Níl mórán atá mise in ann a rá faoin dornálaí Seán Mannion, as Ros Muc i gContae na Gaillimhe nár dúradh cheana féin. Go háirithe agus dhá leabhar foilsithe ag Rónán Mac Con Iomaire faoi, agus scannán déanta faoi chomh maith. Is dóigh, gurbh é an rud ba shuntasaí a sheas amach dom féin agus mé ag léamh an leabhair agus ag breathnú ar a scéal ar an scáileán, ná an t-uaigneas a bhí ar an bhfear, agus an méid náire a bhí air, gur buaileadh é.
Cé go raibh muintir Chonamara maraithe ag an mbród. Thaispeáin sé dom, arís, gur cuma céard a bhainfeadh duine amach, mura bhfuil siad sásta iontu féin, ní bheadh mórán maitheasa ann dó.
Tá go leor den tseachtain seo caite agam ag machnamh ar Sheán Mannion, agus ar an dornálaíocht. Tá TG4 ag craoladh na dornálaíochta an deireadh seachtaine seo. Beidh Seán Mannion i measc an lucht anailíse agus beidh mise ag obair ar an gclár chomh maith.
Cé gur iomaí scéal a chuala mé ar an teaghlach ar an gCeathrú Rua faoin Mainníneach, níor chas mé riamh leis an bhfear go dtí gur thosaigh mé ag obair le Nuacht TG4.
In 2009, chuir an dornálaí Darren Sutherland a láimh ina bhás féin, agus cuireadh mise siar chuig Ros Muc ag Seán Mannion le cúpla focal a fháil uaidh faoin tragóid. Bhí sé i lár seisiún traenála le fear óg eile as cathair na Gaillimhe agus lean an seisiún ar aghaidh sa gcúlra an fhad agus a bhí muid ag taifead an agallaimh.
Labhair Seán faoin uaigneas a bhíonn ar fhir óga agus iad ag dornálaíocht go gairmiúil. Uaireanta an chloig leo féin. Thuas seal, thíos seal, ag rá gur iomaí bliain a chaitear ag obair gan aon aitheantas, go dtagann an t-aitheantas sa deireadh, ach go raibh sé deacair déileáil leis sin, go háirithe mura raibh rudaí fós ag dul go maith sa gcró.
Anuas air sin, bíonn brú ó dhaoine éagsúla teidil agus beilteanna a thabhairt leo. D’fhág mé Ros Muc agus chaith mé an oíche sin ag smaoineamh ar Sutherland agus ar Mannion agus den chéad uair riamh, thosaigh mé ag smaoineamh ar an tsíceolaíocht a bhaineann leis an spórt.
Níos túisce an bhliain sin, bhí a eachtra féin ag dornálaí eile a ndearna muid laoch de, Ken Egan, nuair a theith sé chuig Nua Eabhrac, gan an cóta féin air a dhroim.
Ag ól, fuair sé glaic airgid agus isteach leis ar eitleán, gan aon fhógra a thabhairt d’aon duine, cé go raibh sé in ainm is a bheith ag troid cúpla lá ina dhiaidh sin. Ní raibh an tacaíocht cheart aige le déileáil leis an mbrú a chuirtear ar an dornálaí cáiliúil.
Dúirt sé ina leabhar go raibh uaireanta ann go raibh aiféala air gur éirigh chomh maith leis, mar nach raibh mórán luach i mbonn airgid nuair a bhí sé féin iomlán ceannaithe aige.
Tá scéalta na ndornálaithe seo ar an taifead, agus is ceacht maith é dúinn ar fad. Maidir leis an Mainníneach, tá súil agam go dtiocfaidh an lá a bheidh faoiseamh ag a anam agus go dtuigfidh sé go bhfuil áit speisialta dó i gcroí mhuintir Chonamara. Dá mbeadh muid ar fad leath chomh maith leis, bheadh muid an-sásta go deo.