Nicitín: Is gá an inchinn a thuicsint le troid ina éadan

Dar le foilseachán ón Bhord Taighde Sláinte, caitheann duine as gach ochtar in Éirinn toitíní go laethúil. Tá eipidéim feicthe againn i leith na ngaltoitíní le blianta beag anuas, i measc daoine óga go háirithe. Muna leor é sin, is líonmhar na siopaí a bhfuil púitsí beaga ar fáil darb ainm ‘snus’ iontu. Cuirtear na púitsí seo taobh istigh den bhéal chun an nicitín a ionsú agus déanann seo scrios ar na drandail agus na fiacla. 

Cuir i gcás go bhfuil suim agat in éirí as an nicitín, b’fhéidir go molfadh an córas sláinte nicitín a úsáid lena dhéanamh! Is léir go bhfuil muid sáite san andúil. 

Rabhadh a fheictear go minic ar na táirgí seo ná: “Cuimsíonn an táirge seo nicitín. Is substaint andúile é an nicitín.” Dearbhaíonn líon na dtáirgí nicitín atá ar fáil an rabhadh seo. 

Ní chaithfidh mé an t-alt seo ag tabhairt amach do lucht caite an tobac, do lucht an aeir thoraidh ná do na snusalaithe. Is é an cuspóir atá agam ná plé a dhéanamh ar an dóigh a n-éiríonn duine gafa le nicitín ó thaobh na fiseolaíochta agus na síceolaíochta de, agus an dóigh a gcuideodh an t-eolas seo leis an andúl a shárú.

Tuigtear go forleathan gur substaint andúile é an nicitín ach ní chuireann an fhíric seo ina luí orainn gurbh fhearr paicéad miontaí nó guma coganta a thógáil i ionad an nicitín. Tá muid compordach a bheith ag íoc as an andúil agus í a chothú. Ní minic a bhreathnaíonn muid ar cad atá ag tarlú sa chorp, áfach, agus an dóigh ar féidir le táirgí eile an andúil sin a shásamh. Ní phléitear seo ar phacáistíocht na dtáirgí ar chor ar bith.

Measaim go gcaithfear tuiscint mhaith ar na conairí néareolaíocha a bheith agat roimh tháirge nicitín a úsáid. Nuair a thagann nicitín isteach tríd na scamhóga, ní thógann sé ach seacht soicind ar an tsubstaint na gabhdóirí inchinne a bhaint amach. Ina dhiaidh sin, scaoiltear néaratharchuradóirí darb ainm caiteacólaimíní ón inchinn, mar atá dopaimín. 

Is dóigh gur chuala tú faoi roimhe agus tuigtear go mbíonn nasc idir dopaimín agus agus an chonair mhéisilimbeach. Is ar an chonaire seo a tharlaíonn imoibriú leis an nicitín. Chomh maith leis sin, imíonn an nicitín chomh thapa is a thagann sé isteach. Is tábhachtach a thuiscint nach mbíonn gabhdóirí ar leith ann don nicitín. Is ceimiceán inghiniúil é an dopaimín agus ligeann an nicitín amach as na cealla é. Is iad na gabhdóirí céanna ionsúnn an dopaimín i ndiadh duit do sheomra leapa a ghlanadh nó scairtín beag a thabhairt ar do mhamó, a dhéanann nicitín a thógáil. 

Is í príomhaidhm an tionscail nicitín ná dáileog bheag den cheimiceán thairbheach inchinne seo a thabhairt don phobal. Nuair a laghdaíonn an leibhéal nicitín sa chorp, tagann airíonna éirí as ar an úsáideoir, ach is ar éigean a thabharfaí faoi deara é. Nuair a chuirtear le gnáthstrus an tsaoil áfach, is dóigh go bhfillfí ar an nicitín arís is aríst. Tá sé seo ar eolas acu agus is é seo an fáth a ndíoltar an nicitín i ndáileoga beaga. De réir a chéile, ní fhaigheann an t-úsáideoir an dord céanna ón nicitín ná ní fhaigheann sé an faoiseamh céanna ón cheimiceán. 

Ar bhealach éigin, déanann muid bradaíl ar ár gciorcadra inchinne féin agus i ndiaidh tamaill, éiríonn na gnáthimeachtaí spraíúla i rith an lae níos deacra dúinn. Braitear ar an nicitín chun sonas, nó suaimhneas, saorga a choimeád. Is é sin ceann de na fáthanna a mbíonn sé chomh doiligh sin éirí as. Téann an corp in oiriúint don ghnáthúsáid nicitín agus cruthaíonn sé tuilleadh gabhdóirí dopaimín dá bharr. Nuair a dhéantar iarracht éirí as agus tá an corp gann ar nicitín, ní hamháin go bhfágtar cuid mhór “cathaoireacha folmha” san inchinn, éiríonn an chonair mhéisilimbeach spíonta agus bhíonn an corp ag streachailt leis na gabhdóirí a líonadh. Mar sin, má tá an fonn ort fanacht go ceann roinnt seachtainí go gcuirfear athstruchtúr ar na néaróin, meallfaidh bealach na háisiúlachta ar ais chuig an nicitín thú i rith ama.

Is dóigh liom go bhfuil seo ar an mhíniú is cuí maidir le handúil nicitín. Is é príomhchúram an leabhair mhóréilimh a phléann éirí as tobac, Easyway To Stop Smoking le Allen Carr, ná líon na miotas a bhaineann leis an nicitín. 

Deir daoine rud ar bith a thabharfadh údar leis an nós féin ach ní chloistear, “Tá mé gafa le nicitín.” Cloistear go minic, “Cuidíonn sé liom neamhaird a dhéanamh ar strus,” nó, “Cuidíonn sé liom díriú isteach ar rudaí.” Déanann ná ráitis seo maitheas éigin den andúil, ach déanann neamhaird ar an andúil féin. Tagann an dá ráiteas salach ar a chéile ar bhealach agus léiríonn sé seo go dtagann easpa tuisceana ar an phróiseas ionsú nicitín roimh leithscéalta a dhéanamh don andúil.

Fáth coitianta eile nach mbriseann caiteoirí nicitín an nós ná go mbíonn siad imní orthu go rachaidh a saol sóisialta in olcas dá n-éireodh siad as. Leis an mhéid atá pléite go dtí seo, áfach, d’fhéadfaí a rá go gcuireann an nicitín bac ar na torthaí néareolaíocha nádúrtha a fhaigheann muid ó am sóisialta a chaitheamh le daoine.

Nuair a mhothaíonn muid go bhfuil achan rud ag dul sa mhuileann orainn, is fiú cur i gcuimhne dúinn féin nach bhfuil smacht againn ar chuid mhaith den tsaol. Cuirtear an oiread sin brú orainn nach bhféadfadh muid a láimhseáil. Tá go leor sainmhínithe ar an andúil ar fáil ach ceann a ritheann liom ná, “Ag leanstan le rud éigin nár mhaith leat leanstan leis.” Le gnáthúsáid nicitín, éiríonn sé doiléir cad air a bhfuil smacht againn. Cuireann an andúil nicitín, chomh maith leis na mílte cosaintí atá ann dó, leis an mhí-ord sin.

Is ionann eolas agus cumhacht agus creidim gur rud tábhachtach é tuiscint bhunúsach a bheith againn ar an imoibriú cheimiceach a tharlaíonn idir nicitín agus an inchinn. Nuair a thuigeann tú an méid atá ar siúl i do chorp i leith úsáid nicitín, tig athrú ar an dóigh ar féidir leat dul i ngleic leis an andúil. 

Níl an focal scoir ag an eolaíocht maidir lenár gcóras creidimh faoin domhan thart orainn ar ndóigh, ach nuair is cúrsaí sláinte agus andúile atá i gceist, is uirlis an-láidir í an eolaíocht chun rudaí a chur ina gceart.

SCÉALTA EILE