‘Á ní féidir na mná a chur san áireamh’
ní minic a fhágtar mo bhéal ar leathadh

Fiú agus mé ar saoire,  ní raibh mé in ann an chaint uilig faoi Bhaile Átha Cliath agus Ciarraí a sheachaint. Suite in aice liom i mbialann in Santorini, bhí fear agus bean ag plé an raibh seans ar bith faoin spéir go mbeadh Ciarraí in ann stop a chur le hiarrachtaí Jim Gavin Corn Mhig Uidhir a choinneáil san Ardchathair den gcúigiú bliain as a chéile. 

Phléigh siad cúl Shéamuis Darby ó 1982, a chuir deireadh le haisling cúig bliana Chiarraí. Luaigh siad Tiobraid Árann, a stop iarrachtaí Brian Cody an rud céanna a dhéanamh san iománaíocht in 2010. Mhaígh siad mura ndéanfadh Baile Átha Cliath an beart Dé Domhnaigh nach mbeadh aon fhoireann eile in ann é a dhéanamh go brách. Go mbeadh sé do-dhéanta.

Go hiondúil, ní chuirim isteach ar chomhráití ag bord in aice liom. Go háirithe nuair ag plé cúrsaí spóirt atá siad. 

Ach an uair seo, ní raibh mé in ann mé fhéin a stopadh. Chuir mé mo ladar isteach sa scéal. D’fhiafraigh mé díobh ar chuala siad ariamh faoi mhná Chorcaí, a rinne an t-éacht sin in 2015? An chéad fhoireann sinsear CLG riamh a rinne é, agus níl sé déanta ag aon fhoireann eile ó shin. 

Chuir an freagra a fuair mé iontas orm. Go háirithe mar gurbh í an bhean a thug an freagra dom. “Á ní féidir na mná a chur san áireamh.”

Ní minic go mbíonn mé fágtha i mo thost, béal osclaí, ach sin a tharla dhom sa mbialann deas cois farraige in Santorini. 

Arís eile, thaispeáin sé dom cé go bhfuil rudaí ag athrú, nach bhfuil siad ag athrú leath sách scafánta do mhná sa spórt. Léiríonn sé fós go bhfuil easpa tuisceana ann faoin obair chrua a dhéanann mná ar pháirceanna imeartha fud fad na tíre.

Níl sé éasca ar dhuine ar bith imirt ar fhoireann chontae. Tá taisteal i gceist, caithfidh smacht a bheith orthu ó thaobh aclaíochta, bia, slí bheatha agus go sóisialta. Tá sé deich n-uaire níos deacra ar bhean na dúshláin chéanna a chomhlíonadh mar gheall ar easpa tacaíochta agus infheistíochta. 

In 2015, ní hamháin gur choinnigh Corcaigh an corn den chúigiú bliain as a chéile, bhí sé gnóthaithe acu deich n-uaire taobh istigh de 11 séasúr peile. Dá mbeadh sé sin déanta ag foireann na bhfear sa gcontae sin, nó ag aon fhoireann fear eile, ní chloisfeadh muid a dheireadh go brách. Mar atá scríofa cheana agam, cosúil leis an athrú aeráide, caithfidh muid ár ndearcadh a athrú, dul in aghaidh na bpatrún inar tógadh muid, agus tosú ag freastal ar imeachtaí na mban. Agus tréaslú leo nuair a bhaineann siad rud éicint amach. 

Má éiríonn le fir Bhaile Átha Cliath an chraobh a thabhairt leo arís Dé Domhnaigh, tréaslaigh leo. Má éiríonn le foireann Chiarraí an bob a bhualadh orthu, mol go spéir iad. Ach ná maslaigh mná Chorcaí agus ná lig i ndearmad iad nuair atá tú i mbun na scrúduithe iarbháis tar éis an fheadóg dheireanach a chloisteáil Dé Domhnaigh.