Le coicís, tá na meáin shóisialta lán le teachtaireachtaí meabhairshláinte ag maíomh go bhfuil sé ceart go leor nuair nach bhfuil muid ceart go leor. Chonaic muid go leor de seo ag tús na míosa mar gheall ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte.
Pictiúr i ndiaidh pictiúir, agus dánta áille, fileata ar na meáin shóisialta ag déanamh cur síos ar mhothúcháin, drochlaethanta agus labhairt amach. Labhair amach. Labhair le duine éigin.
Cé mhéad againn, áfach, atá sásta nó in ann éisteacht le duine a thiocfadh againn ag rá go rabhadar in ísle brí? Cé mhéad againn a bhfuil sé inár bpearsantacht gan rith le faitíos má thagann cara chomh fada linn ag rá go raibh drochbhail orthu agus go raibh machnamh déanta acu ar an mbás? Nó dá ndéarfaidís go raibh siad ag ól an iomarca, nó go raibh bulaíocht á déanamh orthu, nó níos measa, gurbh iad an bulaí?
Leis an obair shíceolaíochta spóirt atá déanta agam le blianta beaga, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag go leor againn, cuid acu mór, agus cuid acu nach bhfuil chomh mór sin. Tá sé tugtha faoi deara agam chomh maith go ndeireann mórán gach duine go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith ceart go leor — chomh fada nach hiad féin atá i gceist.
Go dtí go dtuigeann muid go gcaithfear an dearcadh seo a athrú, ní bheidh mórán níos mó forbartha ar ár meon. San aigne fhochomhfhiosach, deireann muid linn féin gur laigeacht atá sa meabhairghalar. Cuireann muid i bhfolach é. Cuir sin i gcomparáid leis an lúthchleasaí a insíonn do chuile dhuine go bhfuil a chos briste nó gortaithe aige, ach nach ndéarfadh go brách go raibh sé ag fáil cóir leighis chomh maith le haghaidh neamhord imní. Ní féidir laigeacht inchinne a thaispeáint. Fabht atá ann, agus cheapfadh a gcuid cóitseálaithe nach bhféadfaí muinín a bheith acu as an duine sin.
Faraor, seo mar a tharlaíonn sé i ngach earnáil sa saol. Tá na mílte amuigh ansin ag ceilt fadhbanna meabhairshláinte ar a gcuid fostóirí, cairde, gaolta. Seans maith go bhfuil cuid againn atá á léamh seo ag déanamh an ruda chéanna. Cén fáth? Le faitíos go gcaillfeadh muid cairde, caidrimh, deis dul chun cinn a dhéanamh ag an obair, meas.
Táimid tagtha ag an tráth anois go gcaithfidh daoine a bhfuil aon chineál údaráis acu sa saol seo seasamh amach agus a rá, tá sé ceart go leor nach bhfuil tú ceart go leor agus seo na rudaí gur féidir a dhéanamh. Go dtí go bhfeicfidh muid nach bhfuil aon drochthoradh ar choicís a ghlacadh saor ón obair nó ón bhfoireann, mar gheall ar chúrsaí meabhairshláinte, díreach mar a dhéanfadh muid dá mbeadh cos bhriste againn nó droch-ionfhabhtú cliabhraigh orainn, ní bheidh mórán de thoradh ar na pictiúir áille de bhláthanna agus cairdeas agus grá ar Instagram.
Tá go leor ráite ar a bheith ag chaint faoin meabhairshláinte. Ach níl mórán aicsin á dhéanamh. Más fostóir nó bainisteoir thú, bí freagrach. Leag amach plean don lá a thagann duine éigin chugat agus bíodh a fhios ag daoine go bhfuil a leithéid de phlean agat. Fógair go rialta é. Tá sé in am againn tacú leis an té atá i gcruachás. Ní dóthain na focail dheasa ar na meáin shóisialta.