Má fhéachann tú ar Quarterback ar Netflix, seó a leanann tríur ceathrúchúlaithe atá ag imirt san NFL, beidh ionadh ort faoin léargas a thugtar ar a saol pearsanta agus ar a n-ullmhú dá gcluichí. Tá siad macánta faoi gach rud. Ar ndóigh, ní hé seo an chéad seó mar seo ón NFL. Thug Hard Knocks léargas dochreidte ar thraenáil na bhfoirne a bhí faoi chaibidil ansin freisin.
Ó thús deireadh an chláir, labhraíonn na himreoirí faoi na glaonna imeartha a úsáidfidh siad i gcluichí agus conas a cheap siad iad. Pléann siad an staidéar atá déanta acu ar a bhfreasúra agus na deiseanna a lorgaíonn siad ina gcoinne. Tá na sonraí a ligeann siad dúinn a fheiceáil dochreidte.
Thug Drive to Survive deis don lucht féachana freisin teacht níos gaire do F1 agus mar thoradh ar an seó tá go leor leantóirí nua faighte acu. Fiú mura mbreathnaíonn daoine ar na rásaí, tá ainmneacha na dtiománaithe agus na bhfoirne ar eolas acu. A bhuíochas leis an léargas a fuair an lucht féachana, tá tiománaí is fearr leo anois cé nach bhfaca siad an spórt sula bhfaca siad ar Netflix é.
Ciallaíonn lucht féachana breise níos mó airgid. Ciallaíonn sé go bhfuil níos mó earraí margaíochta á ndíol ag foirne, go bhfreastalaíonn níos mó daoine ar chluichí, agus níos mó infheistíochta sa spórt.
Ach caithfidh rugbaí níos mó a dhéanamh. Tá seó Netflix le sruthú in 2024 bunaithe ar Chraobhchomórtais na Sé Náisiún 2023. Agus ón méid a scríobhadh faoi le linn an taifeadta, ba chosúil nach raibh na foirne chomh hoscailte agus a bheadh an lucht leanúna ag súil leis. Mar a luaigh Jack Conan i mí Feabhra, “I don’t know if it’s going to be the most riveting TV people have watched when it finally comes out”.
Bhí leisce ar chuid de na himreoirí is cáiliúla agallaimh a thabhairt. Ní raibh na cóitseálaithe ag iarraidh foirne ceamara ag na seisiúin traenála. Ar láimh amháin, tuigim. Ar an láimh eile, ba mhaith liom go mbeadh níos mó tóir ar an spórt. I ndeireadh na dála, sílim go léiríonn sé an spórt ón leibhéal is ísle.
Ba cheart eolas a roinnt. Tá i bhfad an iomarca cóitseálaithe sa tír a dhiúltaíonn a gcuid maoin intleachtúil a roinnt ar eagla go gcaillfidís cluiche ag am éigin amach anseo. Diúltaíonn siad seisiúin oiliúna a phlé nó conas gnéithe áirithe den chluiche a thraenáil. An gcuireann sé feabhas ar a gcuid deiseanna chun cluichí a bhuachan? An gcabhraíonn sé lena gcuid eolais ar an gcluiche a fheabhsú? I ndeireadh na dála, trí dhiúltú labhairt faoin spórt agus gnéithe éagsúla den spórt a roinnt, tá siad ag cailleadh deiseanna foghlama.
B’fhéidir go bhféadfadh an spórt ceacht a bhaint as seó Netflix. B’fhéidir gur cheart dúinn a bheith níos oscailte agus macánta lenár seisiúin traenála agus ár smaointe maidir le gnéithe den chluiche. Seans go bhfoghlaimeoimid go leor.