Rinneadh an cinneadh ag cruinniú ginearálta urghnách de chuid Chumann Cispheile Mhaigh Cuilinn ainm an chumainn a athrú go Gaeilge go hoifigiúil. ‘Moycullen Basketball Club’ an t-ainm a bhíodh ar an gcumann atá lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí an tseachtain seo.
Is é ‘Maigh Cuilinn’ ainm oifigiúil an bhaile atá ar bhruach chathair na Gaillimhe, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus níl ach an logainm sin le feiceáil ar na comharthaí bóthair ann.
“Is cuid thábhachtach í an Ghaeilge de stair agus de thodhchaí ár gcumainn agus is dóigh linn gurb é an t-athrú ainm seo, go hainm oifigiúil an tsráidbhaile, an rud is ceart a dhéanamh agus muid ag súil lenár gcion a dhéanamh, in éineacht le clubanna iontacha eile sa gceantar, leis an nGaeilge a choinneáil beo beathach i measc an phobail – ag chuile leibhéal idir lucht an chúpla focal agus chainteoirí líofa,” a dúradh i ráiteas a eisíodh i ndiaidh an chruinnithe.
Tugadh le fios nach gcuirfear aon iachall ar bhaill an chumainn, idir nua agus sean, an Ghaeilge a labhairt ach gurb í “an chispheil an chéad teanga” atá ag an gcumann.
“Cuirfidh muid fáilte roimh bhaill nua agus seanbhaill ó chuile chearn den domhan a bhfuil Gaeilge, Béarla, ag neachtar den dá theanga acu. Mar sin féin, tá muid bródúil gur muide an chéad chumann Gaeltachta a bhain an leibhéal is airde amach i sraitheanna cispheile na hÉireann agus muid ag imirt i Sárshraith na bhFear ó bhí 2010 ann,” a dúradh.
Bunaíodh Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn in 1966 agus tá foirne d’fhir, do mhná, agus do dhaoine óga faoi aois acu ag imirt ag leibhéil éagsúla i gcomórtais ar fud na Gaillimhe agus na hÉireann. Bronnadh an gradam do ‘Chumann na Bliana’ ar Chumann Cispheile Mhaigh Cuilinn trí huaire i gcaitheamh na mbliana – in 1997, in 2000, agus arís in 2012.