Den chéad uair riamh beifear in ann amharc ar chluiche ceannais peile na hÉireann trí mheán na Gaeilge inniu.
D’éirigh go hiontach leis an Sunday Game Beo Dé Domhnaigh seo caite nuair a cuireadh tráchtaireacht teilifíse ar fáil don chluiche ceannais iomána – ina bhfuair Luimneach an bua ar Chill Chainnigh i ndiaidh sárthaispeántais sa dara leath – agus beidh RTÉ i mbua na seirbhíse céanna don choimhlint mhór idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí tráthnóna.
Is í Evanne Ní Chuilinn a bheidh ag cur an clár i láthair agus Garry Mac Donncha a dhéanfaidh an tráchtaireacht féin, an 60ú huair dó a bheith ina thráchtaire ar chluiche ceannais na hÉireann, idir an pheil, an iománaíocht agus an chamógaíocht.
Is ar RTÉ News Now, an RTÉ Player agus Saorview HD a bheidh an leagan Gaeilge den Sunday Game le fáil agus tá buntáiste sa bhreis leis freisin mar nach mbeidh aon bhriseadh fógraíochta sa chlár Gaeilge, rud a thugann níos mó ama don anailís féin.
Cuirfear tús leis an gcluiche idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí ar 15:30 agus is ar 14:55 a thosóidh an Sunday Game Beo.
Ar ndóigh beidh an cluiche á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta chomh maith mar is gnách.
Gach rath ar na foirne, mar sin, agus bainimis leas as an tráchtaireacht Ghaeilge arís inniu!