An té atá saor caitheadh sé an chéad chloch…

Is iomaí uair dom ag ceistiú cén fáth a roghnódh aon duine a bheith ina réiteoir.

Bíonn muid ag súil go mbeidís aclaí, go mbeadh radharc foirfe na súl acu, nach ndéanfadh siad botún riamh, agus go ndéanfaidís an cinneadh ceart. I gcónaí.

Ní mhaitear aon dearmad. Agus deirtear leo go hard agus corr-uair go bagrach cé chomh huafásach agus atá siad. Fiú ar an lá is fearr a bheadh acu ar an bpáirc, bheadh ar a laghad 50% den slua míshásta leo ag dul abhaile.

Tá go leor ráite le cúpla bliain faoi mheabhairshláinte agus síceolaíocht lúthchleasaithe agus imreoirí, agus an brú a bhíonn orthu.

Ach cé chomh minic a smaoinigh muid ar an mbrú a bhíonn ar an réiteoir? Nó ar an tionchar síceolaíoch a d’fhéadfadh a bheadh ag an íde a fhaigheann siad?

Gan iad, ní bheadh aon spórt againn, agus ina ainneoin sin, tá siad seasta curtha i ndrocháit, gan tacaíocht, ag déanamh cinntí atá thar a bheith tábhachtach do na foirne. Chonaic muid é seo an tseachtain seo caite agus dhá chluiche iomána iontach millte mar gheall ar an méid a bhí le rá faoi na réiteoirí.

Caithfidh réiteoirí a bheith aclaí, in ann a bheith sách láidir chun déileáil leis an méid a chloiseann siad ó imreoirí agus bainisteoirí a sheasamh, chomh maith leis an torann ón slua, agus a bheith sách láidir san inchinn chomh maith, sa gcaoi agus nach gcuirfidh na rudaí seo isteach ar na cinntí atá á ndéanamh acu.

Tá an méid atá á sianáil isteach orthu ag éirí níos measa chuile bhliain, agus i spóirt eile tá rudaí á gcaitheamh leo, agus a mbeatha á mbagairt. Is iomaí uair anseo a bhfeiceann muid Garda ag tabhairt réiteoir amach ón bpáirc ag deireadh cluiche peile go fiú.

An rud is mó a thagann amach as na comhráití ar fad ná nach bhfuil siad ag fáil a ndóthain tacaíochta ná teicneolaíochta in CLG faoi láthair agus caithfidh sé sin athrú.

Tá spóirt eile ann, cosúil le rugbaí, leadóg agus go deimhin peil na mban, a bhaineann úsáid as an teicneolaíocht chun cuidiú leo. Tá ‘súil an tseabhaic’ ag CLG ag cúpla páirc imeartha, ach faraor, ní thugann sé sin aon chúnamh mór don té atá i measc na n-imreoirí ag iarraidh súil a choinneáil ar chuile shórt eile a tharlaíonn.

Tá craiceáil orainn mar lucht féachana agus craiceáil ar CLG má tá muid ar fad ag súil go mbeadh an té atá i lár báire 100% cruinn i gcónaí. Tá siad maraithe amach ag rith agus faoi bhrú ollmhór ag na mílte atá ag breathnú orthu. Sin sula dtosnaíonn an brú ó na meáin shóisialta, The Sunday Game, agus gach mac máthar le colún i nuachtán éigin. Cuireann sé strus ar dhaoine agus méadaíonn an strus sin nuair is cluiche tábhachtach atá ann.

Caithfear níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh chun jab níos fearr a dhéanamh ar an bpáirc. Ach teastaíonn tacaíocht ó thaobh na síceolaíochta de uathu chomh maith. Ní dóigh liom go mbeadh sé go maith do mheon aon duine cúpla míle giolc á cháineadh a léamh.

Mar sin an chéad uair eile a mbeidh fonn ort réiteoir atá ag saothrú a choda a cháineadh, ceistigh tú féin, agus fiafraigh, an bhfuil tusa difriúil le gach duine eile ar an domhan seo? An tusa an saoi gan locht?

SCÉALTA EILE