Tá clú agus cáil bainte amach ag leantóirí na hÉireann ar an ardán idirnáisiúnta i ndomhan an tsacair, rugbaí agus UFC le déanaí.
Agus tús iontach curtha le haistear fhoireann Phoblacht na hÉireann ag Euro 2016, is féidir a rá go bhfuil an dream thall ag cur lenár n-iomrá, agus iad ag ceol, ag damhsa agus ag spraoi leo ar shráideanna na Fraince.
Idir rince an mhatadóra agus tuairisc speisialta teilifíse do lucht na hUngáire, seo chugaibh 5 bhuaicphointe le leantóirí na hÉireann ag Euro 2016 go dtí seo!
1) Na Tuairisceoirí Spraíúla
Chas scaifte bríomhar Éireannach ar thuairisceoir agus é i mbun míre a bhí á craoladh beo ar theilifís na hUngáire. Níorbh fhada go raibh cosa san aer ag an tuairisceoir céanna agus é á iompar ar ghuaillí duine de na tacadóirí… bhí acmhainn grinn aige ar a laghad!
2) Na Meicneoirí Flaithiúla
Caithfear moladh a thabhairt don scata leaideanna seo a thug lámh chuidithe do bheirt seandaoine áitiúla roth a gcairr a athrú.
3) Saranáid an Tí Tábhairne
Mar ullmhúchán do chluiche na Sualainne Dé Luain bhí píosa spraoi ag na céadta Éireannach le fear a chónaíonn os cionn an Harp Bar i gceantar Montmartre, Páras. Lig siad scread gach uair ar shiúil sé amach ar a bhalcóin, agus nuair a d’imigh sé bhéic siad air go cairdiúil go dtí gur nocht sé arís!
4) Ómós Croíúil
Ba dheas gur canadh ‘Stand Up for the Ulsterman’ i lár chéad chluiche na 26 Chontae in ómós d’fhear óg, Darren Rodgers, leantóir de chuid fhoireann Thuaisceart na hÉireann as an Bhaile Meánach, a fuair bás in Nice go tragóideach ag tús na seachtaine.
5) An Damhsóir Matadóra
Ar an chuid is fearr acu, b’fhéidir, tá an fear seo as Corcaigh agus é ag cur dhúshlán damhsa an mhatadóra roimh leantóir de chuid na Sualainne. Is damhsóirí den scoth iad beirt ach tabharfaimid an bua don Sualannach solúbtha a thriail an “a haon, dó trí, a dó dó trí” i stíl Riverdance! Bulaí fir!