10 rud nach raibh a fhios agat faoi Wimbledon

Tá an iomaíocht tosaithe ar chúirteanna Wimbledon arís eile agus idir seo agus deireadh an chomórtais beidh na milliúin ag amharc ar an aicsean fud fad na cruinne.

Taobh amuigh de na cluichí féin áfach bíonn go leor ar siúl nach bhfuil chomh feiceálach céanna.

Seo chugaibh mar sin na 10 rud nach raibh fhios agat faoin chomórtas clúiteach leadóige…


image1

1. Fostaítear 250 ‘giolla liathróide’ i rith an chomórtais, agus íoctar £150 dóibh don dhá sheachtain oibre.


image2

2. Bunaíodh comórtas Wimbledon na mBan i 1884, ach ní raibh duais an airgid don bhuaiteoir cothrom le duais chomórtas na bhFear go dtí 2007, i ndiaidh do roinnt imreoirí ar nós Venus Williams feachtas ar son cothromaíochta a thosú.


image3

3. Itheann lucht féachana Wimbledon timpeall 28,000kg de shútha talún agus 7,000 lítear d’uachtar úr ag an chomórtas gach bliain. Agus níl aon ghanntanas Pimms ann ach an oiread!


image4

4. Níor úsáideadh liathróidí buí sa chomórtas go dtí 1986. Roimhe sin bhí siad bán, ach bhí deacrachtaí go minic ag na moltóirí iad a fheiceáil.


image5

5. Ar an mheán, úsáidtear 54,250 liathróid in aghaidh an chomórtais. Úsáideann lucht an chomórtais liathróidí Slazenger amháin – Margadh atá i bhfeidhm le 113 bliain!


image6

6. Dícháilíodh an t-imreoir aitheanta Sasanach Tim Henman ón chomórtas i 1995 i ndiaidh dó liathróid a bhualadh uaidh go feargach, agus cailín óg a bhí ina giolla liathróide a bhualadh san aghaidh. (Ghabh sé leithscéal níos moille!)


image7

7. Ba í Mita Klima as an Ostair an t-imreoir is óige i stair Wimbledon, a d’imir i 1907 nuair a bhí sí 13 bliain d’aois.


image8

8. An t-am deireanach a úsáideadh bata leadóige adhmaid ná 1987. Ach bhí siad againn go léir inár n-óige!


image9

9. Is minic caint ar an screadach a dhéanann go leor imreoirí agus iad ag imirt, ach is í Maria Sharapova an duine is glóraí acu ar fad; taifeadadh beicíl dá cuid ag 101 deicibeil – chomh ard le hinnealra feirme!


image10

10.seabhac darb ainm Rufus ina chónaí i Wimbledon – an t-aon ról atá aige ná colúir a choinneáil ar shiúl ó na cúirteanna!


Foilsíodh an t-alt seo ar dtús 9 Iúil 2015.

SCÉALTA EILE