Dé Domhnaigh tabharfaidh Corcaigh aghaidh ar a gcomharsana Port Láirge i gCluiche Leathcheannais Iománaíochta na hÉireann. Tugann Colm Duffin spléachadh ar chúigear clúiteach ón dá chontae a chaith an geansaí sa choimhlint seo le blianta beaga anuas…
Is den spórt an choimhlint.
Cá mbeimis gan í?
Ciarraí vs. Baile Átha Cliath
Cill Chainnigh vs. Tiobraid Árann
Cúige Mumhan vs. Cúige Laighean
Barcelona vs. Real Madrid
Ar na coimhlintí móra a bhí i saol na hiomána ó thús na mílaoise ba dheacair Port Láirge agus Corcaigh a bhualadh amach.
Idir 2002 agus 2012 nuair ba thréine an cath eatarthu d’imir siad a chéile 12 uair sa chraobh.
Na torthaí?
5 bhua ag Port Láirge. 5 bhua ag Corcaigh. Dhá chomhscór.
Ach mar is dual do staitisticí níl iontu ach uimhreacha fuara loma.
Nuair a smaoiním féin ar an choimhlint áirithe seo smaoiním ar chaighdeán na himeartha.
Smaoiním ar Chluiche Ceannais na Mumhan in 2003.
Ar chúl míorúilteach Paul Flynn in 2004.
Ar phreab-bhuille Brian Corcoran in 2005.
Ar iarracht dhalba Eoin McGrath ag deireadh chluiche ceathrú ceannais na hÉireann in 2007.
Agus is dual don choimhlint sa spórt a bheith ar maos le pearsantachtaí móra a mbíonn gean ag an lucht féachana orthu.
Smaoinigh ar:
Mc Enroe vs. Bjorn Borg
Frazier vs. Ali
Conor McGreggor vs. José Aldo / Floyd Mayweather / saol na dornálaíochta agus MMA i gcoitinne!
Agus ba mar sin é do choimhlint na beirte seo chomh maith.
Anois agus an dá fhathach seo ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís eile an Domhnach beag seo, seo agaibh cúigear imreoirí a chuir go mór le coimhlint sin na 2000í.
Dan ‘The Man’ Shanahan
Ar an taobhlíne a bheidh sé Dé Domhnaigh agus a chaipín speiceach droim ar ais aige.
Ach mar is léir óna chuid geáitsíochta agus ó gach pocléim a tabharfaidh sé ar an lá, b’fhearr leis féin a bheith amuigh ar pháirc na himeartha.
Agus b’fhearr linn féin sin chomh maith ar ndóigh, nó cé a dhéanfadh dearmad ar a chraos chun cúil nó ar a aoibh mhór rógánta agus é i mbarr a réime?
Nár dheas é a fheiceáil arís a dhorn in airde aige ag tástáil acmhainn sínte a gheansaí i ndiaidh diúracán eile de chúl a scaoileadh óna chamán!
Diarmaid ‘An Charraig’ O’Sullivan
Níor leasainm ar bith é ‘An Charraig’ a baisteadh air.
Stollaire de lánchúlaí nár ghéill agus nár fheac riamh.
Ceannairceach par excellence go bunúsach.
Is beag duine faoin am seo nach bhfaca an ghualainn scafánta a thug sé in 2001 i gCraobhchomórtas na Mumhan agus is iomaí lá fuilteach a throid sé féin agus Dan ‘The Man’ ar imeall na cearnóige chomh maith.
Déarfainn gur sáimhe codladh na hoíche ag lántosaithe Phort Láirge an deireadh seachtaine seo agus leoga lántosaithe uile na tíre agus bibe an roghnóra á chaitheamh aige na laethanta seo.
John Mullane
Ní thráchtfar ar an choimhlint seo choíche gan ainm John Mullane a bheith ar a thús agus a dheireadh.
Glac Cluichí Ceannais na Mumhan in 2003 agus 2004 mar shampla.
In 2003 ní raibh cosantóirí Chorcaí ábalta lámh, cos ná camán a leagan air gur scóráil sé trí chúl iontacha ar an lá.
Ach má scóráil féin ní raibh i ndán dó ach an díomua – chuirfeadh sé 0-11 de chuid Peter Canavan in éadan na Dubs siar in 1995 i gcuimhne do dhuine.
Ach beidh cuimhne ag lucht tacaíochta an dá fhoireann ar eachtra eile sa chluiche chéanna agus ní iontas ar bith dúinn Mullane a bheith ina croílár.
I ndiaidh dó cúl eile a bhá san eangach sa dara leath tharraing sé idir chuthach feirge agus rachtanna gáire ar an lucht tacaíochta (ag brath ar dhathanna do gheansaí ar ndóigh) nó níor dhorn amhail ‘Dan the Man’ a chroch sé in airde ach thug sé an dá mhéar do lucht tacaíochta Chorcaí!
Agus cé gur bhain Port Láirge díoltas an chluiche sin amach in 2004 i gceann de na cluichí ab éachtaí agus ba chorraithí a chonacthas riamh, tharraing Mullane clú (nó míchlú) air féin arís eile nuair tugadh cárta dearg dó ag tús an dara leath, rud a chuir a fhoireann san fhaopach agus iad ag imirt in éadan na gaoithe.
Ba chuma agus ba ríchuma le muintir Phort Láirge faoi sin, áfach, nó fear díobh féin é Mullane.
Déiseach go smior is go smúsach é sheas siad leis tríd an mhín agus tríd an gharbh.
In agallamh a thug sé díreach i ndiaidh an chluiche d’fhógair sé don saol mór i mblas tiubh an oirdheiscirt, “I love me county” agus ba é an freagra agus an maithiúnas a thug an scaifte dílis a bhí bailithe mórthimpeall air d’aon ghuth glórach amháin, “We love John Mullane!”.
Agus cruthaíodh ansin láithreach bonn ceann de na manaí ba chlúití i scéal iomána na nDéiseach.
Seán Óg Ó hAilpín
D’aithneofá láithreach an ghruaig dhubh chatach sin aige agus é ag rith thart mar a bheadh beach mhire ocrach ann ag santú bhraonta deiridh na meala agus é ag crá gach tosaí a mbeadh sé de dhánacht ann dul thairis agus tabhairt faoi scór.
Deirtear gurb iad do shean-naimhde is mó a spreagann thú chun gaisce agus b’amhlaidh do Sheán Óg é.
Ba in éadan Phort Láirge a scóráil sé a chéad chúilín riamh sa chraobh agus ba bheag duine ó Dan ‘The Man’ go Eoin Kelly agus Séamus Prendergast a mbeadh sé le maíomh acu go bhfuair siad an ceann is fearr air.
Agus ar ndóigh, cé a dhéanfadh dearmad ar a bhriathra binne, “Is fada an turas é ó Fhidsí go Corcaigh agus ó Chorcaigh go Páirc an Chrócaigh!”
Tony Browne
Sa scannán Bridge of Spies déanann an príomhcharachtar cur síos ar dhuine a mbíodh a athair mór leis.
Tháinig na gardaí lá gur thug greadadh do mhuintir an bhaile, an cara seo lena athair ina measc.
Ach gach uair a buaileadh é, sheas sé arís agus arís eile réidh don chéad bhuille eile.
Stad na gardaí de sa deireadh, nó thuig siad nach ngéillfeadh sé agus thug na gardaí iad féin ‘An Fear Seasta’ air dá réir.
Sin agat Tony Browne.
Fear ciúin ach ceannaire go smior.
24 bliain a thug sé d’fhoireann shinsir Phort Láirge gur léirigh ceannaireacht le linn an ama sin.
Bhí sé ina chuilceach óg 37 bliain d’aois nuair a scóráil cúl an chomhscóir sa phoc dheireanach i gCluiche Ceannais na Mumhan 2010 in éadan Chorcaí!
Ansin san athimirt agus gan ach 30 soicind fágtha agus iad trí chúilín chun cinn, chaith sé é féin i dtreo iarracht Cathal Naughton agus bhuail an sliotar san aghaidh é agus é fágtha sínte ar a fhad is ar a leithead ar an talamh.
Ba leor a rá gur bhain siad an cluiche agus a bhuíochas sin le Browne é féin.