Chuir Mná na hÉireann tús lena gcéad chluiche sa Chorn Domhanda aréir i bPáirc Olympic, Sydney os comhair slua 75,784. Bhí an searmanas oscailte don Chorn Domhanda ar siúl i bPáirc Eden, Auckland ina cuireadh béim láidir ar chultúr na hAstráile agus na Nua-Shéalainne. Tá foireann na hÉireann lonnaithe in Brisbane don tréimhse agus thaistil siad go Sydney tráthnóna Dé Céadaoin agus cuireadh fáilte mhór rompu ag an aerfort nuair a tháinig lucht tacaíochta na hÉireann amach.
Bhailigh lucht leanúna na hÉireann le chéile sa teach tábhairne Molly Malone’s roimh an gcluiche agus bhí an-spórt agus an-chraic ann. Bhí amhráin na hÉireann le cloisteáil ó chian agus ó chóngar i measc balla an ghlais.
Ba é ‘Stand Up For The Girls In Green’ an gháir a chan lucht leanúna na hÉireann trí Pháirc Olympic le linn an chluiche. Bhí Courtney Brosnan agus cúpla imreoir as an Astráil sna trithí gáire sa tollán sular thosaigh an cluiche nuair a chuala siad í. Bhí glas, bán agus oráiste le feiceáil i measc na nAstrálach ach ba é guth mhuintir na hÉireann an guth is láidre ó thaobh canadh de.
Sa chéad leath, bhí imirt mhaith le feiceáil idir an dá fhoireann, ach ar an drochuair, fuair Denise O’Sullivan cárta buí ag 41 nóiméad. Sa dara leath, d’éirigh leis Astráil pionós a fháil agus tháinig cúl as mar thoradh. In ainneoin imeachtaí na hoíche, níor ghéill lucht tacaíochta na hÉireann agus is cosúil gur chabhraigh an canadh leis na cailíní. Tháinig siad ar ais chucu féin roimh dheireadh an chluiche agus bhí an-iomaíocht idir na foirne.
Beidh an chéad chluiche eile ar siúl ar an 26 Iúil in aghaidh Ceanada in Perth (Staid Rectangular). Ar aghaidh libh, a chailíní agus táimid an-bhródúil asaibh!