Den chéad uair riamh tá mé le halt a scríobh faoi spórt na mban agus ní bheidh mé ag plé cúrsaí comhionnanais, cúrsaí pá, easpa deiseanna ná áiseanna, cearta, ná acmhainní.
Ní labhróidh mé faoin méid daoine a bhreathnaigh nó nár bhreathnaigh ar chluiche, ar an scáileán nó a chuaigh chomh fada leis an bpáirc. Ní déarfaidh mé tada ach an oiread faoina laghad infheistíochta a dhéantar i spórt na mban i gcomparáid le fir a bhíonn ag imirt.
Anois agus é sin curtha díom agam, déanfaidh muid beagán machnaimh faoi na cluichí ceannais iontacha a bhí againn sa gcamógaíocht Dé Domhnaigh seo caite, agus go bhfuil trí chluiche ceannais peile iontach le n-imirt ag mná an deireadh seachtaine seo.
Baineadh taitneamh as an gcamógaíocht, agus bainfear taitneamh as an bpeil. Ní mar gheall gur mná atá ag imirt, nó in ainneoin gur mná atá ag imirt, ach de bharr gur lúthchleasaithe den scoth atá ós ár gcomhair agus go bhfuil siad ag tabhairt siamsaíochta, scil, agus láidreachta chomh fada linn.
Deirtear go leanann daoine spórt nó foireann áirithe mar gheall ar an gcraic agus mar gheall ar an gcomhluadar agus mar gheall ar an ardú agus briseadh croí a thugann sé dóibh. Sin síceolaíocht. Bhí sé sin go tréan sa gcamógaíocht.
Ghnóthaigh Ciarraí an chraobh shóisir, cé nach bhfuil ach cumann amháin ag déanamh ionadaíocht ar an gcontae uilig, ceal spéise sa gcontae sa sliotar. D’éirigh leis an Iarmhí an corn idirmheánach a sciobadh ó Ghaillimh. Ansin ghnóthaigh Gaillimh an chraobh shinsir den tríú huair riamh, agus briseadh croíthe Chill Chainnigh arís.
Ní raibh mórán barúla á thabhairt do na foirne seo, ach b’iad a chuaigh abhaile sásta. Sin a choinnigh na daoine ag breathnú orthu. Ní de bharr go raibh mná ag imirt. Nó gur mhothaigh daoine gur cheart dóibh féachaint orthu le teann dualgais tacú le mná.
Beidh an rud céanna amhlaidh sa bpeil. Tá an chraobh buaite ag Baile Átha Cliath dhá bliain as a chéile, agus beidh siad ag iarraidh é a choinneáil go ceann bliana eile. Beidh Gaillimh ag iarraidh stop a chur leo. Beidh sé fíochmhar. Beidh sé ina chath. Ag breathnú ar imreoirí peile a bheidh muid, ní ag breathnú ar mhná.
Tá an lá go bhfuil muid ag déanamh iontais go bhfuil mná go maith ag spórt imithe. Tá deireadh leis. In áit a bheith ag maíomh as na sluaite, bí ag impí ar na cainéil teilifíse níos mó den imirt a thaispeáint, agus ar bhoird chontae tuilleadh deiseanna imeartha a thabhairt do chailíní óga. Mar níl tada neamhghnách faoi. Agus faoin am a bheidh sé sin déanta agus tairbhe bainte ag glúin amháin as, ní ag caint ar spórt na bhfear ná spórt na mban a bheidh muid níos mó, ach ar spórt.