An Gael a spreag McGregor

Anocht troidfidh Conor McGregor sa chluiche is mó ina shaol troda go dtí seo agus é ag dul chun comhraic le Chad Mendes na Calafóirne le haghaidh Theideal Domhanda Cleitmheáchain UFC. Is cainteoir líofa Gaeilge é an fear a spreag an ‘Notorious’ agus an t-arm de throdaithe nua Éireannacha atá ag cothú stoirme i saol UFC i láthair na huaire. Labhair Méabh Ní Thuathaláin le Tom Egan.


Sé bliana ó shin, i lár Eanáir 2009, leag Tom Egan a chos isteach in ochtagán an O2 i mBÁC, a chathair dhúchais, dá chéad troid ar ardán Ultimate Fighting Championship.

Oíche na gcéad a bhí in ‘UFC 93’: an chéad uair don UFC teacht go hÉirinn agus an chéad uair ag Éireannach páirt a ghlacadh ann.

Ag an am sin ní raibh UFC i mbéal an phobail mar atá anois agus ní raibh mórán daoine in Éirinn fiú ag plé leis na hEalaíona Comhraic Measctha (ECM), nó MMA mar a thugtar air go coitianta.

In 2009, ba é Tom an t-aon duine in Éirinn a bhí ag troid ag leibhéal UFC, gan é ach scór bliain d’aois.

Cé nár éirigh leis an bua a fháil sa chéad chomhrac sin, deir sé nach bhfuil “aon aiféala” air faoi thabhairt faoin spórt chomh luath sin sa lá.

“Cinnte, ag féachaint siar, bhí mé ró-óg,” arsa an Duibhlinneach a bhfuil cónaí air anois i mBostún.

“Ní raibh mé ullmhaithe a dhóthain, ach tharla rudaí i ndiaidh na troda nach n-athróinn.

“Bhuail mé le daoine breátha agus tháinig deiseanna eile i mo threo. Ba dheis den scoth é ag an am nach bhféadfainn a ligean le sruth.”

Seans gurb é an rud is suntasaí faoin chéad chluiche sin ná an lorg a d’fhág sé ar Conor McGregor agus trodairí eile Éireannacha amhail Cathal Pendred, Neil Seery agus Patrick Holohan a bhí sa lucht féachana ar an oíche.

Aithníonn siad ar fad gurb é Tom a bhí mar spreagadh acu dul isteach in UFC.

tom-egan-1

Seanchairdeas

Bhí seanaithne ag Tom agus Conor ar a chéile ó Choláiste Cois Life, scoil lán-Ghaeilge i Leamhcán ina raibh siad beirt mar dhaltaí.

“Chuala mé Conor faoi agallamh i mbliana ag tagairt don chéad troid a bhí agam mar throdaí UFC agus ní raibh barúil agam ag an am go ndeachaigh mé i bhfeidhm air,” arsa Tom.

“Cúig bliana ar aghaidh bím ag traenáil le Conor agus tá seisean anois ag tabhairt spreagtha domsa agus do go leor daoine eile.”

Cé go bhfuil Tom ag cur faoi sna Stáit le roinnt blianta anois, é sáite i saol ECM agus na Gaeilge thall, coinníonn sé súil ghéar ar a bhfuil ag tarlú ar ais in Éirinn.

Is cúis áthais é do Tom go bhfuil UFC tagtha ar aghaidh chomh láidir sin in Éirinn ón uair ar fhág sé féin an tír.

“Foghlaim ar bhonn trialach is earráide a bhí i gceist i bhfírinne. Tá na trodaithe sa bhaile le moladh go mór, tá sé déanta go maith acu,” ar seisean.

“Ba phróiseas fada é inar tugadh faoi deara de réir a chéile go raibh gá le meáchan a iompar ar an bhealach ceart, slí bheatha sláintiúil agus iomlánach a chothú agus rinneadh go leor taighde ar an ábhar.

“Tá an toradh á bhaint anois.”

Is mór an cuidiú é d’iomrá an spóirt go bhfuil ráth agus mealltacht McGregor ag dul i bhfeidhm ar an saol mór agus é ag déanamh an bhealaigh don bhuíon láidir trodaithe as Éirinn atá ag dul in iomaíocht le plúr UFC, mar a tharla i mBostún i mí Eanáir i mbliana.

Mairfidh ‘UFC Fight Night 59’ i mbéaloideas na nEalaíon Comhraic de bharr an tsár-thaispeántais a chuir trodaithe na hÉireann ar fáil ar an oíche, le McGregor, Holohan agus Pendred ar fad ag aimsiú na sprice.

Agus dá mbeifeá ag smaoineamh gur láidreacht fhisiciúil amháin atá taobh thiar den dul chun cinn seo, bheadh suim agat fáil amach go leagann Tom béim ar leith ar chúrsaí fealsúnachta agus spioradáltachta agus é ag plé ECM.

“Mar throdaí, cuireann tú aithne dhochreidte ort féin,” a mhíníonn sé.

“Caithfear disciplín a chothú, do chorp agus spiorad a láidriú, muinín a fhorbairt agus caithfear a bheith ‘istigh ann’ céad faoin gcéad.”

Ach an mbeifeá ag iarraidh go mbeadh do pháistí féin ag plé le hECM?

“Ní cheapaim go bhfuil spórt ann a bheadh níos fearr do pháistí, ach tabhairt faoi mar is ceart.”

Cosaint agus conspóid

Tráthúil go leor, ba í máthair Tom a chuir an ruaig air dul amach chuig ranganna cicdhornálaíochta agus é 12 bliain d’aois.

Ba é sin a chéad bhlaiseadh de ECM – iarracht a bhí ann réiteach a fháil de scata déagóirí níos sine a bhí ag tromaíocht air.

“Sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh páistí in ann iad féin a chosaint. Ní amháin sin ach cothaíonn sé nósanna maithe sláinte agus is cuidiú é le do shaol pearsanta.”

Is barúil spéisiúil í ach ní bheadh gach uile dhuine ar aon tuairim leis.

An samhradh seo caite spreagadh díospóireacht in Éirinn i ndiaidh do Ray D’Arcy agallamh a chur ar an trodaí Cathal Pendred, a bhí díreach tar éis a chéad bhua UFC a thabhairt leis.

Dhírigh D’Arcy cuid mhaith den chaint ar bhrúidiúlacht na gcluichí, á rá gur spórt foréigneach é, agus lean plé teasaí ar Twitter dá bharr.

Níorbh í sin an chéad uair a ardaíodh an cheist sna meáin ach oiread.

In 2012 tuairiscíodh gur dhúirt an tAire Catherine Noonan go raibh UFC “ultra violent” agus “awful”, tagairtí a fuair aisfhreagra an-láidir ó lucht leanúna an spóirt.

Aineolas agus easpa tuisceana ba chúis leis an cháineadh, dar le Tom.

“Tá taobh den spórt nach luíonn ró-mhaith le roinnt daoine,” ar seisean.

“Tá muid ag caint ar bheirt i gcaighean ag déanamh dochair dá chéile.”

“Ní gá ach breathnú ar an aistriúchán Gaeilge ar ‘Ultimate’.

“Is é atá ann ná ‘deireanach’ nó ‘deiridh’, focail a chothaíonn an íomhá d’iomaitheoirí á mbualadh go dtí nach féidir leo iad féin a chosaint a thuilleadh.”

tom-conor

Cibé tuairim a bheadh ag duine ar an chluiche féin, tá sé deacair gan ardmheas bheith agat ar leithéidí McGregor mar fhear spóirt, mar lúthchleasaí tiomanta agus dírithe ar bharr a cheirde a bhaint amach.

Ní hamháin go bhfuil an Notorious ag tarraingt clú air féin ach ar UFC fosta – tá a throid anocht i Las Vegas i gcoinne Chad Mendes ar an troid is luachmhaire riamh i stair an spóirt, $7.1 milliún.

“Níl aon amhras go bhfuil Conor ar dhuine de na laochra móra atá ag UFC anois, gan trácht air mar laoch agam-sa.

“Is léiriú maith é Conor ar an chaoi ar féidir d’fhís a fhíorú ach an obair a chur isteach,” arsa Tom.

“Má chreideann tú ionat féin, céad faoin gcéad, má chreideann tú go bhfuil sé tuillte agat agus má chuireann tú an obair chrua isteach, beidh leat.

“Sin bunús Conor, agus is mór an spreagadh é, ní amháin i réimse an spóirt ach i réimse an tsaoil iomláin.

“Is eiseamláir an-mhaith saoil é, go háirithe do dhaoine óga in Éirinn.”

Póg mo thóin!

Ar ndóigh is iomaí íomhá atá ag Conor McGregor, é gléasta in amanna mar throdaí samúraí ag spalpadh mhantraí Bruce Lee nó mar fhear uasal in éidí snasta.

Ach is Gael é chomh maith, agus aithníonn Tom go bhfuil deis ag Conor an Ghaeilge a chur chun cinn, deis atá á tapú aige níos minice de réir a chéile.

Labhair sé as Gaeilge ag preasócáid i mBaile Átha Cliath i mí Mhárta agus díreach cúpla lá ó shin dúirt sé “Póg mo thóin” beo ar theilifís na Stát Aontaithe.

“Bím ag iarraidh brú a chur air níos mó Gaeilge a úsáid,” arsa Tom.

“Tá an teachtaireacht sin ag dul i bhfeidhm air agus bheinn ag súil le tuilleadh Gaeilge, agus tuilleadh buanna, ag teacht uaidh amach anseo.”

Níl mórán ann a chuirfeadh geall ina éadan sin anocht.


Is féidir eachtraí iomlána Tom a leanúint ar Twitter anseo.

SCÉALTA EILE