‘An rud is tábhachtaí a thugann an cóitseálaí dá fhoireann ná an grá’

Is é ceann de na hábhair chainte is mó i saol an spóirt ná conas foireann rathúil a ullmhú ag an leibhéal amaitéarach agus go minic bíonn na fadhbanna céanna ag go leor clubanna rugbaí in Éirinn: éiríonn imreoirí as an imirt nó ní thagann siad chuig an traenáil. Uaireanta, fadhbanna eile a bhíonn i gceist: bíonn siad róghnóthach leis an obair nó tá siad ag iarradh am a chaitheamh lena dteaghlach – rudaí nach féidir argóint faoi.

Ach tá trí bhunchloch ann atá riachtanach do cóitseálaithe má tá siad ag iarradh foireann rathúil a chruthú agus is iad sin seilbh, tuiscint, agus grá. 

Teastaíonn ceannaireacht i ngach aon fhoireann, cinnte, ach caithfidh an cheannaireacht sin teacht ó na himreoirí iad féin. Is leo an fhoireann; níl sa chóitseálaí ach éascaitheoir a thugann treoracha dóibh. Sin an smaoineamh, ar aon nós. 

Muna bhfuil úinéireacht ag na himreoirí ar an stíl imeartha nó ar a laghad ar roinnt rudaí beaga a dhéanann an fhoireann, tá sé sách deacair muinín agus ceannaireacht a fhorbairt. Caithfidh na himreoirí a bheith freagrach as a n-iarrachtaí féin, as a gcothú féin, agus as a dtraenáil féin. Caithfidh imreoirí a bheith freagrach as a gcuid iompair agus an fhoireann a threorú. Ar ndóigh, níl tada nua ansin, ach leanann sé ar aghaidh go dtí an chéad rud eile.

Teastaíonn tuiscint. Muna dtuigeann imreoirí an fáth taobh thiar de na ghníomhachtaí a dhéanann siad i rith na seachtaine nó an fáth a mbíonn tú ag impí orthu scil a fhorbairt, ní dhéanfaidh siad é. Caithfidh an fáth taobh thiar de gach rud a bheith soiléir dóibh. Is spórt iontach é rugbaí agus is spórt simplí é ar go leor bealaí. Ach díreach ar nós gach aon rud sa saol seo, muna dtuigeann tú rud éigin nó muna bhfuil tú ag baint taitneamh as rud éigin, ní dhéanfar é. Tá an tuiscint sin ar an leibhéal céanna leis an gceannaireacht.

An rud is tábhachtaí ná aon rud eile ná grá. Nílim ag rá go gcaithfidh gach aon imreoir a bheith ina ndlúthchairde. Mar a dúirt Pat Lam liom uair amháin, teastaíonn grá agus tacaíocht ó gach aon duine. Fiú má cheaptar nach dteastaíonn sé ó dhuine éigin, téann an grá i bhfad níos faide ná íde béal agus tú ag iarradh imreoir a spreagadh. Caithfear caidreamh a bheith agat le d’imreoirí. 

B’fhéidir go bhfuil frustrachas ort nach bhfuil imreoir éigin dírithe ar an traenáil oíche amháin, ach b’fhéidir nach bhfuil a fhios agat go bhfuil siad faoi strus ag an obair. B’fhéidir nach bhfuil imreoir eile lán le fuinneamh, ach b’fhéidir go raibh siad thuas i rith na hoíche le ball teaghlaigh atá tinn.

Má tá na comhráite beaga seo agat le himreoirí agus má thuigeann tú na fadhbanna atá acu sa bhaile nó ag an obair, tá sé i bhfad níos éasca déileáil leo. Ní hamháin sin, ach má fheiceann an t-imreoir an grá sin (agus is é an grá go díreach céard atá á thaispeáint agat) leanfaidh siad ar aghaidh ag déanamh iarrachta ar son na foirne. Uaireanta, tá sé chomh simplí sin. 

Tá sé deacair smaoineamh mar sin an t-am uilig, mar shampla nuair a fhaigheann tú téacs maidin an chluiche ó imreoir ag rá nach mbeidh siad ann nó nuair a deir imreoir go mbeidh siad ag áit éigin ag am éigin agus níl siad, gan rabhadh ar bith. Ach caithfear leanúint ar aghaidh ag déanamh iarrachta an tuiscint agus an grá a léiriú. An té nach gcuireann san earrach ní bhaineann sé san fhómhar.

SCÉALTA EILE