B’fhéidir gur cheart do mhuintir Chonamara geansaí Shasana a cheannacht…

Tá an ócáid is mó spóirt ar domhain sa mullach orainn, agus cé nach bhfuil foireann na Poblachta ann, ní shin le rá nach mbeadh blúiríní eolais againn ar bharr ár dteanga do na comhráití éagsúla a bheidh ag tarlú thar timpeall orainn as seo go ceann roinnt seachtainí. Diabhal dochar mura bhfuil aon tuairim faoin spéir agat faoi chaighdeáin imeartha, ná go deimhin, cé a bheidh ag imirt. Tá dóthain eolais san alt seo a choinneoidh ag imeacht tú má thagann ort.

Ar an gcéad dul síos, b’fhéidir nach bhfuil aon fhoireann againn ann, ach is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach nach bhfuil nasc thar a bheith caolchúiseach acu linn. B’fhéidir gur cheart do mhuintir Chonamara geansaí Shasana a cheannacht, mar go bhfuil mianach Leitir Fraic i gcaiptín Shasana Harry Kane. Cathánaigh an cheantair a bhronn air na cosa agus bróga órga. Is as Luimneach cuid eile dá mhuintir, ach mar bhean as Gaillimh, déarfaidh mé gur as na portaigh agus na clocha a tháinig cruas agus scileanna Kane. 

Má tá sé ró-dheacair ort a bheith ag tacú le Sasana (ní chuirfinn aon mhilleán ort, níl a lucht tacaíochta an-deas agus ar aon chuma, is briseadh croí a bheidh i ndán dóibh mar is gnáth) tá nasc caolchúiseach eile againn leis an Rúis. Comhlacht ón tír seo, darbh ainm SIS Pitches, a leag an féar ar shé cinn de na páirceanna imeartha, ina measc, ag Staid Luzhniki i Москва́ (Moscó). Is ansin a imreófar an cluiche ceannais an mhí seo chugainn. 

Tá 32 tír san iomaíocht. Chuir 210 tír uilig isteach air, rud atá spéisiúil ann féin, nuair nach dtugann na Náisiúin Aontaithe aitheantas ach do 190 stát. Tá sé ag dul ó mheabhair orm mar sin, cén fáth nár scaoil Sepp Blatter FIFA isteach muid nuair a láimhseáil Thierry Henry an liathróid i gcluiche cáilithe i 2009, mar is léir nach bhfuil siad an-mhaith ag comhaireamh. 

Níl aon chomórtas gan conspóid. Tharraing muidne raic i Saipan in 2002, is minic a bhíonn na Francaigh ag achrann eatarthu féin, ach an uair seo, is iad an Spáinn atá ag tabhairt ábhar cainte dúinn. Bhuail pus iad nuair a ghlac an cóitseálaí, Julen Lopetegui, le post nua, nach mbeidh ag tosú go dtí go mbeidh an comórtas thart, le Real Madrid, agus fuair siad réidh leis. Lá sular thosaigh an comórtas.

Seans maith gurbh iad na seaimpíní reatha, na Gearmánaigh a bheidh ag dul abhaile leis an gcorn, arís. Má tá tú fós briste tar éis an bualadh a thug an Danmhairg dúinn fan amach ó chluichí Grúpa C, mar is ann atá siad. Ár n-áit leis na Francaigh, Peiriú agus an Astráil tógtha acu.  

Ar deireadh, ná déan dearmad breathnú ar an gcluiche ina gcuirfear Sasana amach as an gcomórtas. Tá siadsan i nGrúpa G. Bíonn an-chraic ag baint leis, ag éisteacht lena dtráchtairí ag iarraidh ciall a bhaint as an bhfáth nach bhfuil imreoirí saibhre na Príomh-Roinne in ann liathróid a chiceáil gan í a chuir cam chomh luath agus a chuirtear geansaí bán orthu. Mura bhfuil muid in ann tacú lenar gcuid féin, bhí sé chomh maith dúinn sult a baint as imeacht neamh-mhaorga na Sasanach. Plus ça change, plus c’est la même chose. 

SCÉALTA EILE