Más maith nó olc leat tatúnna, caithfear a admháil go bhfuil feidhm an-úsáideach ag an tatú áirithe seo dóibh siúd a mbíonn orthu súil ghearr a choinneáil ar an leibhéal siúcra san fhuil acu.
‘Dermal Abyss’ atá baiste ar an teicneolaíocht nua seo, a tharraingíonn ar mhodhanna traidisiúnta a shamhlaítear le healaín an tatú agus leis an bhiteicneolaíocht.
In áit dúch craicinn traidisiúnta a úsáid, chuaigh foireann taighdeoirí as Ollscoil Harvard agus Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts SAM i muinín bithbhraiteoirí, a phiocann suas ar aon athruithe sa sreabhán scáineach, an leacht a chlúdaíonn fíocháin sa chorp.
Ag brath ar aigéadacht an tsreabháin, athraíonn an tatú ó chorcra agus bándearg agus iompaíonn sé ó ghorm go donn de réir mar a ardaíonn leibhéal an ghlúcóis.
Meastar go bhfuil féidearthachtaí móra ag an tatú bithbhraiteora cur le caighdeán maireachtála daoine a bhfuil diaibéiteas orthu.
Idir 3-10 n-uaire sa lá a mbíonn ar dhiaibéitigh a méar a phriocadh chun measúnú a dhéanamh ar a leibhéal glúcóis.
Táthar ag súil go gcuirfidh an ‘Dermal Abyss’ deireadh leis an ghnáthamh pianmhar seo agus go bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar riachtanais insline ach súil a chaitheamh ar dhathanna an tatú.
Ach gan solas glas tugtha do thrialacha cliniciúla fós, beidh tamall eile i gceist sula mbeidh aon tatú in ann ‘cad é mar a tatú féin?’ a fhreagairt.