Ó na chéad Chluichí Oilimpeacha, ‘Θερινοί Ολυμπιακοί Αγώνες’, san Aithin sa Ghréig thiar sa bhliain 1896, is iomaí athrú atá tagtha ar an mhórchomórtas dhomhanda.
Idir víreas Zika, scéal dópála na Rúise agus fadhbanna uisce, airgid agus tógála i gcathair Rio, ba chorraitheach go maith iad na laethanta roimh Chluichí Oilimpeacha 2016.
Cibé cad é eile a thiteann amach, tá plúr na lúthchleasaithe as chuile chearn den domhan bailithe le chéile i gcathair Rio agus tús oifigiúil á chur leis na Cluichí inniu.
Don lá atá ann, seo chugaibh 5 iontas faoi na Cluichí Oilimpeacha a rachaidh i bhfeidhm ar na Gaeil!
1) Na Cluichí Oilimpeacha Ealaíonta
Bhí sé mar fhís ón chéad lá ag ceannródaithe na gCluichí Oilimpeacha, Pierre de Frédy agus Baron de Coubertin, gné chultúrtha a bheith leo, agus reáchtáladh comórtais ealaíon ag na Cluichí idir 1912 agus 1948.
As na 29 bonn Oilimpeach a bronnadh ar Éireannaigh thar na blianta, fuarthas trí cinn acu as éachtaí i réimse na healaíne agus na litríochta.
Thuill Jack Butler Yeats agus Oiliféir Mag Fhógartaigh na chéad bhoinn d’Éirinn ag cluichí Pháras i 1924.
Sciob Yeats an bonn airgid as a phictiúr ‘The Liffey Swim’, agus bronnadh an bonn cré-umhaí ar son na litríochta ar Oiliféir as Óid Aonach Tailteann.
Scríobhadh an óid in ómós na seanchluichí Tailteann a chuir an Rí Lughaidh Lámhfhada ar siúl den chéad uair sa bhliain 632 BC, a deirtear, agus a ndearnadh athbheochan orthu i luathbhlianta an tSaorstáit.
Ba í Letitia Hamilton, ealaíontóir tírdhreacha, a thuill an tríú bonn sna comórtais ealaíon Oilimpeacha i Londain i 1948.
2) Gandhi ina thuairisceoir?
Deirtear go raibh an ceannródaí i ngluaiseacht na gceart daonna agus laoch mór na hIndia, Mohandas Gandhi, i láthair ag na Cluichí Oilimpeacha i Los Angeles i 1932 agus hata an tuairisceora air.
Tá go leor cur agus cúiteamh déanta ar an cheist seo, mar bhí Gandhi in ainm is a bheith sa phríosún tráth a raibh na Cluichí ar siúl.
Mar is amlaidh le go leor imeachtaí sa stair, is deacair a bheith cinnte cé acu Mahatma Gandhi nó Gandhi eile a bhí ann!
3) Míolta Móra Oilimpeacha
I bhfad sula raibh na chéad iomaitheoirí ón Saorstát páirteach sna Cluichí Oilimpeacha, bhí luthchleasaithe a rugadh sa tír seo ag baint clú agus cáil amach ar fud an domhain as a gcuid éachtaí ag na Cluichí.
Bhí an lámh in uachtar ag seachtar fear ar leith ar a dtugar ‘The Irish Whales’ i gcomórtais reathaíochta agus caitheamh meáchain idir 1896 and 1924.
Ba iad John Flanagan, Simon Gillis, Pat McDonald, Paddy Ryan, Martin Sheridan (sa phictiúr thuas) , Matt McGrath agus Con Walsh na Míolta Móra. Cé go raibh tuismitheoirí Éireannacha aige, ba é Simon Gillis an t-aon duine acu nár rugadh in Éirinn.
Bhí siad ar fad, ag pointe éigin, ina mbaill den NYPD (New York Police Department).
4) An chéad iomaitheoir ar fionraí mar gheall ar dhrugaí
Alcól ba chúis leis an chéad duine a bheith curtha ar fionraí, rud a tharla i gCluichí Mheicsiceo sa bhliain 1968.
Ba é Hans-Gunnar Liljenwall, lúthchleasaí cúig mhír as an tSualainn, an chéad duine riamh a fuair toradh deimhneach i dtástáil le haghaidh drugaí ag na Cluichí Oilimpeacha.
Deirtear gur ól sé roinnt piontaí beorach roimh an chomórtas, rud nár cheadmhach, ar ndóigh!
5) Tarraingt na téide sa todhchaí
Ó tharla Comórtas Náisiúnta Tarraingt na Téide a bheith ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCill Mhantáin, is tráthúil a lua gur tarraingíodh téada ag na Cluichí Oilimpeacha ag tús an chéid seo caite.
Comórtas idir na foirne lúthchleasaíochta a bhí ann idir 1900 agus 1920, ach rinneadh ar shiúl leis ina dhiaidh sin.
Bhí leagan amach ciotach go leor ar na comórtais ó tharla cead a bheith ag tíortha clubanna éagsúla a chur chun cinn.
D’fhág sé sin go dtiocfadh le tír amháin na trí boinn a bhuachan, rud a tharla i 1904 nuair a fuair iomaitheoirí SÁM an lámh in uachtar sa chomórtas.
Tá feachtas ar bun leis an imeacht seo a ‘tharraingt’ ar ais ar chlár na gCluichí Oilimpeacha i dTóiceo in 2020.
An bhfuil sé róluath a bheith dóchasach?