‘Táim náirithe ag an gcaoineadh atá feicthe agam faoi shrianta Covid’

Níl an fhios agam go barainneach ag cén tráth a roghnaigh daoine éirimiúla a gcuid intleachta a fhágáil ar thairseach an dorais maidir leis an bpaindéim. Faoi Nollaig? An samhradh seo caite? Nuair a dúradh linn mascanna a chaitheamh? 

Shílfeá go raibh an t-aer tithe ar an talamh le seachtain nuair a fógraíodh nach mbeadh cead ag tithe ósta agus bialanna bia agus deoch a dhíol taobh istigh seachas amuigh faoin aer. Ar fhaitíos go mbeadh aon dul amú ort, tá an-bhá agus trua agam do na húinéirí atá fágtha gan ghnó. Tá siad ligthe síos ag an rialtas anseo, agus go deimhin ag gach rialtas ar fud an domhain a roghnaigh gan an víreas a thuiscint. 

Níl siad ag fáil a ndóthain tacaíochta ach oiread, agus is beag an méid €350 in aghaidh na seachtaine don té atá ag iarraidh gnó a choinneáil beo. Samhlaigh an brú atá orthu. Is beag iontas mar sin, gur chaill go leor acu an cipín nuair nár ceadaíodh dóibh a gcuid doirse a oscailt ina n-iomláine an tseachtain seo chugainn, go háirithe agus an chraic ag daoine ó thuaidh den teorainn. 

Ach, táim beagnach náirithe ag an gcaoineadh atá feicthe agam. Daoine a thuigeann an cás go maith, ach atá ag roghnú gan é a thuiscint mar nach bhfeileann an fhírinne dóibh. Nó atá sách óg nach gcuireann an víreas mórán scanradh orthu fós. 

Ní thuigim, agus 15 mí déanta againn go bhfuil daoine fós ag olagón “níl cead agam dul ag an bpub, ach is féidir liom fanacht in óstán agus ól ansin,” nó “níl cead agam mo bhéile a ithe faoi dhíon ach bhí crabhd aisteach san ollmhargadh níos túisce agus níl duine ar bith ag caint orthu sin.”

An ceann is deireanaí anois ná na daoine atá ag ‘roghnú’ gan dul ar a gcuid laethanta saoire anseo, ach dul thar lear, áit ina gcaithfidh siad coicís amuigh faoin aer agus ní bheidh fudar ar bith isteach orthu. Ag ceapadh go bhfuil siad ag déanamh bioráin ar an rialtas agus ar Tony Holohan, seachas tacú leis na gnólachtaí atá fágtha gan tada.

Tuigeann duine ar bith a bhfuil leath-inchinn aige, go bhfuil cead ithe in óstán mar nuair atá duine as baile, caithfear greim a fháil in áit eicínt. Tuigeann siad freisin nach bhfuil leath an oiread óstáin sa tír agus bialanna agus tithe ósta. Tuigeann siad go rímhaith nach mbíonn an oiread céanna daoine sa mullach ar a chéile in óstán agus a bheadh in áit níos lú. Tuigeann siad ar fad é, ach roghnaíonn siad dul ag sciolladh. 

Tiocfaidh an lá a bheidh COVID imithe, agus beidh muid ag breathnú ar na ceachtanna a d’fhoghlaim muid. Leithleachas a chonaic mise. Daoine a bhí breá sásta a gcuid a dhéanamh chun ár gcóras sláinte a chosaint agus daoine a choinneáil beo, go dtí nár fheil sé iad níos mó. Daoine a bhí breá sásta glacadh le comhairle ó shaineolaithe, go dtí gur coinníodh amach as na tithe ósta nó ó chluichí peile iad. An rud is mó a chuireann brón orm ná go bhfaca mé an fíor-dhuine taobh thiar den aghaidh a raibh aithne agam air. Tá mé timpeallaithe ag i bhfad níos mó acu nár mar a cheap mé. An raibh muid ariamh mar seo? 

SCÉALTA EILE