‘Beidh ar an IOC aghaidh a thabhairt ar an meon nach bhfuil ann ach an dá inscne’

Ní minic a bhíonn Aotearoa (an Nua-Shéalainn) luaite sa nuacht idirnáisiúnta, agus tá cúis shimplí amháin leis sin — ní tharlaíonn mórán anseo. Tá sé éirithe níos measa le déanaí agus an teorainn dúnta ó thús na paindéime, agus ní leor ach sracfhéachaint a chaitheamh ar na nuachtáin náisiúnta anseo chun é sin a fheiceáil. Cruicéad, cúrsaí polaitíochta áitiúla agus bean a raibh Tiddlywink sáite thuas a srón aici ar feadh 37 mbliana a bhí i mbéal an phobail an tseachtain seo caite. 

Ach ó am go ham tagann scéal amach a mbíonn tionchar idirnáisiúnta aige, agus is dóigh liom gur ceann de na scéalta spóirt is mó le roinnt blianta anuas é an cinneadh a rinne Coiste Oilimpeach Aotearoa an tógálaí meáchan trasinscneach Laurel Hubbard a roghnú mar bhall den fhoireann a bheidh ag taisteal go dtí an tSeapáin go luath- an chéad uair a bheidh lúthchleasaí trasinscneach sna Cluichí Oilimpeacha riamh.

Is bean í Hubbard a d’athraigh a gnéas in 2012 tar éis cúpla bliain a chaitheamh ag glacadh páirt i gcomórtais náisiúnta mar thógálaí meáchan fireann ag deireadh na 1990idí. In 2017 chuaigh sí ar ais ag imirt, agus bhain sí áit amach i gCluichí an Chomhlathais mar bhean thrasinscneach in 2018. Bhris sí a huillinn sa chomórtas sin agus í sa chéad áit (tá an físeán ar YouTube má tá goile láidir agat!), agus ní raibh aon dabht ann ach go roghnófaí í le haghaidh na gCluichí Oilimpeacha i mbliana, toisc go raibh an sprioc cháilíochta bainte amach aici go héasca, agus gur chloígh sí leis na rialacha ón IOC maidir le leibhéal an téististéaróin. 

Ní raibh conspóid mhór sa tír seo caithfidh mé a rá. Is dóigh liom go raibh taithí ag pobal na tíre ar a cás cheana féin agus i measc na ndaoine a rinne comhghairmeacha léi bhí idir iriseoirí, pholaiteoirí (an Príomh-Aire Jacinda Ardern agus a comhghleacaithe gan dabht, ach uathu siúd atá ar an eite dheis chomh maith) agus mhuintir na tíre i gcoitinne.  

Ach ní mar sin a bhí sé ar na meáin shóisialta, sna meáin thraidisiúnta thar lear agus i measc lucht spóirt i roinnt tíortha eile, agus tá eagla orm go mbeidh an scéal ar cheann de na cnámha spáirne is mó le linn na gCluichí Oilimpeacha. Tá eagla orm freisin go gcuirfidh an chonspóid agus aird na meán isteach go mór ar Hubbard go pearsanta cé gur bean í a ghlac leis na rialacha agus nach ndearna rud ar bith nach raibh ceadaithe (agus ní féidir é sin a rá faoi gach aon lúthchleasaí a bheidh ann!).

Agus cad iad na rialacha? Ón mbliain 2004, an chéad bhliain a tugadh cead do lúthchleasaithe trasinscneacha bheith páirteach sna Cluichí Oilimpeacha, go 2015 bhí orthu fianaise a thabhairt go raibh obráid athraithe inscne déanta acu chomh maith le teiripe hormón. Is fiú cúpla nóiméad a chaitheamh ag léamh faoi chás Kristen Worley chun a léargas a fháil ar cé chomh huafásach is a bhí an seasamh agus na rialacha ag an am. 

In 2015, d’fhoilsigh an IOC cáipéis nua inar fógraíodh go mbeadh cead ag mná trasinscneacha páirt a ghlacadh dá mbeadh leibhéal an téististéaróin níos lú ná 10nm/l ar feadh bliana roimh an gcomórtas agus le linn na tréimhse rannpháirtíochta (i. ní bheadh obráid ag teastáil). Cloistear argóintí go minic i gcoinne na rialacha sin, argóintí atá ag iarraidh an “spórt a chosaint”. Tá a fhios againn go bhfuil bearna mhór idir cumas na bhfear agus cumas na mban (ar an meán) i gcúrsaí aclaíochta – idir 5% agus 40% de réir an spóirt atá i gceist, agus an bhearna is mó i spóirt cosúil le hiompair meáchain.

Ní hé sin a rá nach bhfuil na mná sna Cluichí Oilimpeacha thar a bheith aclaí! Beidh siad níos fearr ná 99% nó níos mó d’fhir an domhian, ach táimid ag caint faoi ghrúpaí ar leith – an 0.01% den chine daonna atá in ann áit a bhaint amach sna Cluichí Oilimpeacha. Agus sna grúpaí sin níl spórt ar bith ann ina bhfuil duine de na mná ar comhchéim leis na fir ó thaobh luais nó láidreachta de. 

An fhadhb is mó i gcás Hubbard ná go mbaineann cuid mhaith den bhearna sin le leibhéal an téististéaróin, ach cuid eile leis na hathruithe a tharlaíonn le linn an chaithreachais – athruithe atá níos buaine agus níos deacra a mhalartú ná leibhéal an hormóin amháin. Ní raibh sé seo soiléir nuair a rinne an IOC a chinneadh im 2015 agus níl sé go hiomlán cinnte go fóill cé chomh mór is atá an tionchar seo, ach de réir na fianaise is déanaí tá buntáistí fadtéarmacha ag mná trasinscneacha a théann trí chaithreachas fireann. Níl a fhios againn an bhfuil na buntáistí sin buan, seans go bhfuil, ach ar a laghad fanann siad níos mó ná an bhliain amháin atá in úsáid ag an IOC.

Tá coimhlint ann, coimhlint idir na daoine a deir nár cheart cead a thabhairt do mhná trasinscneacha páirt a ghlacadh i spórt na mban in aon chor agus iad siúd a deir go bhfuil na cearta pearsanta níos tábhachtaí agus go bhfuil na rialacha atá againn faoi láthair ceart go leor. 

Mar is gnách ar na meáin shóisialta, bhí an dá threibh in adharca a chéile agus bhí cuid mhaith den chomhrá lofa, go háirithe ó dhaoine frith-trans. Ach is cheist chasta í seo agus is léir nach bhfuil aon fhreagra simplí ann — is cuma cad a dhéanfaidh an IOC, ní bheidh gach éinne sásta. 

Ní hé sin a rá nár cheart iarracht a dhéanamh an réiteach is fearr a aimsiú agus cosaint a thabhairt do na lúthchleasaithe. Cuimhnigh ar chás Castor Semanya (cás a bhí difriúil go maith) agus an tslí uafásach inar láimhseáil an IAAF (ag an am, World Athletics anois) léi. Tá dualgas ar an IOC an fhianaise is déanaí atá againn a thomhais agus cinneadh a dhéanamh conas cothromaíocht a fháil idir mná trasinscneacha agus mná cisinscneacha ionas go mbeidh spórt na mban chomh ionchuimsitheach agus chomh cothrom agus is féidir. 

Beidh sé deacair é sin a bhaint amach agus ba cheart a bheith réidh agus solúbtha chun athruithe a dhéanamh má thagann fianaise nua chun solais, i gcás cógais a chuireann bac leis an gcaithreachas mar shampla.

Caithfidh an IOC na rialacha a shoiléiriú mar sin, agus é a dhéanamh go tapa agus go cothrom. Tá meon an phobail ag athrú diaidh ar ndiaidh agus tá daoine agus lúthchleasaithe trasinscneacha níos feiceálaí ná mar a bhí. Beidh ar an IOC, World Athletics agus na heagraíochtaí spóirt go léir aghaidh a thabhairt ar an meon nach bhfuil ann ach dhá inscne agus dhá ghnéas agus gur féidir leo líne ghéar amháin a tharraingt eatarthu. 

An bhfuil sé ródhóchasach, soineanta fiú, bheith ag brath ar eagraíocht a chaith go dona le spórt na mban go ginearálta le fada an lá, agus le lúthchleasaithe trasinscneacha go háirithe? B’fhéidir é. Tá sé curtha ar an méar fhada ag an IOC anois, an cinneadh curtha ar leataobh acu agus iad sásta an dualgas a chur ar ais acu go ceann tamaill ar na heagraíochtaí náisiúnta agus ar eagraíochtaí na spórt aonair. Níl réiteach na ceiste agamsa ar ndóigh, ach tá an comhrá tosnaithe anseo in Aotearoa cheana féin. Thug grúpa ó Ollscoil Otago roinnt roghanna dúinn i bpáipéar a d’fhoilsigh siad i 2019 — cosc iomlán ar lúthchleasaithe trasinscneacha a chur i bhfeidhm, catagóirí nua a bhunú nó córas cise cosúil le galf a thosnú (rogha na dtaighdeoirí). 

Maidir le Hubbard, beidh mé féin agus formhór de mhuintir Aotearoa ag tabhairt tacaíochta di. Is bean chróga mhisniúil í agus is iontach an rud é go bhfuil sí ag seasamh an fhóid ar son grúpa a bhí imeallach agus leochaileach sa tsochaí agus i gcúrsaí aclaíochta go dtí seo. Ní dóigh liom go mbuafaidh sí bonn, ach tabharfaidh sí spreagadh dúinn go léir mar sin féin. Bean a sháraigh na deacrachtaí a bhí ina saol trí spórt- nach é sin scéal na gCluichí Oilimpeacha? Treise léi agus lena huillinn!