An chéad Chiarraíoch mná le Muir nIocht a shnámh an tseachtain seo

Tá barra Shliabh Everest sroichte ag níos mó daoine ná mar atá cúrsa snámha Mhuir nIocht déanta. Má tá, tá bean ó Thrá Lí i gContae Chiarraí chun iarracht a dhéanamh an snámh sin a dhéanamh, ó Dhobhar Shasana, go Calais na Fraince idir an lá inniu, an 6 Meán Fómhair, agus an 12 Meán Fómhair, Déardaoin seo chugainn. 

Sin í Elaine Burrows Dillane, bean chróga mhisniúil láidir thiomanta, go bhfuil scata dian-traenála déanta aici faoina bhun ó thús na bliana seo. San Fhianait, lastuaidh de Thrá Lí a dheineann sí formhór a cuid traenála, san fharraige ansin, ach dhein sí ana-chuid traenála leis sa linn snámha nuair a bhí an fharraige rófhuar. Tá beirt thraenálaithe aici, duine amháin don linn snámha agus duine eile don bhfarraige. 

Elaine Burrows Dillane. Pictiúr: Facebook

Ní mar a chéile farraige Chiarraí Thuaidh agus an Mhuir nIocht, áfach. Tá borradh san fharraige thall agus tá sí ar cheann dos na réimsí farraige is cúramaí ar domhan, le hos cionn 600 tancaeir agus 200 bád farantóireachta ag gabháil an bhealaigh gach aon lá. 

Tá an t-uisce ana-fhuar ann, idir 14˚C agus 18˚C. Tá seans ann go dtiocfaidh Elaine ar smugairlí róin neamhghnácha, ar thonnta chomh hard le dhá mhéadar agus le gálaí láidre gaoithe ar a haistear. Tabharfaidh sí faoi mar sin féin, agus í traenáilte go maith chuige. 

Is don gcarthannacht ‘Brain Tumour Ireland’ atá Elaine ag bailiú, dála an scéil, agus súil aici €12,000 a bhailiú. Tá suas le €9,000 de sin bailithe aici cheana féin. Fág faoi na mná é!

Ar an lá, ní bheidh cead aici ach 30 soicind de bhriseadh a thógaint gach aon uair a chloig. Úsáidfidh sí an t-am seo chun bolgam uisce a ól, a gheobhaidh sí óna criú a bheidh i mbáidín lena hais ar feadh na huaire.

Tá súil aici an 32km farraige seo a chur di laistigh de 16 uair an chloig. Beidh sí ar an gcéad bhean ó Chiarraí go mbeadh an bheart déanta aici má éiríonn léi, agus go n-éirí san léi! Faoi dheireadh Mheán Fómhair, beidh dhá mhór ghaisce, ar a laghad, bainte amach ag na Ciarraígh le cúnamh Dé. Up Kerry! 

SCÉALTA EILE