‘Tá a fhios ag an rialtas go maith nach stopfaidh muintir na hÉireann ag ól’

An bhfuil sé róluath a ghabháil ag ceiliúradh go bhfuil Covid thart nó ar cheart dúinn a bheith ag súil go léimfidh leagan eile den víreas amach as coirnéal éicint mar a dhéanann mo chol ceathrar ar a deartháir lena scanrú. (Anois is arís feicfidh tú mo dhuine á chacadh féin ar scéal Snapchat a dheirféar agus ní bhuailfeadh tada an scréachaíl agus an eascainí).

Ar aon chuma bhí muintir na tíre seo foighdeach. Seachas an cúpla mórshiúl amaideach agus an cúpla comhartha QAnon a bhí ina measc, d’fhan muintir na hÉireann sa mbaile den chuid is mó agus thóg muid na snáthaidí agus de bharr ár gcuid foighde agus ár gcomhoibriú ruaig muid (le cúnamh Dé) an chuid is measa den ghalar seo.

Agus mar gheall go raibh muid chomh maith, chomh foighdeach, chomh comhoibritheach céard a thug an rialtas dúinn mar dhuais, mar bhronntanas, mar chomhartha buíochais?

Cáin ar ár gcuid dí.

Go raibh mile bloody maith agaibh!

Ó, gabh mo leithscéal, ní cáin é. Ní dhearna siad ach na praghsanna a ardú mar gheall nach bhfuil muintir na tíre seo in ann aire a thabhairt dóibh féin.

Ach céard a tharlaíonn nuair a ardaíonn tú praghsanna? Bhuel abair gur dhíol mise peann leatsa ar euro amháin. Bheadh ormsa ansin 23 ceint a íoc leis an rialtas i bhfoirm cáin breisluacha (CBL). Agus ansin abair gur ardaigh mé an praghas go dhá euro an lá ina dhiaidh mar gheall gur caipitlí beag gránna mé. Bhuel dhá gceannódh tusa é bheadh 46 ceint CBL le n-íoc agamsa leis an rialtas. An peann céanna ach níos mó airgid ag gabháil isteach i sparán na Dála.

“Ó nach tú atá chomh soiniciúil a Dhomhnaill. Dúirt siad gur ar son ár sláinte atá siad,” a deir tusa mar gheall gur amadán thú.

Beidh tionchar aige seo ar sparán chuile dhuine cinnte ach ní bhuailfidh sé an té a bhfuil sé acu le spáráil chomh dona agus a bhuailfidh sé iad siúd nach bhfuil. Ach ní fadhb é seo don rialtas mar gheall go bhfuil na daoine sin lán ábalta íoc as a gcuid cúraimí sláinte féin. 

“Ní bheidh orainne íoc as a gcuid fadhbanna óil siúd mar tá siad féin lán ábalta íoc as aenna agus duáin nua dóibh féin dár n-uireasa, mar sin is cuma linn go bhfuil siadsan fós ag ól mar a bhíodh.”

Céard é sin a dúirt tú? Is cuma leat? Mar sin ní ar son ár sláinte atá sibh ab ea? Ach ar son bhur gcuid pócaí féin. 

Mar tá airgead fós le caitheamh agaibh ach níl sibh ag iarraidh araoid a chur ar Amazon ná Facebook ná Google ná diabhal ar bith eile nach bhfuil ag iarraidh cáin ar bith a íoc ar fhaitíos nach bhfaigheadh siad in aghaidh na bliana ach €999 milliún seachas €1 billiún iomlán.

Níl sibh ag iarraidh iadsan a dhéanamh crosta libh ar fhaitíos go gcuirfeadh siad sa gcúinne dána sibh mar sin cá bhfuil an t-aon foinse eile airgid?

Biongó! Pócaí s’againne.

Tá a fhios agaibh go maith nach stopfaidh muintir na tíre seo ag ól. Agus ní bheinn ag súil go stopfadh. Tuigeann chuile dhuine an chontúirt a bhaineann leis an iomarca a ól. An chuid is mó de dhaoine fásta na tíre seo tá siad lán ábalta an dá rud a chur in aghaidh a chéile agus méid réasúnta a ól agus tuigeann siad nach féidir leo é a dhéanamh go rialta.

Mar, cinnte, d’fhéadfadh muid uilig ár saol a chaitheamh ar sceideal codlata ordaithe ón rialtas agus gan a ithe ach taos gan bhlas a bhfuil na vitimíní agus na cothaithigh uilig a theastaíonn uainn ann agus nach mbeadh smál ar bith ná rud ar bith as bealach lenár gcuid colainneacha. Ach mar a scríobh Joe Steve Ó Neachtain, go ndéana Dia grásta air, “níl i bhfad an tsaoil ach cluiche gear is ní bhfaighidh tú an darna seans”.

Mar sin, a rialtais, má tá an oiread sin imní ort faoi shláinte daoine cuir cúram sláinte ar fáil dóibh siúd a bhfuil trioblóid acu le dúil san alcól agus lig cead don chuid eile againn ár saol a chaitheamh agus ár gcuid botún a dhéanamh agus sásamh a bhaint as an saol an fhad agus atá muid in ann seachas a bheith ag caitheamh linn mar a bheadh scata páistí.

Agus as ucht Dé oraibh seol bailiff isteach chuig Jeff Bezos go dtarraingí sibh seic as an diabhal.

SCÉALTA EILE