Baill aonaracha a dhéanfaidh difear i dtaobh na teanga i CLG

Deirtear liom go bhfuil breis agus leathmhilliún ball ag Cumann Lúthchleas Gael ach mar sin féin, bhí an mantra céanna ag gach aon duine thar chupán caife maidin Dé Sathairn seo caite — go raibh “scaifte breá ann” i láthair don seimineár ar Chumann Lúthchleas Gael agus an Ghaeilge. Agus is dóiche go raibh an ceart acu. Ní dhéanann ócáidí plé sainspéise i nGaeilge sluaite móra a tharraingt ag am ar bith agus bhí breis agus céad duine i bPáirc an Chrócaigh don phlé moch maidine.

Agus mé ag éisteacht leis na cainteanna dom thiocfadh bheith den tuairim gur bhain an t-ábhar seo, ‘CLG agus an Ghaeilge’, le tagairtí polaitiúla, le heachtraí a tharla aimsir na hathbheochana nó leis na meáin Ghaeilge amháin agus ní leis an gCumann féin nó le Cumann ár linne.

Ba é Uachtarán an Chumainn, Aogán Ó Fearghail, a thug an píosa cainte is suntasaí den lá go luath ar maidin nuair a d’fhógair sé go mbeidh Oifigeach Gaeilge lán-aimseartha ag CLG amach anseo. Dea-scéal go cinnte, tús maith leis an lá agus mé réidh le tuilleadh a chloisteáil faoi phleananna sa cheannáras agus díospóireacht faoi ról an chumainn i gcothú na teanga.

I ndiaidh an Uachtaráin sin, tháinig Uachtarán eile agus thug an Dr Niall Comer caint spéisiúil ar an cheangal idir Conradh na Gaeilge agus CLG trí na blianta. Labhair Paul Rouse ar an CLG “trí lionsa an cheamara” agus labhair Pádhraic Ó Ciardha ar an dóigh ar éirigh le TG4 agus RTÉ RnaG caighdeán craoltóireachta a ardú agus leis sin, an líon daoine a bhí ag fáil a cuid fix spóirt i nGaeilge.

Bhí seisiún iontach sa tráthnóna inár fhreagair imreoirí a thug óráidí breátha uathu ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin ceisteanna ó Sheán Bán Breathnach, mar a bhí Dara Ó Cinnéide, Ríona Ní Bhuachalla, Joe Connolly agus Aoife Ní Chasaide agus bhí deis againn éisteacht siar lena gcuid óráidí. Tógáil croí a bhí ann gan aon amhras éisteacht siar leis na focail Ghaeilge phaiseanta sin a chuaigh fud fad an domhain i móimint mhothúchánach inar mhothaigh muid ar fad bródúil agus Gaelach os comhair an tsaoil mhóir.

Ach bhí mo shúilse go fóill ar na hardáin mhóra thart orm, bonneagar an chumainn agus cathú orm tuilleadh plé a dhéanamh faoin chumann féin: polasaithe nua teanga, beartais, scéimeanna, srl. Bhí an t-ábhar cainte eile tánaisteach dar liom. Cinnte go raibh an-fhiúntas leis na heilimintí eile a pléadh: an stair, na meáin, imreoirí, cluichí, óráidí, laochra, agus eile, ach bhí slánú na Gaeilge uainn go fóill.

Is ansin a tháinig an t-iarthráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh chun ardáin. Agus tá dóigh dheas, réidh ag Micheál go fóill. Má chuir sé draíocht orainn lena chuid cainte thar na haerthonnta tríd na blianta is cumhachtaí ar fad a chuid cainte agus é i do láthair.

D’imigh pé frustrachas teanga a bhí orm an lá sin le linn a chainte réchúisí. Ní raibh mé liom féin, bhí sé le mothú sa seomra gur chuir sé dea-fhonn ar gach aon duine againn agus is san atmaisféar sin gur rith sé liom gur Cumann muid i gcónaí, pobal CLG. Is iad na baill aonaracha a dhéanfaidh difear i dtaobh na teanga de agus is as na eilimintí “tánaisteacha” sin a thiocfadh athruithe diaidh ar ndiaidh ach meanma na gcainteoirí a bhí againn Dé Sathairn a leanúint, a chothú agus a scaipeadh inár gclubanna féin.

Tá Cumann Lúthchleas Gael, trí Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus an caidreamh le Glór na nGael, ag tógáil céim mhaith chun tosaigh i dtaobh chothú na Gaeilge ag leibhéal an chlub de ach ní fhágfaidh an tionscadal comhoibrithe sin an Cumann féin saor ó aon dualgais eile i leith na teanga. Tá tuilleadh le déanamh ansin go fóill, ach tá obair le déanamh againn ar fad. Tá súil agam gur thús maith a bhí sa seimineár seo ar chomhrá a leanfaidh ar aghaidh agus a spreagfaidh gníomh. Tá tuilleadh le déanamh againn go fóill.

SCÉALTA EILE