‘An tsraith fhoirfe’ bainte amach ag Na Gaeil Óga

D’éirigh le Na Gaeil Óga CLG  ‘an tsraith fhoirfe’ a bhaint amach ag an deireadh seachtaine agus an 15ú cluiche as 15 cluiche, nó an 15/15, buaite acu in aghaidh Naomh Jude CLG i dTeach Mealóg Dé Domhnaigh.

Ba i Roinn 6 de Shraith Bhaile Átha Cliath a bhí foireann Peil na bhFear A ó Na Gaeil Óga CLG, cumann CLG lánGhaeilge na hardchathrach, ag imirt i mbliana agus súil acu ardú céime a fháil go Roinn 5 don chéad séasúr eile. 

Cé gur chinntigh Gaeil na príomhchathrach an corn agus a n-áit sa roinn sin coicís ó shin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Státseirbhísigh, bhí “díocas” ar na himreoirí cluiche an deireadh seachtaine seo caite a bhuachan agus ‘an tsraith fhoirfe’ a bhaint amach. 

Rinne siad an beart agus tá ardú céime don séú bliain i imeacht seacht mbliana faighte ag an gcumann lánGhaeilge, ó bunaíodh in 2010 iad. Bronnadh corn Roinn 6 ar fhoireann A Na Gaeil Óga i ndiaidh chluiche an Domhnaigh. 

Dúirt duine de lucht bainistíochta na foirne, Colin Ó Conghaile, le NÓS go bhfuil sé “fíorbhródúil” as na himreoirí a sháraigh dúshláin bhí “fíordheacair” i mbliana. 

“Tá sé sách deacair an tsraith féin a ghnóthú ach  tá fíordheacair ní hamháin an tsraith a ghnóthú ach an tsraith fhoirfe a dhéanamh agus 15 cluiche a imirt agus gach aon cheann acu a ghnóthú freisin. Bhí díocas ar na leaids an cluiche deireanach sin a ghnóthú agus an tsraith fhoirfe a bhaint amach, ní dhearna foireann ar bith eile sna sraitheanna eile i mbliana é. 

Tá muid an-sásta leis an mbua agus ag súil leis an mbliain seo chugainn. Beidh muid ag dul suas go Roinn 5, agus is dóigh go mbeidh ardú ar an gcaighdeán peile sa roinn sin,” a dúirt Colin. 

SCÉALTA EILE