Spléachadh ar stair shuimiúil agus aisteach an phósta in Éirinn

Foilsíodh Marriage and the Irish: A Miscellany le déanaí, bailiúchán d’ailt ghearra staire ó údair éagsúla a thugann an-léargas ar ghnásanna pósta ár sinsear.

Meabhraíodh dom agus mé á léamh gurbh é an cleamhnas an cineál pósta ba choitianta a bhí ann i ngach aicme shóisialta, nach mór, anuas go dtí an 20ú haois. Dhéanadh tuismitheoirí cleamhnas dá gclann bunaithe ar rudaí a bhí níos tábhachtaí ná an grá ina súile siúd — sealúchas, seasmhacht agus maoin.

Pléitear sa leabhar cás an stócaigh Proinsias Mac Suibhne ó Dhún na nGall mar shampla: tar éis dó a bheith anonn is anall go hAlbain i mbun obair shéasúrach feirme le roinnt blianta, shíl sé go raibh sé in am dó céile mná a aimsiú ar shlánú 30 bliain d’aois dó in 1906. Mhol a thuismitheoirí dó dul sa seans le muintir Uí Dhochartaigh, teaghlach a raibh dea-chlú orthu, glaic mhaith iníonacha in aois phósta acu maraon le píosa maith talún, iad acmhainneach go leor chun spré shuntasach a chur ar fáil dá gclann. 

Bhí Proinsias breá sásta le moladh seo a thuismitheoirí mar go raibh dúil aige le tamall anuas i Máire Ní Dhochartaigh, an dara duine is sine sa chlann — spéirbhean cheart a bhí inti de réir gach cosúlachta.

Ach ní mó ná sásta a bhí athair agus máthair Mháire nuair a chuaigh Pronsias chucu ag iarraidh lámh a n-iníne orthu. Is cosúil gur bhris Proinsias bocht riail bhunúsach cleamhnais — lámh na hiníne is sine a iarraidh ar dtús. 

“An é go bhfuil rud éigin cearr lenár n-iníon is sine?”, a d’fhiafraigh siad de Phroinsias, iad maslaithe agus ar deargbhuile. Dhiúltaigh siad dá iarratas pósta, ní nach ionadh, agus thug bata agus bóthar dó. 

Bhí ar thuismitheoirí Phroinsias cuairt a thabhairt ar mhuintir Uí Dhochartaigh chun leithscéal a ghabháil as meancóg a mic. Maitheadh dóibh an tuaiplis sa deireadh — níos fearr fós, d’éirigh leo cleamhnas a dhéanamh do Phroinsias leis an iníon is sine. Ghlac Proinsias leis an socrú sin — is dócha nach raibh an dara rogha aige nó ag a céile nua sa scéal, ach chaith an lánúin seo saol fada lena chéile ina dhiaidh sin mar sin féin.

In alt eile sa leabhar, léirítear gur mhair an meon praiticiúil seo i leith an phósta anuas go dtí deireadh an 20ú haois, i measc an phobail tuaithe go háirithe. Déantar plé ar cholún a bhíodh san Irish Farmers’ Journal anuas go dtí na 1990idí, colún a lig dóibh siúd a bhí ar thóir grá fógraí a fhoilsiú ag cur in iúl an cineál céile pósta a bhí uathu. Is cosúil gurb iad na clocha is mó ar a bpaidrín acu siúd a scríobh isteach ná creideamh, talamh agus maoin. 

Nochtaidís cén creideamh a bhí acu — Caitliceach nó Protastúnach — agus ní bhídís ag súil le freagraí ach ó dhaoine den chreideamh céanna. Is iomaí fear a scríobh isteach gan suim aige ach i mbean a raibh feirm i seilbh aici, agus gan aon drogall air é sin a fhoilsiú ar an bhfógra. Sa tslí chéanna, is iomaí bean a bhí sásta a fhógairt go raibh feirm i seilbh aici nó spré de chineál eile le tairiscint aici dá rogha fir. 

Ar ndóigh, ní raibh cur chuige chomh stuama sin ag gach duine dár sinsir i leith an phósta. Iad siúd ar mhian leo a ngrá geal a phósadh seachas céile a roghnú go fuarchúiseach bunaithe ar chúrsaí talún agus maoine, bhí orthu seifteanna éagsúla a thabhairt orthu féin, áfach. 

Seift amháin ná dul i muinín an phósta rúnda. Bhí sagairt áirithe sásta lánúineacha a phósadh go rúnda lasmuigh de chóras oifigiúil an pharóiste, agus bhí an-tóir orthu — ní hamháin gur lig an pósadh rúnda don lánúin éalú ó smacht a muintire, ach bhí sé réasúnta saor, rud a chiallaigh go raibh an-éileamh air i measc na cosmhuintire, i mBaile Átha Cliath go háirithe. 

Ón 18ú haois anonn, bhíodh sé de nós ag daoine óga dul ar eisimirce chun go mbeadh saoirse acu a rogha duine a phósadh. Nós eile a bhí ann ná go ndéanfadh fear fuadach ‘bréagach’ ar a ghrá geal, an lánúin ag socrú roimh ré go n-éalóidís lena chéile ar feadh tamaill chun go mbeadh orthu pósadh ar fhilleadh dóibh ar mhaithe le clú na mná a chaomhnú. Ní bheadh de rogha ag a muintir ach glacadh leis de ghnáth toisc nach bhféadfadh an bhean éinne eile a phósadh tar éis di tamall a chaitheamh ar a haonar le fear.

Ach dhéantaí fíor-fhuadach freisin. Go deimhin, bhí dúil chomh craosach sin ag fir áirithe sa talamh agus sa mhaoin go raibh an fuadach coitianta go leor sa 18ú agus 19ú haois in Éirinn. Dá mba rud é gur fuadaíodh bean agus gur coinníodh i ngéibheann í ar feadh tamaill, is minic nach mbíodh de rogha aici ach fear an fhuadaigh a phósadh toisc a ‘honóir’ a bheith caillte aici. 

Mná Protastúnacha a raibh feirm nó maoin acu is mó a bhí thíos leis sa 18ú haois, agus Caitlicigh dhíshealbhaithe is mó a bhí ciontach as, agus é mar leithscéal ag cuid acu nach raibh siad ach ag iarraidh an sealúchas a goideadh óna sinsir a fháil ar ais. 

Ach sa 19ú haois, bhíodh fuadach á dhéanamh ag Caitlicigh ar a chéile, agus níor ghá go mbeadh aon saibhreas mór ag an mbean chun go mbeadh sí i mbaol — cé gurb iad iníonacha feirmeoirí is mó a bhí thíos leis, dhéantaí fuadach ar iníonacha siopadóirí agus tábhairneoirí chomh maith céanna. 

Níor thug mé thuas ach spléachadh den ábhar atá idir chamáin sa leabhar ilghnéitheach taitneamhach seo. Tá súil agam gur léirigh mé a shuimiúla — agus a aistí! — is atá stair an phósta, cé nach sílfeá gurb amhlaidh a bheadh ar an gcéad amharc, b’fhéidir.

SCÉALTA EILE