freisin. Bhíodh an stóma ceaptha a bheith sealadach i dtosach, ach theip ar an obráid é a chur ar ais, agus rinneadh rud buan as. Bhuail ionfhabhtú fíochmhar ansin mé a d’éiligh tuilleadh obráidí, agus tá gortú orm fós nach bhfuil cneasaithe.

Cé is moite de sin, agus é 10 mbliana cothrom na mí seo ón chéad obráid, feicim bealaí faoi leith go bhfuil an t-ádh liom. Bhí mo thuismitheoirí mar chrainn thaca agam i gcónaí, ag cabhrú liom dul i ngleic le gach rud agus mé fós lag agus spíonta. Ní thiocfainn tríd murach iad, agus táim an-bhuíoch astu. Bhí cairde maithe ón ollscoil liom ag an am freisin, a bhí sásta i gcónaí greann a dhéanamh liom faoin gcás ar fad, a chabhraigh go mór liom normalú a dhéanamh air. D’éirigh cúrsaí chomh normálta sin go ndéanann an-chuid díothú dearmad go rialta gurbh ann don stóma.

B’in rud nár shamhlaíos, go bhféadfaí neamhaird a thabhairt air. Rinne an stóma an-dochar do m’fhéiníomhá, agus bhíos buartha faoin gcaoi a gcaithfeadh daoine le mo chruth nua. Cuimhnítear gur i lár ré na léinte agus jíons teanna a tharla sé seo dom, mar sin bhíos cinnte go mbeadh an mála stóma soiléir don saol mór. Bhíos buartha go mbeifí ag stánadh orm, go ndéanfaí magadh faoin mboilsc aisteach ar mo bholg. Dar ndóigh, bhíos buartha faoi chúrsaí collaíochta freisin. An dtiocfadh déistin ar bhean nuair a thuig sí go raibh, go lom, mála caca ar crochadh in aice m’imleacáin? Cé a bheadh sásta déileáil leis sin?

Ar an dea-uair, níor fíoraíodh mo bhuaireamh. Is annamh a thugtar aon rud aisteach faoi deara faoi mo chorp; go deimhin, má tá cairde Gaeil liom á léamh seo déarfainn go bhfuileadar ag fáil amach faoi mo stóma den chéad uair. Ní hé go mbíonn náire orm labhairt faoi – i bhfírinne, bím ró-ionraic faoi nuair a bhíonn sé bainteach leis an gcomhrá. Ach mar a bheifí ag súil, ní ábhar comhrá coitianta é a leithéid, agus mar sin fanann sé ina rún timpisteach. Admhaím go mbíonn cuid den neamhshuim seo ann toisc gur fear mé. Ní chaitear súil leath chomh géar ar mo chorp is a chaitear ar chorp mná, agus n’fheadar scaití arbh í sin an chúis nár chuir an mála as d’aon bhean ar bhuail mé léi.

Bíonn sé deacair smaoineamh orm féin a bheith faoi mhíchumas. An t-aon srian rialta atá orm ná rochtain mhaith ar leithreas, ach níl sé sin ró-éagsúil ón ngnáthdhuine. An bac is mó a bhíonn orm ná i bpubanna agus stallaí an leithris lán le snaoisíní, ach ní bhíonn aon drogall orm leithris inrochtana a úsáid nuair is gá, réidh le léacht ar mhíchumas dofheicthe a thabhairt d’éinne a cheisteodh mé. Anuas air sin, cé go n-éiríonn an stóma ata agus pianmhar ar oícheanta amach scaití, bím sásta suíochán agus sos a ghlacadh d’ainneoin na gcairde a impíonn orm damhsa a thuilleadh. Le haois agus le taithí, táim éirithe níos muiníní mo rogha rud a dhéanamh, agus ní ligim don stóma ná cúthaileacht bac a chur orm.

Baic áirithe, áfach, ní féidir neamhaird a thabhairt orthu. Crá croí atá agam faoi láthair ná na scanóirí nua aerfoirt, a aimsíonn an mála láithreach agus a fhógraíonn go bhfuil rud éigin míchuí faoi mo chorp. Bhí na gardaí tuisceanach go leor go dtí seo, ach éirím bréan as míniú a thabhairt. Sin ráite, feicim go bhfuil an t-ádh liom nach bhfuil ‘aimhrialtacht’ mo choirp in áit róphearsanta.

Tá scéalta ann faoi dhaoine le próistéitic a bhíonn náirithe ag na scanóirí, agus ansin tá fadhbanna an phobail thrasinscnigh ann. Is minic a bhíonn orthu siúd a stádas a nochtadh i lár halla mór poiblí, agus leis an mborradh reatha ar choireanna trasfóibeacha go domhanda, thuigfí éinne a mhothódh faoi bhagairt sa chás sin. Cuireann na scanóirí as domsa, ach ar a laghad ní mhothaím go bhfuil mo bheatha i mbaol dá mbarr.

Tá an t-ádh liom as na nithe áirithe a rinne mo chás níos fusa, ach níor cheart go mbeadh an t-ádh sin de dhíth. Má tá rud amháin foghlamtha agam ó dheich mbliana mar Fhear Bolg, is é go mbíonn coirp aisteach, ach nach gá go gciallódh sin easpa muinín choirp a bheith ag dhuine. Is fusa i bhfad an mhuinín sin a chruinniú nuair a chaitear go normálta ach go tuisceanach leat, agus b’fhearrde ár sochaí dá nglacfaimis leis go forleathan nach n-oireann gach corp – má oireann aon chorp – do mhúnlaí réamhshocraithe.

SCÉALTA EILE