‘An-seans ag Éirinn éacht ollmhór a bhaint amach maidin amárach’

Cé gur bhuaigh Éire in aghaidh na Nua-Shéalainne an tseachtain seo caite, ní bheidh imreoir ar bith (nó tacadóir ar bith ar an oileán seo) sásta le bua amháin sa tsraith stairiúil seo. Bhuaigh Éire cluiche den chéad uair riamh ar thalamh na Nua-Shéalainne i gcluiche a chríochnaigh 12-23 do na cuairteoirí ach an rud faoi spórt proifisiúnta ná gurb é an chéad rud eile atá le teacht an rud atá tábhachtach, ní an rud a rinne tú seachtain ó shin.

Gaisce a bhí ann seachtain ó shin, cinnte, ach tá seans ag Éirinn anois sraith a bhuachan sa Nua-Shéalainn, rud nach ndearna siad riamh. Sin an rud faoin stair: nuair a athscríobhtar í, caithfidh tú scéal éigin nua a chruthú.

Ní raibh ionadh ar bith ar aon duine nuair a ainmníodh an fhoireann maidin inné. Níl ach athrú amháin ann ón bhfoireann a d’imir seachtain ó shin, agus Garry Ringrose fágtha amach (gortaíodh seachtain ó shin é). Líonann Bundee Aki an áit sin, agus Keith Earls ar an mbinse. Má léitear roinnt de na barúlacha uilig ar na meáin shóisialta, cheapfá nach raibh seans ar bith acu éacht stairiúil a bhaint amach, ach tá.

Sa chéad chluiche, ní raibh an réiteoireacht thar mholadh beirte agus bhí an ceart againn a bheith buartha faoi chaighdeán na réiteoireachta.Níorbh é sin an fáth ar chaill Éire an cluiche sin, ach níor chabhraigh sé. Scóráladh úd nár aithníodh agus tharla go leor rudaí lasmuigh den imirt nach ngearradh aon phionós astu. 

Ach sa dara cluiche, scéal eile a bhí ann. Cinnte, bhí botúin ann. Ba cheart go mbeadh an Nua-Shéalainn ag imirt le 12 in áit 13 ar feadh píosa agus fós ní thuigim conas a cheap an fhoireann réiteoireachta go raibh Jordi Barrett in ann greamú a dhéanamh ar Garry Ringrose, ag diúltú úd d’Éirinn ag an am céanna. Chomh maith leis sin, bhí an t-ádh ar Sam Cane go raibh riail an bhuntáiste ag Éirinn nuair a tháinig sé isteach sa chliseadh ón taobh; is dóigh mura raibh bheadh cárta buí eile bronnta orthu. Ach tugadh cártaí d’imreoirí a bhris na dlíthe, rud nár tharla sa chéad chluiche.

Ní raibh cluiche maith ag líne thosaigh na Nua-Shéalainne ach an oiread. B’fhéidir go raibh sé deacair orthu fáil isteach ar an gcluiche mar thoradh ar na cártaí a bronnadh agus a bheith ag teacht agus imeacht ón bpáirc. Ach chonaiceamar droch-chosaint uatha agus d’aimsigh Éire (Sexton chun an fhírinne a rá) go raibh bearnaí ann eatarthu. 

Ní raibh ionsaí na Nua-Shéalainne iontach ach an oiread. Tá an stíl imeartha céanna acu atá ag Éirinn. Leanann siad orthu ag imirt go dtí go gcruthaíonn siad bearnaí. Bíonn cúlaí ag fanacht taobh thiar de thosaithe ag fanacht ar phas nuair a aimsíonn siad an deis ach, seachtain ó shin, ní raibh na cúlaithe san áit cheart chun an pas sin a thógáil. Thit an t-ionsaí as a chéile arís agus arís eile mar thoradh ar dhrochphas nó duine ina sheasamh san áit mhícheart.

Rud eile a bheidh an Nua-Shéalainn ag iarradh a dheisiú ná an chlibirt. Bhí an lámh in uachtar ag Éirinn sa chlibirt. Sa dara leath, ghéill Nua-Shéalainn trí chic éirice in aghaidh a chéile, ciceanna éirice a d’eascair ón gclibirt. Tar éis an chárta dheirg, níor chuir siad ach seachtar isteach sa chlibirt fiú nach raibh siad in ann smacht a choinneáil ann. Ní tharlóidh sé sin arís.

Beidh Sam Whitelock ar ais dóibh don lá amárach agus bogann Scott Barrett (fear nár cheart a bheith in ann imirt sa chluiche seo ach ní fiú a bheith ag gearrán) ar ais go dtí taobh na clibirte ag uimhir a sé, díreach cosúil leis an gcéad chluiche. Cruthaíonn sé sin go leor cumhachta ar an taobh sin den chlibirt agus beidh Andrew Porter faoi go leor brú. Bhí cluiche iontach aige sa dara cluiche; teastaíonn níos mó uaidh arís amárach.

Tá gaisce bainte amach ag Éirinn ar an turas seo cheana féin. Ach anois tá deis acu rud éigin ollmhór a dhéanamh maidin amárach. Tá an-seans acu é a dhéanamh.

SCÉALTA EILE