Ag tús mhí Dheireadh Fómhair anuraidh, d’imir Kevin Dyas as contae Ard Mhacha a chéad chluiche le Collingwood, an tÉireannach ba dhéanaí le himeacht ó pheil idir-chontae anseo agus imirt go proifisiúnta le club peile san Astráil.
Ní hé an chéad imreoir óg Gaelach leis an turas a dhéanamh agus tiocfaidh tuilleadh ina dhiaidh ach an bhfuil an ceart ag Cumann Peile na hAstráile (AFL) tairiscintí mar seo a dhéanamh nó an bhfuil siad ag goid ár laochra Gael don am atá le teacht?
Cuireadh atús le Sraith na Rialacha Idirnáisiúnta in 1998 agus ó shin i leith tá suim na nAstrálach in imreoirí CLG ag fás agus ag forbairt.
Nuair a shínigh sé conradh le fanacht sna Fritíortha ar feadh dhá bhliain, lean Dyas Éireannaigh eile ar nós Tadhg Kennelly as Ciarraí, dearthracha Uí Ailpín Chorcaí, Martin Clarke as an Dún agus Colm Begley as Contae Laoise. Bhí todhchaí gheal sa bhaile ag na himreoirí óga seo uilig agus iad cheana féin ag imirt lena gcontaetha – mar sin, cén fáth a n-imeodh siad?
Dar le Setanta Ó hAilpín – a chuaigh chun na hAstráile sa bhliain 2003 – gurbh í an chúis ba mhó dó féin ná an dóigh a bhfuil AFL gairmiúil.
“Ba mhaith liom mé féin a fheiceáil mar imreoir gairmiúil sna bliantaí atá le teacht,” arsa sé.
Is léir mar sin gur tarraingt láidir í proifisiúntacht an spóirt, idir áiseanna agus airgid, ach is deacair a rá go fóill cé acu an bhfuil nó nach bhfuil stádas amaitéarach CLG ag tabhairt ar dhaoine óga tallannacha an t-eagras a fhágáil.
Tá an argóint gur chóir do CLG bheith ina eagraíocht ghairmiúil go mór i mbéal an phobail le tamall anuas ach cad é a deir na hAstrálaigh faoin cheist seo ar fad?
Dearbhaíonn Kevin Sheedy, bainisteoir ar fhoireann idirnáisiúnta na hAstráile, nach gá do mhuintir na hÉireann bheith buartha ar chor ar bith.
“Cé go ndéanfaidh imreoir Éireannach an t-athrú seo anois agus arís, ní shamhlaíonn muid go dtarlóidh sé go rialta.”
Gach seans go bhfuil an ceart aige ach leis an nuacht go bhfuil sé ar intinn ag clubanna in Oz tús a chur le feachtas earcaíochta in Éirinn i mbliana, is cinnte nach mbeidh gach duine ar a shuaimhneas anseo.
Agus ní gá a lua nach gcuideoidh sé ach an oiread leis an chaidreamh corrach idir CLG agus AFL, iad go fóill ag iarraidh theacht ar réiteach faoi thodhchaí na Sraithe Idirnáisiúnta ó cuireadh inmharthanacht an chomórtais in amhras i ndiaidh na dtroideanna ollmhóra i bPáirc an Chrócaigh in 2005.
Dar le Mickey Harte, bainisteoir peile Thír Eoghain, gur chóir do CLG gach ceangal atá aige le AFL a ghearradh.
“Tá sé in am dúinn díriú ar ár gcluichí féin,” arsa sé. “Is gá dúinn bheith ag spreagadh daoine na cluichí Gaelacha a imirt, níor cheart dúinn nasc ar bith bheith againn le AFL.”
Agus tá cuma ar an scéal go n-aontaíonn ar a laghad duine amháin d’imreoirí Harte leis nó tugadh cuireadh do Sheán Cavanagh imirt leis na Brisbane Lions ar feadh dhá bhliain ach chinn an fear óg fanacht i lár na páirce le contae na Láimhe Deirge.
Léiríonn cinneadh sin Cavanagh go mbraitheann sé ar an imeoir féin ach má tá an próiseas le tarlú níos minice sna bliantaí amach romhainn, rud amháin atá cinnte ná go gcaithfidh an dá eagras peile bheith i gcomhaontú lena chéile maidir le rialacha agus srianta.
Muna dtagann siad ar réiteach déanfar dochar dá gcaidreamh a bheas ó chóiriú.
I láthair na huaire níl na socruithe seo curtha i bhfeidhm mar is ceart agus, go dtí go n-athraítear sin, tá daoine ann a bheas míchompordach leis an cheangal Astrálach i gcónaí.