Aiséirí Peile na nGael

Thuaidh agus thiar san oíche amárach beidh cruinnithe á reáchtáil ag Gaeil ghníomhacha ar mhian leo cumainn CLG lán-Ghaeilge a thógáil i gCathair na Gaillimhe, agus a neartú i mBéal Feirste.

Is i gclub Áras na nGael i nGaillimh ag 7.30in a bheidh na chéad chéimeanna a thabhairt le club peile nua CLG Gaeilge ‘Gaeil na Gaillimhe’ a bhunú.

Is mar thoradh ar ‘Think Day’ i mí na Samhna seo caite – lá tobsmaointe ina dtáinig daoine le chéile chun plé a dhéanamh ar fhiontair Ghaeilge a chur ar bun – atá an cruinniú seo a reáchtáil.

Dúirt Evelyn Fennelly, ar duine den lucht eagraithe í, go raibh siad ag súil le daoine ar suim leo imirt a bheith i láthair ag an chéad chruinniú, agus go raibh fearadh na fáilte roimh dhaoine ar mhaith leo lámh chúnta a thabhairt chun an club a reáchtáil.

“Cuid mhaith de na tograí Gaeilge, bíonn an bhéim ar an teanga – agus tá sé sin maith – ach tá sé an-tábhachtach tógáil ar na deiseanna a bhíonn ag daoine an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacs sóisialta chomh maith,” arsa Eibhlín, atá ag staidéar in Ollscoil an Gaillimhe.

“Tá imreoirí ag teastáil ach ní gá go mbeadh spéis ag daoine sa pheil. Cceapann muid gur deis iontach í pobal labhartha na Gaeilge sa chathair a láidriú, mar sin, tá fáilte roimh chách.”

Is maith an scéal go bhfuil “an-tacaíocht” faighte acu ó CLG i nGaillimh, agus Páirc an Phiarsaigh curtha ar fáil acu dá gcluichí baile.

Céim shuntasach í seo don chathair, ar bronnadh stádas dátheangach uirthi an tseachtain seo caite.

Sa chruinniú i mBéal Feirste, a bheas ar siúl ag 7in san oíche amárach sa Chultúrlann, beidh CLG Laochra Loch Lao – atá 10 mbliana ar an fhód – ag tógáil ar iarrachtaí chun buanstádas a bhaint amach agus ag plé féidearthachtaí eile a thabharfaidh an club ar aghaidh.

Tá na Laochra ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta le dornán maith blianta anuas agus tá ceangal láidir acu le bunscoileanna Gaeilge sa chathair agus le Coláiste Feirste, rud a bheas mar bhunchloch ag an chlub nua neamhspleách.

Na Gaeil oga

Ar ndóigh, is spreagadh mór é an oiread dul chun cinn atá déanta ag Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath, cumann a bhfuil cúig fhoireann do dhaoine fásta acu – idir pheil, iomáint agus chamógaíocht – mar aon le foirne faoi aois, a bhíonn ag imirt i sraitheanna agus craobhacha an chontae.

Gach rath ar na hiarrachtaí uile! Na Gaeil abú!

SCÉALTA EILE