Agus an t-alt seo á scríobh, tá trí fhoireann ón Pro14 i gcluichí leathcheannais an Champions Cup: an Mhumhain, Cúige Laighean, agus na Scarlets. Sa bhabhta roimhe sin, bhuaigh an Mhumhain in aghaidh Toulon, a bhuaigh an comórtas trí huaire as a chéile in 2013, 2014, agus 2015. Bhuaigh Cúige Laighean in aghaidh Saracens, foireann a bhuaigh faoi dhó in 2016 agus 2017, agus bhuaigh na Scarlets in aghaidh La Rochelle, foireann Fhrancach atá sa séú háit sa ‘Top 14’. Is iad Racing Metro an fhoireann dheireanach sa chomórtas, a bhuaigh in aghaidh Clermont.
Chomh maith leis sin, cúpla mí ó shin, chríochnaigh Éire sa chéad áit i gcomórtas na Sé Náisiún, agus an Bhreatain Bheag agus Albain sa dara agus tríú háit — cúpla mí mhaith a bhí ann do na foirne Ceilteacha.
Ach fiú agus trí fhoireann ón Pro14 cáilithe do na cluichí leathcheannais, táthar fós ag gearán gur “sraith lag” í an tsraith sin. Tá dream ón bhFrainc agus ó Shasana ag rá nach bhfuil ionadh orthu go bhfuil na foirne sin cáilithe. Cén fáth? Mar, dar leo, tá an Premiership agus an Top 14 níos fearr agus níos fisiciúla mar shraitheanna i gcomparáid leis an Pro14.
Tá ciall áirithe lena maíomh. Tá éileamh ollmhór ar na himreoirí atá sa Premiership. Ní leis an RFU na clubanna agus, mar sin, níl smacht ag an RFU ar dhearbhthréimhse imeartha na n-imreoirí. Is cuma leis na clubanna má bhí na himreoirí seo ag imirt do Shasana nó tír eile an tseachtain roimhe, nuair a thagann siad ar ais, téann siad díreach isteach sa chéad fhoireann arís. Ní bhíonn sos ar bith ag na himreoirí sin.
Ach má bhreathnaíonn tú ar an gcóras atá againne in Éirinn, a mhalairt atá fíor. Faigheann imreoirí rugbaí in Éirinn am saor i rith an tséasúir mar go dtuigeann an IRFU go dteastaíonn an sos sin uathu. Tuigeann an IRFU gur daoine iad na himreoirí agus ní sócmhainní gnó.
Nuair a d’imir an Mhumhain in aghaidh Chúige Laighean mí na Nollag i Luimneach, bhíothas ag gearán gurbh fhoireann lag a bhí i gCúige Laighean. Ach féachaimis siar ar an bhfoireann tosaigh sin. Tá an Chaithréim Mhór buaite ag Jordan Larmour, Robbie Henshaw, Jack McGrath, Devin Toner, James Ryan, Jordi Murphy, Dan Leavy, Jack Conan, agus Tadhg Furlong ó shin, gan trácht ar James Lowe agus Josh van der Flier. Níl ciall ar bith ag baint leis an maíomh gur foireann lag iad.
Níl foireann Shasanach i gcluichí leathcheannais Chorn na Seaimpíní den chéad uair ó 2012, agus tá lucht leanúna Shasana curtha amach dá bharr. An bhfuil an stíl imeartha cheart acu?
Bhí Toulon agus Saracens sásta a bheith foighneach ag imirt in aghaidh Chúige Mumhan agus Chúige Laighean, agus d’fhan siad go ndearna an fhoireann eile botún. Ach ní raibh Cúige Laighean ná Scarlets sásta fanacht. D’ionsaigh siad arís agus arís eile. Bhí muinín acu, bhí saoirse acu, ach — níos tábhachtaí arís — bhí fuinneamh acu.
Ach an rud a chuireann miongháire orm, arú anuraidh ní raibh cúige ar bith sna cluichí ceathrú ceannais Eorpacha. Ní raibh dea-cháil oibre ar Éirinn sna Sé Náisiún ach oiread. Ach an ndearnadh gearán le heagraithe an chomórtais? An ndúirt na cúigí nach raibh an comórtas féaráilte? Ar chuir siad an milleán ar an mbuiséad a bhí ag na foirne Sasanacha nó Francacha? Ní raibh, ní dúirt, agus níor chuir. Lean siad ar aghaidh ag imirt sa chomórtas.
Tá an RFU ag iarradh struchtúr an Premiership a athrú anois, agus beidh tionchar ag an athrú sin ar Chorn na Seaimpíní. Scríobhadh ar an Guardian an tseachtain seo: “There is a feeling that the Champions Cup has lost its aura with more than half of the Premiership taking part this season”.
Seafóid amach is amach atá ann. D’imir leath de na clubanna sa chomórtas i mbliana mar, cúpla séasúr ó shin, d’éiligh an Premiership go mbeadh spás ann do shé fhoireann agus nach n-imreofar sa chomórtas muna raibh. An fhadhb atá ann anois ná nach bhfuil Sasana ná na clubanna ag buachaint.