Ar na mallaibh, chaith an réalta trodaíochta, Conor McGregor, agus fear mór na gluaiseachta, Ido Portal, tréimhse i mbun traenála le chéile agus chuir sé gliondar ar mo chroí blaisín de a fheiceáil (thíos).
Is cinnte go mbainfidh ár bhfear McGregor tairbhe as a bheith ag traenáil le hIdo agus go mbeidh sé in ann tarraingt ar a chuid gluaiseachtaí nua agus scileanna snasta nuair a chasann le Jose Aldo ar 12 Nollaig.
Ach an bhfuil aon tairbhe le baint agat féin as an chineál seo gluaiseachta?
An dtiocfadh leat féin a bheith ag traenáil ar nós Ido, Conor agus Gunnar Nelson?
Ní amháin go bhfuil buntáiste le baint agat as an chineál bogadh thart seo, ach mholfainn é thar aon mhodh eile má tá suim agat a bheith sláintiúil, aclaí agus lúfar ar feadh do shaoil.
Tá difear an domhain idir a bheith ag gluaiseacht do choirp mar a bheadh ainmhí fiáin ann, agus a bheith ag rith go liodánach ar an mhuileann reatha.
Ní hé seo an chéad uair ar luaigh mé seo, agus ní hé an uair dheireanach ach an oiread.
Is ainmhithe muid, agus tá muid tar éis teacht slán tríd na milliúin bliain mar gheall go bhfuil muid in ann ár gcolainn a bhogadh thart.
Gogaireacht, tógáil, brú, tarraingt, caitheamh, coisíocht, dreapadh, lámhacán.
Is gluaiseachtaí príomhúla iad ar fad, riachtanach le maireachtáil beo tráth den saol, san aimsir fhiáin fadó.
Monuar, sa lá atá inniu ann, is beag is gá dúinn aon rud a thógáil, a bhrú, a tharraingt, a chaitheamh, a dhreapadh, nó a shiúl go deimhin!
D’fhéadfá a rá go bhfuil ár bhfeidhm mar ainmhithe ag laghdú le gach giuirléid nua a thagann amach ar an mhargadh le rud éigin sa saol casta s’againn a dhéanamh ‘níos éasca’ dúinn.
Tá muid in aois na teicneolaíochta agus nach iontach iad na rudaí atá muid in ann a dhéanamh na laethanta seo.
Go ginearálta, tá ár sláinte ag dul in olcas agus géarchéim murtaill sa mhullach orainn.
Tá pian droma ag i bhfad barraíocht daoine, agus tá muid míle uair níos neamhaistrí anois ná mar a bhí riamh.
Le dul i ngleic lenár gcuid fadhbanna sláinte, is minic a mholtar dul chun na haclainne.
Anois, cur do lámh in airde má tá ballraíocht agat le haclann nó le sólann, agus é in úsáid agat ach an fíorbheagán?
Gach dara duine, má bhí orm tomhas a dhéanamh.
Go hiondúil, ní bhíonn atmaisféar deas sna haclanna móra, agus níl mórán dúshláin ag baint le léimnigh in airde ar mheaisín amháin nó meaisín eile.
Thabharfainn buille faoi thuairim gurb é ceann de na príomhfháthanna nach dtagann mórán tairbhe amach as an bhallraíocht aclainne sin atá agat, ná nach bhfuil tú ag dul i ngleic leis na gluaiseachtaí príomhúla nádúrtha seo atá ionainn ónár bhuail Adam le Eve.
Má thosaíonn tú ag gluaiseacht arís ar nós an dóigh ar chóir dúinn mar dhaoine, mothóidh tú an difear.
Beidh cúis agus fiúntas le do chuid traenála, beidh tú ag gluaiseacht níos éifeachtúla i rith an lae agus tú i mbun do chuid dualgas, agus tá i bhfad níos mó spraoi i gceist leis i gcomparáid le bheith ag cur amú do chuid ama san aclann ar nós hamstair ar rith.
Leis an oiliúint cheart, fanfaidh tú leis an mhodh traenála seo ar feadh do shaoil, agus gheobhaidh tú i bhfad níos mó tairbhe as ó thaobh do chuid sláinte de.