Tá a fhios againn uilig ag an phointe seo gur chóir dúinn neart uisce a ól, fanacht ar shiúl ón siúcra, agus gan barraíocht ama a chaitheamh in Supermacs.
Ach tá rudaí eile ann ar féidir go bhfuil siad ag cur isteach ar do shláinte i ngan fhios duit.
Mar aon le achan alt a scríobhaim, níl mé ag iarraidh go mbeadh sé ar nós mise thuas ar chapall ard ag scaipeadh an tsoiscéil.
Bhí mé chomh tinn le madadh le seachtain nó dhó anuas le scornach nimhneach, cloigeann ag scoilteadh, agus drochchasacht (‘fliú na bhfear’ a chluinim sibh ag scairtí a mhná!).
Ach i bhfírinne, chuir an tinneas mé ag smaoineamh ar cén fáth a dtagann tinneas orainn.
Ar ndóigh, tá sé éasca orainn an mhéar a chur ar eachtra éigin a tharla díreach sula bhfuair an galar/tinneas greim orainn, ach ar iarr tú ort féin cén fáth a ndéanfadh rud éigin ar nós dul amach as an teach gan geansaí ort tinn thú sa chéad dul síos?
Ba chóir go mbeadh muid in ann seasamh in éadan roinnt gaoithe, fliuchrais, nó ardú struis ar obair gan stró, ach cuid mhór den am, titeann muid ar nós seanchrainn nuair a thagann an brú breise orainn.
Tá mé ag déanamh staidéar dian ar obair Frank Forencich le tamall anuas, a chuid leabhar Exuberant Animal agus Beautiful Practice go háirithe.
Achan lá tá rudaí a cheap mé cheana á ndeimhniú ag an ábhar a léim.
Tá i bhfad níos mó i gceist lenár sláinte ná díreach na vitimíní cearta a ghlacadh, bia maith, agus roinnt aclaíochta a dhéanamh anseo is ansiúd.
Mar a bheadh teach á thógáil againn, tá struchtúr bunúsach ann dár sláinte atá a bheag nó a mhór dearmadta againn go hiomlán.
Seo 3 rud a rith liom agus mé ag meabhrú faoin tsláinte, agus faoi na rudaí móra a chuireann isteach ar an tsláinte i ngan fhios dúinn.
Radharc Caol
Samhlaigh siar dhá mhíle bliain ó shin, nuair a bhí muid uilig amuigh inár gcónaí faoin spéir. Bhí muid ag seilg ainmhithe, agus bhí ainmhithe dár seilg féin chomh maith.
Bhí sé tábhachtach go mbeadh radharc leathan againn ar an tírdhreach amuigh romhainn ar eagla go raibh rud éigin amuigh ansin a thiocfadh linn a ithe, nó níos measa, rud éigin a bhí réidh chun muidne a ithe.
Anois, dhá mhíle bliain ó shin, dá gcuirfí ‘blinkers’ ort nach ligfeadh duit ach amharc díreach ar aghaidh, agus nach ligfeadh duit an tírdhreach leathan a ghlacadh isteach, thiocfadh leat a bheith cinnte go mbeadh an t-allas ag bárcadh amach asat!
Cá bhfios duit nach raibh púma ag teacht i do threo le tú a ithe don lón ón taobh clé!
Sa lá atá inniu ann, buíochas mór le Dia, níl mórán baoil orainn ó phúmaí, ach ar an drochuair, tá ar n-inchinn go fóill ag feidhmiú ar an dóigh chéanna.
Nuair atá radharc caol againn i gcónaí, tagann strus ar an chorp, agus imíonn an tsláinte síos le fána. Sa lá atá inniu ann, tá formhór againn ag díriú isteach ar scáileán gutháin, ríomhaire, nó teilifís bunús an lae.
Tá muid istigh i seomraí le ballaí cúnga, agus go minic gan radharc amach an fhuinneog fiú.
Rinneadh staidéar eolaíoch a léirigh go raibh tréimhse níos gaire san ospidéal i ndán d’othair a raibh radharc amach an fhuinneog acu ar ghlasra (gairdín, crainn srl) i gcomparáid le hothair gan an cineál sin radhairc.
Insíonn sé sin dúinn go soiléir gur gá a bheith amuigh faoin aer úr ag glacadh isteach an tírdhreach leathan go rialta le bheith sláintiúil.
Do thimpeallacht
Níl smacht againn ar achan rud sa saol, ach thig linn ár dtimpeallacht a roghnú de réir mar is mian linn den chuid is mó, go háirithe sa lá atá inniu ann.
Le cúpla seachtain anuas, thosaigh mé ag breathnú ar an chlár teilifíse Sons of Anarchy ar Netflix.
Mura bhfuil sé feicthe agat, tá an scéal dírithe ar dhrong gluaisrothaithe sna Stáit Aontaithe, agus tá an clár lán le huafáis agus foréigean.
Shocraigh mé briseadh leis an nós amharc ar an chlár óir shíl mé gur cinnte nach dtiocfadh leis an fhoréigean uilig a bheith go maith don inchinn.
Thosaigh mé ag smaoineamh ar na rudaí eile a bhfuil smacht agam orthu i mo thimpeallacht féin – na daoine atá thart orm, na meáin shóisialta (na daoine a leanaim ar Twitter mar shampla), agus an méid ama a chaithim leo.
Má tá aon chomhairle agam duit, mholfainn súil a chaitheamh ar an timpeallacht ina maireann tú, agus a bheith cinnte faoi na rudaí ba mhaith leat a choinneáil, agus níos tábhachtaí b’fhéidir, na rudaí ar mhaith leat fáil réidh leo.
Solas
Tá tionchar mór ag solas ar an tsláinte s’againn. Siar sa lá, théadh muid a luí leis an ghrian, agus bheadh muid inár suí le héirí na gréine.
Ar ndóigh, tá leictreachas againn anois, agus nósanna nua oibre, agus níl muid ag fáil leor solas nádúrtha.
Tá solas na gréine i bhfad Éireann níos láidre ná an solas a thagann ó na bolgáin leictreacha, ach ar an drochuair ní théann an chuid is mó againn amach níos mó cúpla nóiméad anseo is ansiúd, rud a fhágann nach ndúisíonn an corp mar is ceart ar maidin.
Ar an taobh eile den scéal, coinníonn an solas geal a thagann amach as an scáileán teilifíse/ gutháin/ ríomhaire muid múscailte, agus cuireann sé comhartha chuig an inchinn go bhfuil sé in am a bheith múscailte agus ullamh don lá.
Tá muid nach mór inár gcodladh nuair ba chóir dúinn a bheith múscailte, agus ar lán-airdeall nuair ba mhaith linn a bheith ar ár suaimhneas, réidh le dul a luí.
Níl aon amhras ach go gcuireann sé seo isteach ar an tsláinte. Mholfainn dul amach faoin aer go luath ar maidin agus bac a chur le húsáid na scáileán leictreonach san oíche.
Gheobhaidh tú codladh i bhfad níos fearr, agus mothóidh tú mar a bheadh púma ionat!