Abair go raibh pian droma ag dul duit.
Dá ndéarfainn leat gurbh é an leigheas ab fhearr ná beagáinín eidhneán nimhneach a chuimilt de cúpla uair in aghaidh an lae, ceard a cheapfá? Déarfá liom go raibh mé as mo mheabhair. Ach, dá sínfinn buidéilín beag agat, agus ‘Rhus Tox’ ar an lipéad, agus dá ndéarfainn leat go raibh sé á dhíol i gcógaslanna agus na mílte cneasaithe aige, seans maith go mbainfeá triail as.
Is ‘leigheas’ hoiméapaite atá ann. B’fhéidir gur thug tú faoi deara gur chuir mé an focal ‘leigheas’ in uaschamóga. Sin mar nach bhfuil aon fhianaise ann a chruthaíonn go n-oibríonn na rudaí sin. Tá neart fianaise againn, áfach, nach n-oibríonn a leithéid.
Chruthaigh an Chomhairle Náisiúnta Taighde Leighis agus Sláinte (NHMRC), san Astráil, nach bhfuil hoiméapaite in ann “aon tinneas a leigheas”. Ceann ar bith beo. Go deimhin, dúradh go bhféadfadh daoine a gcuid sláinte a chur i mbaol léi.
Measann an tÚdarás Bia agus Drugaí (FDA) i Meiriceá gur fiú trí bhilliún dollar an margadh seo sna Stáit Aontaithe amháin agus tá sé ag cur imní orthu. Ag deireadh na bliana seo caite gheall siad go mbeadh siad ag dul i ndiaidh ‘oidis’ hoiméapaite atá ag tabhairt le fios, gan fianaise, go bhfuil leigheas iontu.
Uisce draíochta atá sa hoiméapaite. Creideann hoiméapait go bhfuil oiread áiméan de shubstaint a dhéanann duine tinn in ann iad a leigheas. Mar shampla, má chuireann luibh múisc ort, leigheasfaidh beagáinín beag bídeach den luibh chéanna thú má tá tú ag cur amach. Déantar caolú in uisce (nó alcól) ar an tsubstaint seo, go minic suas le tríocha uair, agus creidtear go spreagann sé sin cneasú sa chorp.
Beidh go leor nach n-aontóidh liom. Daoine a deir gur chuidigh an hoiméapaite leo-san, nó lena gcara, nó leis an bhfear a chaith blianta ag dul ag dochtúir ach gurbh í an hoiméapaite a shlánaigh é.
Tá cúpla cúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá an t-ábhar seo le díol i gcógaslanna, agus mar sin feictear don chustaiméir go bhfuil údarás aige mar tháirge. Chomh maith leis sin, tá suíomhanna gréasáin thar a bheith cuimsitheach ag na díoltóirí, a thugann le fios go bhfuil siad éifeachtach agus formhuinithe. Bíonn siad lán le teistiméireachtaí ó chustaiméirí atá díreach cosúil liomsa agus leatsa, rud a théann go mór i bhfeidhm orainn.
Foilsíodh staidéar san iris Risk Analysis beagnach deich mbliana ó shin, a thaispeáin gur minic nach é an té leis an saineolas is mó a thugann muinín dúinn, ach an té a chreideann muid atá ar ár leas féin. Mar sin, luíonn sé le réasún go gcreideann muid teistiméireacht ó ghaolta nó ó chairde, nó ón té atá ag fulaingt leis an tinneas céanna, seachas eolaithe nó dochtúirí nach bhfuil aon chaidreamh againn leo.
Is é an t-aon bhealach gur féidir le hoiméapaite dul i bhfeidhm orainn ná mar placebo. Faraor, ní féidir an éifeacht seo a thomhas, agus ní hionann comhchoibhneas agus cúisíocht. An bhfuil an phian fós i do dhroim? Bhí tú chomh maith céanna braon uisce a bhualadh air, nó an t-uisce a ól, seachas airgead a chaitheamh ar bhuidéilín draíochta.