Ag an am, sheas mé go docht le Roy Keane

Saipan. Cá raibh tú nuair a chuala tú go raibh achrann tarlaithe cothrom an ama seo, 16 bliain ó shin? Bhí go leor againn nár thuig an saol dépháirteach go dtí go raibh muid ag sárú ar a chéile faoi cé acu a bhí ceart. Mick nó Roy? Nuair a bhíonn mé ag iarraidh é a mhíniú do dhaoine atá níos óige ná mé, an sampla is fearr atá agam den mbealach a chaill an tír an cipín ar fad faoi cheist mar é, ná Garth Brooks agus na ceolchoirmeacha nár tharla in 2014.

Sa mBealtaine in 2002, bhí mé tar éis mo chéad bhliain ollscoile a chur díom agus ag seasamh sa mbanc i mBóthar na Trá a bhí mé nuair a d’fhógair an raidió nach raibh Roy Keane sa gcampa níos mó. Bhí ciúnas iomlán sa mbanc, seachas ó fhear amháin a bhain torann as cathaoir nuair a shuigh sé síos inti go trom. Ní raibh ach aon chomhrá amháin ann as sin amach. Saipan. 

Cén fáth nár fhan sé ann ar son na cúise? Shílfeá go meallfadh Mick McCarthy ar ais é? Céard faoi na páistí? An mbeadh cosa Triggs bocht in ann ag an méid siúil a bhí Keane ag tarraingt as?

Ag an am, sheas mé go docht le Roy Keane. Anois, agus sé bliana déag imithe, seasaim fós leis, ach faraor ghéar nach raibh bealach éigin ann le réiteach de chineál éigin a shocrú eatarthu lena choinneáil thall. Bhí an ceart ag Keane nuair a dúirt sé go raibh an FAI neamhullmhaithe agus míphroifisiúnta. Go deimhin, dúirt sé é i bhfad sula ndeachaigh siad go Saipan, agus dúirt sé le linn ré Jack Charlton chomh maith é. 

Ceistíodh a thiomantas, ach i ndáiríre, nárbh iad an FAI a bhí as alt agus ní Keane? Iadsan a roghnaigh Saipan agus iadsan nár chinntigh rudaí cosúil le bia agus cúrsaí taistil chompordaigh don fhoireann. Ach ar chúis éigin, dar le go leor, ba é Roy Keane a rinne an tréas, agus ní an FAI. 

Ní na himreoirí a shuigh sa seomra gan smid astu, cé gur tháinig sé chun solais gur thacaigh roinnt acu leis go príobháideach. Ní raibh aon neart mór ag Mick McCarthy ar an scéal, mar cé go raibh sé ina bhainisteoir, ní raibh fáil aige ach ar na hacmhainní a thug an FAI dó. 

Blianta ina dhiaidh labhair Mick McCarthy faoin bhail a chuir an eachtra air, agus seans maith go mbeidh lorg fágtha air go deo, idir an t-ionsaí a rinne Keane air agus an méid a tharla ina dhiaidh. 

Maidir leis na tragóidí móra sin, is cosúil nach bhfuil aon chumhacht ag polaiteoirí. Níor éirigh le hiarrachtaí idirghabhála Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Garth Brooks a thabhairt go Páirc an Chrócaigh, agus níor éirigh le Taoiseach na linne sin, Bertie Ahern, réiteach a fháil idir Keane agus McCarthy. Dála an scéil, is de bharr Saipan a chonaic mé mo chéad seó ceoil, I, Keano. B’fhéidir go léiríonn sé sin chomh dona agus atá mo rogha cheoil, mar deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí ticéid agam do Garth Brooks chomh maith. 

SCÉALTA EILE