Níl ach dhá lá fágtha go dtí go dtéann foireann rugbaí na hÉireann chun páirce i gcoinne na Breataine Bige i gcluiche cinniúnach de chuid na Sé Náisiún.
Meastar go mbeidh sé seo ar an choimhlint is déine ag Éirinn sa chomórtas go dtí seo ach ní hiad na himreoirí amháin atá i mbun traenála don dúshlán an tseachtain seo.
Is é, tá ceachtanna speisialta teanga faighte ag an bhainisteoir Joe Schmidt agus é ag iarraidh ar a chuid imreoirí Gaeilge a úsáid sa chluiche, rud a thabharfaidh buntáiste breise don fhoireann ghlas, dar leis.
“Seachtain na Gaeilge atá ann,” arsa an Nua-Shéalannach.
“Gach rud a dhéanaimid an tseachtain seo, beidh sé trí Ghaeilge. Ba mhaith liom iontas mór a thabhairt do na Breatnaigh.”
Éist leis anseo:
Maith go leor, ba in ‘agallamh’ le Gift Grub de chuid Today FM a dúirt Schmidt an méid sin ach nár mhaith an smaoineamh é?
Le fírinne, ní fios an úsáidtear mórán Gaeilge ar fhoireann na hÉireann ach is cinnte gur gnáthrud é an teanga náisiúnta a labhairt i saol an spóirt i gCymru.
Agus, níos tábhachtaí arís, níl aon seans go ndéanfaí a leithéid de mhagadh den Bhreatnais thall… tá scéim teanga fiú ag an aontas náisiúnta rugbaí!
Ár dteangacha abú!