“Tá an tAifreann thart, imígí faoi shíocháin.”
Sin an nath a rith liom nuair a chonaic mé an scéala go raibh na saineolaithe sláinte poiblí ag moladh go raibh sé in am rudaí agus an tsochaí a athoscailt arís tar éis dhá bhliain de shrianta. Cineál brionglóid. Ab shin é é? Tar éis na fainice agus an fhaitís uilig a bhuail muid i mí an Mhárta 2020? I ndáiríre, níl a fhios againn. An faoiseamh mór atá againn, áfach, ná go bhfuil vacsaín againn anois, níos mó eolais faoin tinneas, agus drugaí frithvíreasacha.
Tá go leor den chontúirt bainte den víreas. Táimid ag an staid ina bhfuil rialtais agus oibrithe sláinte poiblí ag cur na ceiste, an bhfuil na constaicí atá orainn in iarracht smacht a chur ar an víreas ag déanamh níos mó dochair ná na constaicí ar an tsochaí agus daoine coinnithe sa mbaile nuair nach bhfuil beatha á gcur i mbaol níos mó?
Seans go bhfuil muid ag an áit seo anois. Crosbhóthar de chineál. Tá sé níos éasca glacadh le srianta nuair atá ciall leo. Fanann an pobal leat. Nuair a mhothaítear nach bhfuil aon mhaith iontu, cailltear comhoibriú an phobail, mar a chonaic muid roinnt babhtaí.
Feictear dom féin go bhfuil cúpla campa anois ann. Tá an chéad ghrúpa fós chomh himníoch céanna faoin víreas, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta agus beidh siad an-choimeádach. Tuigim do chuid acu. Ní haon cheiliúradh an scéala seo más duine imdhíon-sochta tú.
Tá an dara campa ag ligean orthu féin nach bhfuil na vacsaínithe ag déanamh aon difríocht i laghdú na contúirte agus ag síonáil gur cheart scaoileadh leis an víreas ón gcéad lá ariamh a léim sé ón sciathán leathair go dtí an cine daonna in Wuhan.
Ansin, tá an tríú grúpa, a d’athraigh a gcuid tuairimí de réir mar a tháinig fianaise nua chun cinn. A thuigeann nach bhfuil an chontúirt chéanna sa víreas agus cé nach bhfuil sé sin 100% amhlaidh do gach duine, gur cheart go mbeadh ár ndóthain eolais againn le cuidiú leis na daoine a bheadh go dona tinn.
Chosain an dianghlasáil go leor. Cailleadh daoine agus gnólachtaí. Fuair galair eile cosúil le hailse nó fadhbanna meabhairshláinte an láimh in uachtar ar roinnt mar gheall nach raibh fáil acu ar leaba nó coinne ospidéil. Nó mar gheall go raibh an oiread sin faitís orthu a gcuid tithe a fhágáil. Ag an am ní raibh aon leigheas againn. Ní raibh aon eolas againn ar céard a choinneodh beo na daoine a tholg ráig láidir den víreas. Níl sé sin fíor níos mó.
Beidh orainn tástáil a dhéanamh fós. Beidh orainn fanacht sa mbaile má bhíonn aon chomharthaí orainn. Seans go mbeidh mascanna orainn as seo go ceann píosa eile. Beidh orainn tacú le daoine atá neirbhíseach. Beidh orainn deiseanna a thapú, nuair a bhíonn siad againn. Beidh orainn glacadh leis go bhféadfadh COVID-19 ‘féirín’ eile a thabhairt dúinn agus go bhfuil an seans fós ann go mbeidh orainn cúlú. Caithfidh muid glacadh leis nach féidir dul i mbun idirbheartaíochta le víreas. Ach an rud is tábhachtaí ar fad, dár liom, caithfidh muid a bheith dóchasach, agus muinín againn go bhfuil muid ag dul sa treo ceart.