An chéad bhua ag Gaeil na Gaillimhe

Tá an chéad bhua riamh i gcluiche craoibhe faighte ag Gaeil na Gaillimhe CLG agus cluiche deireanach an tséasúir imeartha acu in aghaidh Ghráinne Mhaol ar an bPáirc Theas i nGaillimh inniu. 

“Lá stairiúil” don chlub a bhí ann tráthnóna, a dúirt urlabhraí an chumainn, nuair a d’éirigh le mná Gaelacha na cathrach an ceann is fearr a fháil ar mhná iar-Chonnacht agus an scór deiridh ag 3-05 (Gaeil na Gaillimhe) in aghaidh 0-09 (Gráinne Mhaol). 

Ní raibh mórán idir na foirne sa chéad leath, agus gan ach cúilín amháin eatarthu ag leath ama — 1-03 ag na Gaeil agus 0-05 ag na Gráinní. Thosaigh Gaeil na Gaillimhe ag cur níos mo brú ar fhoireann Ghráinne Mhaoil go luath sa dara leath agus d’aimsigh siad cúl breá. 

Fuair mná Ghráinne Mhaoil cúilíní maithe ar feadh an dara leath ach níor éirigh leo aon chúl a aimsiú mar gheall ar an gcosaint mhaith a chuir Gaeil na Gaillimhe suas. Ba láidre agus ba láidre a d’éirigh na Gaeil agus an cluiche ag druidim chun deiridh sular scóráil siad an cúl agus dhá chúilín a dhaingnigh a mbua. 

“Bhí sé go hiontach ar fad bua a fháil tar éis an obair chrua a chuir na mná isteach ar feadh na bliana,” a dúirt Shelia Ní Mhurchú, imreoir de chuid Ghaeil na Gaillimhe. 

Is cumann lúthchleas Gael lánGhaeilge í Gaeil na Gaillimhe a bunaíodh i gcathair na Gaillimhe in 2016, ar mhúnla Na Gaeil Óga CLG i mBaile Átha Cliath. Tá foirne peile d’fhir agus do mhná ag an gcumann agus pleananna ann cur le líon na bhfoirne amach anseo.

SCÉALTA EILE