Gach Satharn in ACLAÍ, buailimid le chéile le haghaidh babhta traenála, don chraic, agus do thuras síos go margadh na bhfeirmeoirí.
Is nós linn gan aon airgead a ghearradh ar sheisiún an tSathairn, agus nuair a théimid síos chuig an mhargadh, ithimid uachtar reoite blasta, agus aon rud eile is mian linn.
‘Aisteach go leor’, a chluinim sibh a rá, go mbeadh gnó ag cur seirbhísí ar fáil saor in aisce, gan trácht ar bheith ag ithe uachtar reoite, go háirithe agus an tsláinte ina príomhghnó againn in ACLAÍ.
An phríomhchúis a dhéanaimid é ná gur breá linn bheith ag spraoi agus ag ithe uachtar reoite, ach tá tionchar mór ag an chineál sin teacht le chéile ar an chuid eile den tseachtain.
Go hiondúil, bímid ag plé le daoine atá ag dul i ngleic lena sláinte gach lá in ACLAÍ, agus bíonn an baol i gcónaí ann go mbainfear an bheocht de dhuine má bhíonn siad de shíor ag smaoineamh ar a mhíshláintiúla atá bia amháin nó bia eile, nó fiú go ‘gcaithfidh siad’ níos mó aclaíochta a dhéanamh.
Níl an cur chuige s’againne casta, ach tá sé neamhghnách (ar an drochuair).
Tugann ‘briseadh amach an tSathairn’ faoiseamh don intinn, agus breosla don anam chun an obair chrua a dhéanamh i rith na seachtaine.
Ní hí an aclaíocht rialta, nó an aiste bia is fearr ar domhan fiú, a chuidíonn linn an tsláinte a fhorbairt sa síneadh fada.
Is píosa tábhachtach de na míreanna mearaí é cinnte, ach ní hé tús agus deireadh an scéil é.
Má bhíonn an fócas ar fad ar aclaíocht amháin agus tú ag iarraidh bheith níos sláintiúla, nó fiú má bhíonn an fócas ar fad ar an aclaíocht agus ar an bhia le chéile, tá gach seans ann go dteipfidh ar an iarracht sa deireadh de dheasca gnéithe riachtanacha a bheith ar iarraidh.
Le bheith i do shláinte mar is ceart, caithfidh tú saol gníomhach a fhorbairt a bhfuil struchtúir shóisialta fite fuaite ann.
Cuidíonn sé go mór bheith i dteannta daoine a bhfuil spriocanna acu atá inchurtha le do spriocanna féin.
Tá sé ríthábhachtach go mbainfeá sult as do chuid aclaíochta agus as an bhia a itheann tú.
Is mó an tairbhe bheith i mbun aclaíochta mar go mbaineann tú sult as, seachas bheith dírithe ar an toradh amháin.
Nuair a dhíríonn tú isteach ar an toradh amháin, tiocfaidh an leadrán agus an easpa suime roimh i bhfad.
Is iad an dúshlán agus an fhorbairt is tábhachtaí, seachas an toradh.
Gan suim gan spreagadh, is féidir le haclaíocht bheith ar an rud is leadránaí ar domhan.
Tá mo mháthair mhór, mar shampla, breis agus 80 bliain d’aois agus tá sí chomh folláin le breac.
Chaith sí a saol ag babhláil taobh istigh lena cairde, ag iompar a cuid siopadóireachta anuas an bóthar ó ‘Curley’s’ nó an ‘Busy Bee’ go dtí a teach i mBéal Feirste.
Tá sí sláintiúil agus lúfar dá haois, cé nach ndearna sí lá aclaíochta ina saol.
Is beag an t-ionadh nach mbaineann an formhór againn aon sult as bheith ag dul chuig an lúthlann go ginearálta.
Is geall le tromluí iad an 30 nóiméad de rith ar mhuileann reatha nó an 30 nóiméad ar rothar gan mórán ar a son againn.
An t-aon rud a choinníonn ag dul thú ná bheith ag smaoineamh ar cé chomh haclaí agus a bheas tú nuair a bheas 3 mhí de rith ar an spota déanta agat.
Tá an struchtúr sóisialta, an sult, an dúshlán, agus an paisean go hiomlán in easnamh agus seachnóinn é ar gach aon dóigh.
Ní thagann sin go maith leis an duine cianaosta taobh istigh dúinn, óir ní chuirfeadh siad siúd 30 nóiméad dá gcuid fuinnimh amú mar sin riamh!
Is ag iarraidh a gcuid fuinnimh a shábháil a bheadh siad ar eagla go mbeadh orthu ionsaí tíogair a sheachaint amach sa lá!
Ní dual dúinn fuinneamh a chur amú.
Mholfainn duit modh aclaíochta eile a aimsiú a thugann misneach, láidreacht, agus fuinneamh duit, seachas fuinneamh a ídiú!