Tá cumann rothaíochta úr Gaeilge curtha ar bun i gcathair Chorcaí agus na baill ag tabhairt aghaidhe ar an bhóthar an Domhnach beag seo.
Is cumann sóisialta é Cumann Rothaíochta an Fhir Iarainn agus tá fáilte roimh rothaithe d‘achan leibhéal, a fhad is go bhfuil rothar agus clogad leat, agus tú toilteanach úsáid a bhaint as do chuid Gaeilge.
Bunaíodh an cumann in ómós don laoch mór rothaíochta Mick ‘An Fear Iarainn’ Murphy, a fuair bás i mí Mheán Fómhair, 2015.
Ba as Cathair Saidhbhín i gCiarraí Mick (ar chlé) agus tá clú agus cáil air as an rás rothaíochta is mó sa tír, Rás Tailteann, a bhaint go spleodrach sa bhliain 1958.
Fear ildánach ab ea Mick Murphy.
Nuair nach raibh sé ag rothaíocht, bhí sé ag tógáil meáchan, ag dornálaíocht, ag iomrascáil, nó ag cleasaíocht lena chorp sa sorcas.
Is é Ainle Ó Cairealláin, bunaitheoir ACLAÍ agus colúnaí sláinte na hirise seo, a bhunaigh an cumann rothaíochta.
Chuir sé aithne phearsanta ar Mick sna cúig bliana sular éag sé.
“Laoch de mo chuid a bhí ann. Laoch de chuid na hÉireann é agus is cinnte nach mbeidh a leithéid arís ann,” ar sé.
Mhínigh Ainle go bhfuil an cumann rothaíochta nua Gaeilge mar chuid de mhórsprioc ACLAÍ stíl bheatha ghníomhach a chothú.
“Is é sprioc ACLAÍ seirbhísí a chur ar fáil a chuireann le sláinte coirp agus anama a lucht leanúna,” ar sé.
Is ar bhealach iomlánaíoch a dhéantar an stíl bheatha a neartú, dar le hAinle, trí traenáil láidreachta, bia sláintiúil, ócáidí sóisialta, léitheoireacht agus trí athcheangal lenár gcultúr.
Go dtí seo, tá Club Leabhar, Club Bia (darb ainm Real Bia) agus seisiúin traenála curtha ar bun ag ACLAÍ a bhíonn á reáchtáil gach seachtain, mar aon leis an traenáil a bhíonn ar siúl san ionad spóirt.
Ach oiread le Cumann Rothaíochta Loch Lao i mBéal Feirste, tá an Ghaeilge mar phríomhtheanga ag Cumann Rothaíochta an Fhir Iarainn, agus tá fearadh na fáilte roimh Ghaeilgeoirí líofa, foghlaimeoirí agus buntosaitheoirí.
Níl aon chostas ag baint le páirt a ghlacadh sa chumann rothaíochta. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ar Facebook anseo.
Beidh na rothaithe ag teacht le chéile an Domhnach beag seo ag ionad traenála ACLAÍ i nDomhnach Broc, Corcaigh ag a 10in.